D’iarr Zara agus Ali orm aird a tharraingt ar an méid atá ag tarlú san Iaráin, a dtír dhúchais, faoi láthair mar go bhfuil an t-idirlíon blocáilte ansin agus tá imní orthu mura gclúdaítear an scéal nach mbeidh an domhan ar an eolas faoi.
D’iarr Zara orm gan a bhfíorainmneacha a úsáid ar mhaithe le bheith cúramach. “Má mhaireann an réimeas seo d’fhéadfadh siad rud ar bith a dhéanamh.” Nuair a bhí mé ag caint leo bhí tuairiscí ann faoi na scórtha a bheith maraithe ach faoin gcéad lá eile agus an t-alt á scríobh agam bhíothas ag tuairisciú go raibh na céadta léirsitheoirí maraithe.
Is lánúin óg ó Tehran a bhfuil céimeanna dochtúireachta bainte amach acu iad Zara agus Ali ach ar nós fhormhór a gcairde ollscoile tá an Iaráin fágtha acu ar mhaithe le fostaíocht.
Deir Ali go bhfuil siad fós mar chuid de phobal na hIaráine agus gur mian leo tacú lena muintir. “Faraor, ní féidir linn a bheith ann go fisiciúil. Dá mbeimis ann is dócha go mbeadh muid páirteach sna hagóidí, ach faoi láthair, is é seo an rud is lú is féidir linn a dhéanamh, le do chabhair.”
Tá siad, dar ndóigh, imníoch faoina muintir agus a gcairde sa bhaile. Agus é seo á scríobh, ní raibh aon teagmháil ag Zara lena muintir le trí lá anuas. “Táim ag déanamh imní an t-am ar fad faoi an bhfuil gach duine ceart go leor.”
Deir Ali go mothaíonn na léirsithe seo difriúil ó léirsithe a tharla roimhe seo ar nós na léirsithe in 2022-2023 a lean bás Mahsa Amini ar ghabh póilíní na moráltachta í as ucht gan a cloigeann a chlúdach de réir an dlí.
“Bhí a fhios agat roimhe seo go raibh siad chun an bua a bheith acu – nach raibh ann ach ceist ama. Ach, is dóigh liom, fiú an lucht slándála, tuigeann siad go bhfuil sé seo difriúil, agus go mb’fhéidir gurb é seo an uair dheireanach go mbeidh daoine ag ágóidíocht i gcoinne an réimis seo.” Cuid den chúis go gcreideann sé go bhfuil sé difriúil an uair seo ná go mbaineann na hagóidí le fulaingt eacnamúil agus go bhfuil an pobal aontaithe i gcoinne an rialtais mar gheall air sin.
Aontaíonn Zara leis seo: “Gach duine a labhraíonn muidne leo, ní mian leo go mairfeadh an réimeas. Glacaim leis go bhfuil daoine ar thaobh an rialtais, b’fhéidir daoine i gcorp-Gharda na Réabhlóide Ioslamaí, gur mian leo go mairfeadh sé.”
Deir Ali áfach go bhfuil roinnt daoine amhrasach mar go bhfuil siad éiginnte faoi cad a thiocfaidh in áit an réimis. Ní maith le Ali go pearsanta mac an Shah, Reza Pahlavi, atá ina chónaí i Meiriceá agus atá ag iarraidh filleadh ar an Iaráin chun ceannas a ghlacadh ach bheadh sé sásta glacadh leis mar shocrú eatramhach. “Bheadh dream ar bith níos fearr ná an Phoblacht Ioslamach mar tá an Phoblacht Ioslamach ag scriosadh rudaí. Mar sin dá mbeadh duine againn nach mbeadh rudaí á scriosadh acu, nach céim chun tosaigh a bheadh ansin?”
Deir sé go gcreideann formhór na ndaoine gur céim chun tosaigh a bheidh i pé duine a thiocfaidh chun cinn mar gheall ar an réabhlóid. Deir Zara go bhfuil daoine ag rá: “Ná smaoinímis faoi seo anois díreach. Bímis aontaithe faoi go bhfuil muid ag iarraidh fáil réidh leis an réimeas agus ansin, nuair a bheidh siad imithe, is féidir linn smaoineamh faoin gcéad rialtas eile.”
Tá bagairt déanta ag Donald Trump i gcoinne réimeas na hIaráine go n-úsáidfidh sé an lámh láidir ina gcoinne má thosaíonn siad ag marú léirsitheoirí. Tá Zara idir dhá chomhairle faoi seo.
“Tá dóchas éigin tugtha aige do dhaoine sa bhaile go mb’fhéidir go dtacóidh duine éigin leo ach níl a fhios agam an féidir linn muinín a chur ann.” Tá Ali den tuairim, áfach, gur drochrud é idirghabháil Trump mar gur bhfuil an baol ann go bhfuil sé ag spreagadh daoine le bheith níos foréigní agus iad féin a chur i mbaol agus mar gur gnó do mhuintir na hIaráine é a saoirse a bhaint amach. “Na daoine atá ag léirsiú go fisiciúil sa bhaile, is acu siúd atá an ceart rogha a dhéanamh faoi cad is gá a athrú agus conas is gá dó athrú. Agus an chuid eile againn, fiú Iaránaigh atá ina gcónaí lasmuigh den Iaráin, cé go bhfuil gaol againn fós leis an Iaráin, níl na cearta iomlána céanna againn is atá ag daoine ansin.”
Tá an Ayatollah Ali Khamenei ag maíomh go bhfuil na léirsitheoirí á ngríosú ag Meiriceá agus go bhfuil siad ag obair ar son dreamanna eachtrannacha. Deir Ali go bhfuil bunús áirithe leis sin agus gur dócha nach mbeadh daoine tar éis foirgnimh an rialtais a ionsaí murach go ndúirt Trump go dtacódh sé leo, ach deir sé den chuid is mó go mbaineann na hagóidí leis an bhfulaingt eacnamúil agus mar nach bhfuil aon dóchas ag daoine gur féidir teacht slán uaidh sin. “Tá sé 1% fíor go bhfuil na léirsithe níos measa mar gheall ar idirghabháil eachtrannach ach tá sé 99% mícheart.”
Cuirim ceist orthu an dóigh leo go gclisfidh ar an réimeas go tobann nó an troid fhuilteach a bheidh ann go dtí an deireadh? Deir Ali: “Nuair a tharla an réabhlóid dheireanach i 1979 chlis an réimeas go tapa mar go raibh daoine ábalta teitheadh go dtí an tIarthar. Bhí a fhios acu dá dtitfeadh an rialtas go bhféadfadh siad teitheadh go Sasana nó Meiriceá nó an tSualainn agus áiteanna eile.
Bhíodar saibhir agus bhí go leor nascanna acu leis an Iarthar.” Deir sé go bhfuil b’fhéidir 1,000 duine gar don rialtas reatha a bhfuil na pribhléidí sin acu. “Is dócha go bhfuil réadmhaoin ceannaithe acu i gCeanada nó i Sasana agus go mbogfaidh siad chuig na tíortha sin. Ach na daoine atá ag cur daoine faoi chois anois, ní daoine iad a bhfuil fabhar acu, ní daoine saibhre iad. Tugtar postanna ar phá íseal dóibh chun an obair sin a dhéanamh. Agus ní dóigh liom go dteithfidh siad. Mar sin, murab ionann agus leathchéad bliain ó shin, measaim go bhfuil an rialtas seo chun troid go dtí an braon fola deireanach. Measaim go mbeidh coimhlint thromchúiseach idir an dá thaobh seo go dtí go mbeidh bua iomlán ag taobh amháin ar an taobh eile.”
Seán De Bláca
Eolas agus tuairimíocht faoi scéal conspóideach idirnáisiúnta i Tuairisc bunaithe ar labhairt le daoine ón tír féin seachas ar thuairimíocht gan bhunús. Cén Ghaeilge atá ar ‘It will never catch on?’.