Tá cearta tithíochta á gceilt ar mhuintir na Gaeltachta ar mhaithe le Dia beag na turasóireachta

Treascairt i ndiaidh treascartha a bhíonn roimh éinne atá d’iarraidh cead pleanála a fháil do thigh cónaithe sa Ghaeltacht

Tá cearta tithíochta á gceilt ar mhuintir na Gaeltachta ar mhaithe le Dia beag na turasóireachta

Sceithfead rún beag libh inniu a chlann. Bhí tamall ann agus bhí mothall mór gruaige duibhe orm. Ba gheall le hasal an chlúimh mé, nó go deimhin, thabharfá an leabhar go raibh gaol éigin agam le Bob Marley nó Bunny Wailer, agus ríobail ag sileadh síos liom dtí craic mo thóna. Ach, mo léan géar agus m’ochlán, d’imigh san. Ar nós asal an chlúimh, cuireadh bairille púdair thiar lem’ thóin, rud a chuir ag raideadh agus ag pocléimnigh mé. Thosnaíos ag plé le cúrsaí pleanála i gCorca Dhuibhne, agus cuireadh oiread san breoiteachta agus confaidh agus goimhe orm, fágadh chomh maol le gandal nó le hubh mé.

Ní haon rún é go bhfuil fadhbanna bunúsacha agus deacrachtaí fadbhunaithe ag muintir na háite leis an gcóras pleanála, go háirithe iad seo atá d’iarraidh tithe cónaithe a thógaint ar thalamh a muintire. Tánn sibh, is dócha, bréan bailithe bheith ag léamh ailt uaim fé chúrsaí pleanála agus tithíochta fén dtuath in Éirinn, ach caithfear coimeád leis, mar tá an leatrom atá á dhéanamh ar bhunadh óg na tuaithe in Éirinn ar an mbagairt is mó do thodhchaí na tuaithe, na Gaeltachta agus na teanga ar na saolta seo.

Chaithfeá bheith chomh bodhar le slis nó chomh caoch le circ gan scéal Bhreanndáin Uí Bheaglaoich agus cath pleanála Bhaile na bPoc bheith cloiste nó léite agat. Tá trí bliana déag agus clais airgid caite aige d’iarraidh bothán tí a thógaint dó féin ar a phaiste talún féin, ach tá an ceart sin á shéanadh ag na húdaráis phleanála air.

Ach ní ghéillfidh sé, mar feictear dó, agus don bpobal atá ag tacú leis, gur eiseamláir nó mionsamhail atá i dtroid Bhreanndáin, do chath chun bás nó beatha phobal na Gaeltachta. Ní fada leabhar an phinsin ó Bhreanndán, agus is olc mar atá á chaitheamh le duine go bhfuil na cúlfhiacla go maith aige (sarraí a Bhoc), ach is seacht mheasa mar scéal é an tslí atáthar ag caitheamh le bunadh óg na tuaithe fé láthair.

Bhí scéal againn ar an raidió an tseachtain seo d’imigh tharainn fé chás pleanála i gCorca Dhuibhne, agus ar chloistint an scéil dom, bhí oiread sin feirge orm go mba dhóbair dom dul caol díreach síos go Baile na nGall ag triall ar leathghalún fuiscí chun an ghoimh a mhúchadh. (B’fhéidir nárbh fhearra dhom rud do mar go mbeadh fear éigin sínte agam le fiftí de dhorn siúráilte.) Beirt de mhuintir na leithinse, cainteoirí Gaelainne ón gcliabhán, lánúin le hál beag leanbh, atá ag obair sa cheantar agus a bhfuil fréamhacha fada sa phobal acu, go bhfuil cead pleanála á cheilt orthu ar a bpaiste talún féin.

Ní haon scéal nua é sin a deir tú. Ach ar cheann de na cúiseanna gur dhiúltaigh An Bord Pleanála d’achomharc na beirte, dúradh nach raibh sé cruthaithe acu go raibh ‘gá’ acu le tigh san áit áirithe sin, mar nach rabhadar ag obair sa cheantar. Sa tuairisc chigireachta chéanna áfach, deirtear go bhfuilid beirt ag obair sa bhaile is giorra dóibh, atá cúig chiliméadar ó láthair an tí.

’Sé an léamh atá agamsa air sin, ná go gcaithir a bheith ag obair san bhaile fearainn céanna ina bhfuilir d’iarraidh tigh a thógaint, chun cead pleanála a fháil ansan. Tá san áiféiseach ar fad. Éinne go bhfuil aon splinc meabhrach fén spéir acu, tuigeann siad gurb é nádúr na tuaithe in Éirinn ná go bhfuil na postanna ar fad, seachas sa bhfeirmeoireacht, bailithe isteach sna bailtíocha. Tóg Dún Chaoin mar shampla; níl ach beirt nó triúr ann, seachas na feirmeoirí, go bhfuil post lánaimseartha acu sa pharóiste féin. Tá an chuid eile againn ag obair i bparóistí eile. An bhfágann san nár cheart domsa ná dom’ leithéid bheith ag lorg tí inár bpaiste dúchais? Ar chóir domsa bheith ag maireachtaint i mBaile na nGall?

Cá bhfágann san an dá scór leanbh atá i Scoil Dhún Chaoin fé láthair? An dtabharfar deis don ndeichiú cuid acusan maireachtaint ina n-áit dhúchais, nuair a bheidh siad fásta, más é sin atá uathu? An mbeidh duine ná daonnaí fágtha sa pharóiste a thabharfadh turas an teampaill dúinn?

Is deacair gan géilleadh den dtuairim go bhfuil uirbiú á dhéanamh de réir a chéile ar na ceantair thuaithe. Seachas bheith d’iarraidh cabhrú le daoine cur fúthu ina bparóistí féin, rud a chinnteoidh todhchaí theaspúil do na pobail sin, treascairt i ndiaidh treascartha a bhíonn roimh éinne atá d’iarraidh cead pleanála a fháil do thigh cónaithe fén dtuath. Is domhain é poll an amhrais, agus tabhair Tomás orm más maith leat, ach tá drochamhras orm gurb é mian na bpleanálaithe go mbeidh gach Duibhneach ag maireachtaint istigh sa Daingean agus nach mbeadh laistiar nó lastoir den mbaile ach áiteanna deasa chun dul ar do Sunday Drive.

Is deacair gan géilleadh chomh maith do thuairim Jackie Healy-Rae fadó, nuair a dúirt sé nach mbeadh fén dtuath in Éirinn sara i bhfad ach páirc náisiúnta mhór amháin. Tá dealú á dhéanamh ar na fianna i bpáirc náisiúnta Chill Airne fé láthair, agus thabharfá an leabhar go bhfuil an dála céanna á dhéanamh ar phobail na tuaithe, ach gur rialacháin phleanála atá á marú seachas piléir.

Éinne a déarfadh nach bhfuil ‘gá’ ag duine le tigh ina áit dhúchais, mura bhfuil sé ag obair i ngiorracht urchar méaróige don áit sin, ní thuigeann siad saol na tuaithe in aon chor.

Pé áit de cheithre cneasa an domhain dá rachfá, ní dóigh liom go bhfaighfeá sampla níos measa d’údarás ag loic ar a ndualgais bhunúsacha dos na daoine atá ag brath orthu.

Le linn ré na dtiarnaí talún agus a bprócadóirí, glanadh an baile áirithe seo ina bhfuil ár lánúin óg d’iarraidh tigh a thógaint. Cuireadh na daoine amach ar an mbóthar mar gur mó airgead a bhí le déanamh ag sliocht Chromail as stoc ná as daoine. Tá an glanadh céanna á dhéanamh ar na bailte fearainn agus ar na paróistí tuaithe in Éirinn ag na húdaráis áitiúla ar na saolta seo, agus fuil le glúine na gcomhairlí contae agus iad ag adhradh Dhia beag na turasóireachta. Tá cearta tithíochta á gceilt ar dhaoine áitiúla, ar eagla na heagla go gcuirfeadh tigh cónaithe isteach orthu agus iad ar a gcamchuairt timpeall na leithinse.

Bíonn sé de nath coitianta ag seanduine Bhaile na bPoc go dtiocfaidh an lá go mbeidh an tÉireannach ag gol ar uaigh an tSasanaigh.

B’fhéidir go bhfuil an lá sin buailte linn.

Fág freagra ar 'Tá cearta tithíochta á gceilt ar mhuintir na Gaeltachta ar mhaithe le Dia beag na turasóireachta'

  • Róisín Ni Dhúshláine

    Ana-mhaith a Dháithí. É ráite agat! Náireach….