Tá géarchéim tithíochta ann go fóill toisc go n-oireann sé don rialtas

Go stairiúil ní raibh ach an t-aon leigheas ar a leithéid agus is é sin gur thóg an stát féin na mílte teach sóisialta ach is fearr leis an rialtas gan é sin a dhéanamh anois

Tá géarchéim tithíochta ann go fóill toisc go n-oireann sé don rialtas

An fíor, mar a deir an tAire Tithíochta Darragh O’Brien, go ndeachaigh an rialtas i ngleic leis an nganntanas sa soláthar tithíochta a bhí mar thoradh ar dheacrachtaí na paindéime, tionchar an chogaidh ar bhoilsciú, is eile?

Nó an bhfuil na mílte fágtha as an margadh tithíochta is na mílte ag íoc cíos atá ard as cuimse toisc go bhfuil sé mar pholasaí ag an rialtas brath go huile is go hiomlán ar an earnáil phríobháideach?

Má thugann pobalbhreitheanna, san Irish Times is eile, le fios go bhfuil tábhacht na tithíochta ag laghdú in intinn na vótóirí i gcomparáid leis an inimirce, an amhlaidh atá, mar a deir an tAire, toisc go bhfuil dul chun cinn mór ar siúl i gcur i bhfeidhm pholasaí an rialtais?

Deir an freasúra gur bolscaireacht rialtais é a rá go bhfuil dul chun cinn déanta nuair atá bac ar an oiread sin daoine fós ó úinéireacht a dtithe féin.

Agus níl mórán sásaimh ar fáil ag duine as breathnú ar an todhchaí. Má tá daoine ag gearán faoi láthair mar gheall ar na cíosa fíorarda atá á n-íoc acu, nach measa i bhfad a bheidh an scéal nuair a scorann siad ón obair in aois an phinsin? Nuair a bheidh siad taobh le leath den ioncam reatha atá acu ach iad fós ag íoc cíos an mhargaidh?

I litir san Irish Times bhí an tAire Tithíochta ag maíomh go raibh méadú ar líon na dtithe a tógadh ach níor luaigh sé go bhfuil cuid mhaith de na tithe nua seo fós á gceannach ag creach-chomhlachtaí, na comhlachtaí céanna atá taobh thiar den ardú cíosa.

Agus toisc an cíos a bheith chomh hard ní féidir leis na mílte an t-airgead a choigilt le morgáiste a fháil, fiú dá mbeadh morgáistí ar fáil.

Ciorcal an oilc nó fáinne fí atá ann. Go stairiúil ní raibh ach an t-aon leigheas ar a leithéid agus is é sin gur thóg an stát féin na mílte teach sóisialta. Ní hamháin gur thug na scéimeanna sin tithe do dhaoine ar bheagán acmhainne, ach bhrúigh siad síos praghsanna ar an meán. Bua, bua mar a déarfá.

Ach is fearr leis an rialtas gan é sin a dhéanamh anois. Ina ionad, is fearr leis airgead a thabhairt ar láimh go buan i bhfoirm Íocaíocht Cúnaimh Tithíochta (HAP) chun iallach a chur ar an duine is ísle pá dul san iomaíocht sa mhargadh príobháideach cíosa, rud a chuireann praghsanna cíosa chun donais is in airde ar gach cíosaí.

Agus ní dóigh liom go bhfuil mé ag dul thar fóir nuair a deirim go bhfuil an easpa tithíochta seo ag cur go mór leis an nimh a bhaineann anois le cúrsaí inimirce. Tá bréaga ann, sea, ach tá daoine ar buile nuair a fheiceann siad nach féidir lena gclann teach a cheannach mar a rinne siad féin san am a caitheadh.

Agus gan dabht tá roinnt mhaith daoine óga, le cáilíochtaí maithe agus tuarastail mhaithe sa mbaile, ag imeacht as Éirinn toisc nach féidir leo briseadh isteach sa mhargadh tithíochta.

Ní freagra ar a n-imeacht siúd na focail bhreátha ón aire faoi líon na dtithe nua atá á dtógáil.

Sa saol réadúil ní leor an bhréag-chuma dhearfach.

Sé an rud is íorónta ar fad faoi seo ná gur aire de chuid Fhianna Fáil atá ag diúltú páirt lárnach cheannasach a bheith ag an stát i gcúrsaí tithíochta, nuair ba iad Fianna Fáil a chuir tús leis na mórscéimeanna tithíochta poiblí ar fud na tíre, a thug tithe maithe compordacha do na mílte.

Ach ní de thimpiste ar fad atá sé seo ag tarlú.

I rith na seachtaine, tuairiscíodh Clár Leasanna na gComhaltaí sa Dáil is sa Seanad. De réir an chláir sin is úinéirí talún 40% de chomhaltaí Thithe an Oireachtais, agus tiarnaí talún a bhfuil tithe curtha ar cíos acu beagnach 20% díobh. Cuid acu, sea, tá siad ina dtiarnaí de thimpiste: bhí orthu an teach a ligean ar cíos toisc nach raibh sé ar a gcumas an morgáiste a íoc, nó mar sin.

Ach an chuid is mó díobh is daoine a dhein infheistíocht ar mhaithe le hioncam a shaothrú.

I gcás Michael Healy-Rae, tuairiscíodh go raibh 29 teach is gnólacht den chineál sin aige.

Ní nach ionadh go ndíríonn an Dáil a haird an oiread sin ar thiarnaí talún a chosaint, gan srian a chur ar an chíos, agus cead a thabhairt daoine a chur amach as teach nuair a oireann sé.

Tá scannal na gcíosanna fite fuaite le leagan amach na Dála féin.

Fág freagra ar 'Tá géarchéim tithíochta ann go fóill toisc go n-oireann sé don rialtas'

  • Caoimhín MacCionnaith

    Coimhlint leasa ata i gceist leis na Teachtaí Dál. Caidé mar is feidir déileáil leis an fhadbh seo go cothromach. Fréamhann beagnach achan fhadbh eile sa tsochaí as an easpa tithíochta.