Tá an UDA i mbun earcaíochta arís, ach cad a dhéanfaidh an PSNI faoi?

Is léir go bhfuil rún ag an UDA treisiú ar an bhforéigean agus ní léir go bhfuil an PSNI ábalta don dúshlán

UDA_pic

Oíche Dé hAoine seo caite rinne paráid i ndeisceart Bhéal Feirste ceiliúradh ar an UDA, an eagraíocht pharaimíleatach Dhílseach. Crochadh bratacha UDA agus UFF – an t-ainm a bhíodh in úsáid ag an UDA chun dúnmharuithe a admháil    ar chuaillí feadh na slí ar Bhóthar Ormeau agus leagadh bláthfhleasc ag leacht cuimhneacháin in onóir do bheirt chomhalta den UDA a maraíodh bliain is fiche ó shin.

Cén dochar, a deir tú, níl ann ach geaitsíocht. Ar an gcéad dul síos, is eagraíocht thoirmeasctha é an UDA cé gur beag a shílfeá é. Sáraíodh rialacha Choimisiún na bParáidí a chuir bac ar éide agus taispeántais pharaimíleata; ghoill sé ar áitritheoirí sa cheantar measctha agus mhaígh go leor gur imeaglú a bhí ar bun. Thairis sin, tharla an eachtra seo tráth a bhfuil an UDA nó eití de gníomhach i gceantair eile agus ag earcaíocht go hoscailte.

Beifear ag faire go géar ar an PSNI féachaint cé mar a láimhseálfaidh siad an sárú ar rialacha Choimisiun na bParáidí ach is mionrud é sin i gcomparáid le laige na bpóilíní i bhfianaise thaispeántais nirt an UDA. ‘Cumann oidhreachta’ logánta a d’eagraigh an mháirseáil ar Bhóthar Ormeau. Faoi thús na seachtaine seo, ba chosúil nach raibh duine ar bith freagrach as ceiliúradh an UDA – ní nach ionadh.

Níl aon ainm ar an bhfógra earcaíochta a cuireadh in airde i gCúl Raithin ach an oiread (féach pictiúr), ach níl amhras ar bith ach gurb é an UDA atá taobh thiar de. Is é ‘Quis separabit’ mana an UDA agus teastaíonn baill uathu chun ionsaithe píonóis nó diansmachtú a dhéanamh ar ‘mhangairí drugaí, ropairí agus péidifíligh’.

Cotháinn a leithéid seo baol ainrialtachta, dar leis an SDLP agus an UUP. D’éiligh Teachta Tionóil an SDLP i nDoire Thoir, John Dallat ar an PSNI gníomhú go práinneach chun déileáil leis an gcontúirt. D’éiligh comhairleoir ón UUP i gCúl Raithin, William McCandless, barántas ón PSNI go gceannsófaí na paraimíleataigh a bhí ag scrios a bpobail féin.

Maítear gurb iad an UDA a bhí freagrach as sraith ionsaithe píonóis, fuadach agus imeaglú sa cheantar agus as Brian McIlhagga a mharú i mBaile Monaidh ag tús na bliana seo. Is cosúil ón bhfeachtas earcaíochta seo go bhfuil rún acu treisiú ar an bhforéigean.

Údar mór imní é, a deir an Teachta Dallat, a cheistigh cumas na bpóilíní chun déileáil leis an bhfadhb. Bhí Dallat amhrasach faoi gheallúint an PSNI go raibh an tseirbhís in acmhainn a dhul i ngleic leis an mbagairt. Níor mhór tabhairt fúthu le neart, ar sé, mar is léir go bhfuil siad ag déanamh imeaglú ar an bpobal agus gur cuma sa tsioc leo faoi riail an dlí.

Seans go bhfuil údar acu a bheith chomh neamhbhuartha sin faoin dlí. Liosta le háireamh iad na hócáidí i gcaitheamh an tsamhraidh ar cuireadh bratacha neamhdhleathacha in airde agus nár déanadh tada faoi.

Bhí daoine an-chorraithe mí ó shin nuair a crochadh an swastika in éindí le bratach na Ríochta Aontaithe agus suaitheantais eile sna seachtainí roimh mhairseáil bhliantúil na nOráisteach ar an 12 Iúil. Díol suntais ab ea é nár thug polaiteoirí aontachtacha aird ar bith ar na bratacha eile a bhí crochta ag an láthair sin i gCarraig Fhearghusa. Bhí an ceantar plúchta le bratacha an UDA/UFF agus an UVF, chomh maith le bratach an Aontais.

Bhain daoine áitiúla an swastika anuas ach níor dhrann éinne, an PSNI san áireamh, le suaitheantais na bparaimíleatach. In oirthear Bhéal Feirste, baill de chumann sacair a bhain anuas bratach na Cónaidhme (i bhfabhar na sclábhaíochta i Meiriceá) a crochadh ar theach ina bhfuil cónaí ar theaghlach den chine gorm. B’é freagra na bpóilíní go dtéann siad i gcomhairle le ‘ceannairí áitiúla’ faoi bhratacha agus suaitheantais le theacht ar chomhréiteach.

Arís, nuair a bhí sochraid pharaimíleatach ag an INLA do mháthair stailceoir ocrais le déanaí, bhí na póilíní ‘ag faire’ agus ‘b’fhéidir’ go gcúiseofar daoine.

Ar ndóigh, níl an chontúirt chéanna ag baint le taispeántais agus bratacha is atá le feachtas earcaíochta d’eagraíocht mhídhleathach. Ní chothaíonn éagumas an PSNI i dtaca le bratacha muinín ina gcur chuige maidir le tabhairt faoi iompar níos dáinséaraí fós, áfach.

Fág freagra ar 'Tá an UDA i mbun earcaíochta arís, ach cad a dhéanfaidh an PSNI faoi?'