Comhghairdeas le peileadóirí Choláiste Mhuire agus le hiománaithe Choláiste Chiaráin a thug Corn Uí Ógáin chuig an Muileann gCearr agus Corn an Chrócaigh chomh fada le Cill Chainnigh faoi Fhéile Pádraic.
D’fhág an lá a bhí ann nár éirigh liom a fheiceáil ach giotaí de na coimhlintí, ach a bhuíochas do TG4 bhí mé in ann iad a thaifeadadh agus súil a chaitheamh orthu níos deireanaí sa tseachtain.
Tá craobhacha seo na meánscol neadaithe i mo chroí ag na blianta a chaith mé sa gceann is mó ag a bhfuil craobhacha peile buaite ó cuireadh tús leis na comórtais i lár na 1940idí – Coláiste Iarfhlatha Naofa i dTuaim dhá Ghualainn mar a bhí ceadaithe a thabhairt air ag an am. Faoi seo feicim bata agus bóthar a bheith faighte ag na guaillí as an ainm – b’as dhá láthair adhlactha a raibh cruth sin orthu a baisteadh an áit an chéad lá ariamh. Tuigeann sibh faoi seo an col atá agam leis an nós sin.
Rud nach bhfuil curtha ó mhaith buíochas le Dia is ea caighdeán ard na himeartha i gcluichí na meánscoileanna. As na traidisiúin is ársa agus is uaisle sa spórt a eascraíonn sin – iomaíocht ionraic mhacánta nach mbíonn pioc den tsoiniciúlacht ná den tarcaisne ag baint léi de ghnáth.
B’in mar a bhí Dé Máirt nuair a bhuaigh buachaillí an Mhuilinn Chearr an chraobh sa pheil den chéad uair agus Coláiste Chiaráin an iomáint don 26ú huair.
Ba dheacair gan beagán de thrua a bheith agat do Choláiste na Toirbhirte as Baile Átha an Rí a bhfuil an babhta ceannais iomána bainte amach cúig uaire acu ó 2018 agus ar chinn orthu ceachtar acu a bhuachan – ba é an cliseadh is deireanaí seo an 4ú huair ag Coláiste Chiaráin an bua a fháil orthu ar an lá mór.
Anuas air sin, ba ag lads an Eachréidh a bhí an farasbarr de chúilín, sin fós acu agus gan mórán le cois 10 nóiméad fanta. Ach fág ag Cait é. Ba iad ba thréine a chríochnaigh agus chinntigh cúil a scóráil Fionn Mahony agus Dan Carroll a mbua 3-19, 2-16.

Ar bís freisin a bhí an lucht leanta agus an uair a’ chloig istigh i gcluiche ceannais na peile – na foirne ar comhscór. Ansin lena dhorn, chuir Gearóid White Scoil na mBráthar Thrá Lí chun cinn de chúilín. Chuir Finn Higgins Coláiste Mhuire ar comhscór leo agus ní féidir ach bhí a anáil tarraingthe ag an réiteoir go bhfógródh sé breis ama nuair a scóráil Will Cahill an cúilín a thug an bua don Mhuileann gCearr 3-11,1-16 – an chéad uair ariamh acu Corn Uí Ógáin a thabhairt leo abhaile.
Tá tábhacht agus tocht faoi leith ag baint leis an bhfocal deireanach atá agam sa bparagraf deiridh.
Ba ar an Muileann gCearr agus go deimhin i seomraí na scoile a bhuaigh an corn a bhfuil sin ainmnithe ina ómós a chaith sé deireadh a shaoil.
I nGráinseach Mhóicléir i ndeisceart Thiobraid Árann a rugadh Tomás Ó hÓgáin. Trí bliana déag d’aois a bhí sé nuair a chuaigh sé isteach sna Bráithre Críostaí. Cúig bliana dár gcionn lámhach fórsaí na Breataine a dheartháir Micheál i bPáirc an Chrócaigh Domhnach na Fola 1920. Ba dheartháir eile dá chuid, Dan, a d’ardaigh an bhratach thrídhathach os cionn Chaisleán Bhaile Átha Cliath ar an 16 Eanáir 1922.
‘Wilfrid’ a roghnaigh Tomás Ó hÓgáin mar ainm nuair a chuaigh sé faoi mhóid mar bhráthair agus tar éis dó céim eolaíochta a bhaint amach i gColáiste na hOllscoile BÁC chaith sé tamallacha ag teagasc i meánscoileanna de chuid na mBráithre Críostaí i bPort Láirge, i nDurlas Éile, i Mainistir Fhear Maí agus i Rae in Iarthair sa bpríomhchathair.
Ní nach ionadh, poblachtánach go smior ab ea é, Gaeilgeoir líofa agus i 1942 nuair a cuireadh de chúram air a dhul ag teagasc i Scoil na mBráithre ar an Muileann gCearr tháinig alltacht air nuair a facthas dó cé chomh mór in ísle brí a bhí na Cluichí Gaelacha ansiúd.
Baile garastúin ab ea é le 200 bliain roimhe sin agus tionchar dá réir aige sin ar eacnamaíocht, ar chultúr agus ar mheon a dhaonra. Bhí an pheil agus an iománaíocht tite go mór i léig.
Ní mba laistigh de bhallaí na scoile amháin a chuir an Bráthair Ó hÓgáin roimhe sin a athrú. Chuir sé tús agus dlús le sraitheanna sráide do dhaoine óga agus do dhaoine fásta agus leag amach iad ar bhealach a chothódh suim na ndaoine. Chinntigh sé gur thug na nuachtáin áitiúla poiblíocht dóibh agus bhíodh colún seachtainiúil dá chuid ‘With the Gaels of Mullingar’ sa nuachtán an Westmeath Examiner, faoina ainm cleite ‘An Fear Faire’.
Bíodh gasúir nó daoine fásta san iomaíocht, ba ghnách leis an mBráthair Wilfrid a bheith ag sodar suas anuas ar an taobhlíne ina chasóg fhada dhubh, toitín ar a liopa agus é ag sceadach “Go tapaidh…go tapaidh…go tapaidh…”
Ní mba fada go raibh toradh le feiceáil ar a chuid saothair. I 1944, dhá bhliain tar éis d’Ó hÓgáin an baile a bhaint amach bhuaigh an Muileann gCearr Craobh Shinsearach Iomána na hIarmhí i 1944 – an chéad bhua le dhá scór bliain agus chuaigh na peileadóirí chomh fada leis an mbabhta ceannais den chéad uair ariamh, ach gur bhuaigh Cionn Átha Gad orthu de chúpla cúilín.
Chuireadar cic éirice amú ag fíordheireadh na himeartha agus rinneadar achomharc. Scraitheacha a caitheadh leis an té a bhí i mbun ciceála ar uair na cinniúna ba chúis lena chliseadh, a dúirt muintir ain Mhuilinn Chearr. Ainneoin gur thug an Bráthair óráid argóna nach sárófaí san Ardchúirt, theip ar an achomharc.
B’in an gníomh deireanach a rinne Tomás Ó hÓgáin ar son an chumainn. Go gairid ina dhiaidh buaileadh tinn é agus bhásaigh sé ar an 22 Bealtaine 1945 gan an dá scór bliain caite ach ar éigean aige.
Go gairid dár gcionn bhronn Lár-Chomhairle na gColáistí an corn a tháinig ‘abhaile’ an tseachtain seo, ina chuimhne.
Fág freagra ar 'Tá craobhacha seo na meánscol neadaithe i mo chroí le blianta'