Tá lagmhisneach ar an dream óg agus ní athróidh an Buiséad é sin

Is cuma le daoine óga faoi chaiteachas breise nó laghduithe cánach nuair nach bhfuil sé d’acmhainn acu teach a cheannach nó ceann a fháil ar chíos réasúnta

Tá lagmhisneach ar an dream óg agus ní athróidh an Buiséad é sin

Ag tús na seachtaine seo, fógraíodh go bhfuair an billiúnaí Gael-Mheiriceánach Chuck Feeney bás. Fear de bhunadh na hÉireann a rugadh in New Jersey agus an Spealadh Mór i réim, rinne sé a chuid airgid as a chuid siopaí saor ó dhleacht, agus ansin bheartaigh sé a rachmas ar fad a bhronnadh ar charthanachtaí nó a chaitheamh ar infheistíocht phobail. Léirigh leithéidí Bill Gates agus Warren Buffet ómós dó agus dúirt gur laoch ab ea é toisc an méid a rinne sé ar fud na cruinne ar mhaithe leis na cúiseanna is gaire dá chroí.

Ar bhealach, bhí rogha den sórt seo ag an Roinn Airgeadais i mbliana – ó thús na bliana tá an tAire Airgeadais Michael McGrath (an chéad Aire Airgeadais de chuid Fhianna Fáil a d’fhógair an buiséad le 13 bliain) agus an tAire Caiteachais Phoiblí, Paschal Donohoe, ag tabhairt le fios go bhfuil farasbarr ollmhór ag an Stát, mar gheall ar an gcáin chorparáideach go léir atá á híoc linn.

An cá gcaithfí an t-airgead seo, nó an gcaithfí in aon chor é? An leanfaí sampla Chuck Feeney, agus an gcuirfí pacáiste ollmhór ar fáil don phobal i mbliana (rud a chabhróidh le ráta tacaíochta an rialtais, meastar, agus toghchán ar na bacáin?)
Nó an gcuirfí airgead i dtaisce – toisc, mar a deirtear linn i gcónaí – gurb é sin an cinneadh is cáiréisí le déanamh agus an oiread sin éiginnteachta ann faoin todhchaí agus faoin ngeilleagar sna blianta atá amach romhainn?
Ar deireadh, rinne an gobadán iarracht an dá thrá a fhreastal.

Fógraíodh pacáiste caiteachais aon-uaire suntasach, le híocaíochtaí breise cúram leanaí agus leasa shóisialaigh agus creidmheasanna breosla do chách. Tugadh isteach scéimeanna eile – cuirfear leabhair scoile ar fáil do gach dalta ó naíonáin bheaga go dtí an Teastas Sóisearach – agus laghdófar táillí cúram leanaí 25%. Tugadh isteach athruithe chomh maith ar an gcóras cánach – a chiallaíonn go mbeidh €780 sa bhreis in aghaidh na bliana ag an ngnáth-oibrí.
Ach cén glacadh a bheidh ag an bpobal leis seo – go háirithe daoine óga, atá, de réir na bpobalbhreitheanna, ag taobhú le páirtithe an fhreasúra agus ag déanamh beag is fiú d’iarrachtaí an rialtais dul i bhfeidhm orthu?

Rinne Mairéad Farrell ó Shinn Féin, atá ar dhuine de na Teachtaí Dála is óige a toghadh in 2020, cur síos éifeachtach ar na deacrachtaí atá ag an rialtas ar The Week in Politics ar RTÉ an deireadh seachtaine seo caite, agus í ag trácht ar an mbuiséad a bhí le theacht. Dar leis an Teachta Farrell gur léir ó na polasaithe agus na hathruithe atá á bhfógairt nach bhfuil ag éirí leis an rialtas fiú tuiscint a fháil ar fhadhbanna an aosa óig. Is í an tithíocht bun agus barr gach oilc do dhaoine óga na hÉireann, a deir sí. Dúirt sí go raibh formhór daoine óga sa tír fós in aontíos lena dtuismitheoirí agus gur cuma leo faoin ráta cánach, faoi dhul chun cinn san infheistíocht i gcúrsaí timpeallachta, nó faoi lánfhostaíocht a bheith sa tír, mura bhfuil sé d’acmhainn acu teach a cheannach nó, in an-chuid cásanna, cíos réasúnta a fháil.

Tá polaiteoirí an rialtais i ndeireadh na feide leis an bhfadhb seo chomh maith – tá na billiúin á gcaitheamh ag an Stát ar chúrsaí tithíochta, agus scéimeanna nua bunaithe acu le cúpla bliain a chabhraíonn le daoine teach a cheannach den chéad uair. Tá dul chun cinn déanta, dar leo, ó thaobh na spriocanna tithíochta a bhaint amach, agus gach cosúlacht ar an scéal go mbainfear an sprioc amach arís i mbliana. Tá níos mó daoine ag ceannach tí den chéad uair anois ná mar a bhí ó bhí an lag trá eacnamaíochta ann.

Ach go minic, cé go luaitear figiúirí agus eolas beacht, ní théann sin i bhfeidhm ar an bpobal. Ina áit seo, braitheann an-chuid ar mhothúcháin – rud atá deacair a mheas agus níos deacra fós a mhúnlú. Ag labhairt le daoine óga na linne seo, is léir go bhfuil lagmhisneach ar go leor acu faoin eacnamaíocht – agus cúrsaí tithíochta is mó a chuireann imní orthu.
Go dtí go bhfaigheann muid níos mó cuirí chuig cóisirí ceiliúrtha tí ná mar a fhaighimid chuig cóisirí do dhaoine atá ar tí imeacht ar imirce go dtí an Astráil, ní chasfaidh an taoide don rialtas, agus ní éireoidh leis an ngobadán an dá thrá a fhreastal.

Fág freagra ar 'Tá lagmhisneach ar an dream óg agus ní athróidh an Buiséad é sin'