Tá an scoil sa mbaile ar an rud is éasca ar domhan…

Ní haon obair chrua ar chor ar bith an scolaíocht sa mbaile, má tá misneach agat…agus seacláid…agus seomra práinne…agus…

Tá an scoil sa mbaile ar an rud is éasca ar domhan…

Ní thuigim cén fáth a mbeadh aon duine ag tabhairt amach faoin scolaíocht sa mbaile.

Is é an rud is éasca ar domhan é.

Níl uait ach foighid dháiríre. Foighid, agus domhainanálú. 

Cabhraíonn stór rúnda barraí seacláide freisin.  Rescue remedy… agus mholfainn seomra práinne ina mbeadh piliúir nó duvet de chineál éigin eile greamaithe ar na ballaí sa gcaoi is go mbeidh tú in ann uaill phéine a chur asat is nach gcloisfeadh na gasúir ná na comharsana thú.

Ar luaigh mé misneach?  Nó, má tá do chuid misnigh caite, ní mór a bheith in ann cuma an mhisnigh a chur ort féin.

Cén bhrí, ach ní dhéanann muid mórán obair scoile ar aon chaoi. Thart ar fiche nóiméad sa ló, nó mar sin.

Ní raibh rang na maidine ag dul go maith Dé Luain.

‘An dtabharfaidh tú cúnamh dom leis an gceist seo, Mamaí?’ a d’iarr Beainín na Naíonáin Bheaga orm. 

Ag tús an lae, bím lán de bhrí is d’fhuinneamh. ‘Ok,’ a deir mé, ‘taispeáin dom an cheist’. Shín sí an leabhar chugam.

Thosaigh mé ag léamh amach na ceiste go deas réidh. ‘Ok, só má tá an bus tointeála in ann sé dhuine dhéag a thógáil ar gach turas agus…’ 

‘Cén bus?’ a d’fhiafraigh Beainín na Naíonáin Bheaga díom agus í ag méanfach. 

Ní raibh muid ach tosaithe ar an mata agus bhí cúig cheist fágtha. D’airigh mé mo mhisneach ag trá cheana féin. 

‘Bus tointeála,’ a deir mé. 

‘Céard?’ a d’fhiafraigh sí le hiontas. 

‘Bus a bheadh ag dul anonn is anall, is dóigh,’ a mhínigh mé. 

Luigh sí trasna ar na leabhair a bhí leagtha amach againn ar bhord na cistine. ‘Cén fáth a mbeadh aon duine ag iarraidh a ghabháil ar bhus a bheadh ag imeacht anonn is anall?’ a d’fhiafraigh sí díom ansin. 

‘Bhuel, ní anonn is anall a théann sé dháiríre, ach ó háit amháin go háit eile agus ar ais idir an dá áit ar feadh an lae,’ a dúirt mé is gan mórán fonn orm aon chaint eile a dhéanamh faoin mbus samhailteach seo ón gceist mhata. 

‘Déan dearmad ar an mbus,’ a dúirt mé, ‘cuimhnigh ar na huimhreacha, faigh do pheann luaidhe, maith an cailín, agus léigh amach an chuid eile den cheist.’ 

D’airigh mé an fhuil ag preabadh idir mo dhá shúil. ‘An léifidh tú amach an chuid eile dom, Mamaí?’ a d’fhiafraigh sí díom go truamhéalach agus thosaigh ag breathnú amach an fhuinneog agus an chuma uirthi go raibh sí imithe ar thuras aislinge i bhfad ón gcistineach agus ón mbus tointeála samhailteach. 

Faraor nach raibh mé imithe freisin. 

Tharraing mé an leabhar anall. ‘Ók, bí ag éisteacht mar sin,’ agus thosaigh mé ag léamh amach an chuid eile den cheist. ‘Tá beirt daoine fásta agus beirt pháistí i dteaghlach amháin.’ 

‘Ní hin é an chaoi a ndeireann tú ‘teaghlach’ Mamaí,’ a dúirt sí. 

‘Is ea,’ a dúirt mé. 

‘Deireann tú ‘téigh-lach’ ní ‘tea-lach’.’ 

Thosaigh mé ag cuimhneamh siar ar mo shaol. An raibh peaca mór déanta agam ar dhuine éigin i ngan fhios dom féin is an raibh mé ag íoc anois as? 

Shíl mé go raibh mé réasúnta sibhialta le chuile dhuine a casadh orm. 

Rith sé liom ansin go mb’fhéidir go ndearna mé peaca mór i saol éigin eile a chaith mé roimhe seo is go bhfuil mé ag íoc anois as. Sin é, is dóigh.

Fág freagra ar 'Tá an scoil sa mbaile ar an rud is éasca ar domhan…'

  • Niall na Naoi bPiontaí

    Maith maith mar scéilín 7 mar scríbheoireacht – mar is nós. Is maith is cuimhin liom féin a bheith ag breithniú amach an fhuinneog 7 mé ar scoil!