Tá an ceoltóir agus scríbhneoir Blindboy Boatclub, Chris Hadfield, an spásaire as Ceanada a sheol tvuít i nGaeilge ón spás agus an bhanríon draig aitheanta Panti Bliss ar na daoine atá ag glacadh páirt i bhfeachtas bolscaireachta nua de chuid TG4 do Bhliain na Gaeilge.
‘Tá Gaeilge Agam’ is teideal don fheachtas fógraíochta atá á reáchtáil ag an stáisiún i gcomhar le Bliain na Gaeilge agus tá na fógraí le feiceáil sna nuachtáin, sna meáin shóisialta agus ag stadanna bus.
Beidh bean Ghaeltachta páirteach san fheachtas chomh maith, Caitlín Nic Aoidh, láithreoir de chuid TG4 féin.
Is é is teachtaireacht ag an bhfeachtas nua ná go bhfuil an Ghaeilge agat agus gur leatsa í is cuma an é an cúpla focal féin atá agat nó Gaeilge líofa.
Má tá cúpla focal agat, tá Gaeilge agat. Is leatsa í. #TáGaeilgeAgam pic.twitter.com/jDwoMgn4KY
— TG4 (@TG4TV) 18 Meitheamh 2018
Chonaic mé é seo agus mé ag siúl abhaile
HUP TEACH GIÚISE ❤❤❤❤ #TáGaeilgeAgam @TG4TV pic.twitter.com/OGnj6mQbUL
— Sinéad Ní Scolaidhe (@gobblefunker) 19 Meitheamh 2018
oh looks!#TáGaeilgeAgam pic.twitter.com/V41MOhFVOi
— seán cathal (@Sean_Cathal) 18 Meitheamh 2018
Beatrice
Tá Gaeilge agam freisin.
uinseann mac thómais
B’fhearr liom an mana “Tá úsáid na Gaeilge agam”. (i.e. níl maitheas ar bith i teanga muna bhfuil úsáid bainte as.