‘Tá an iomarca á éileamh ar imreoirí óga ach tá ár ndícheall á dhéanamh againn dóibh’ – Fitzmaurice

Deir bainisteoir Chiarraí go mbíonn an iomarca cluichí á n-imirt ag imreoirí óga agus go bhfuil iarracht déanta ag lucht bainistíochta na Ríochta an t-ualach sin a laghdú

‘Tá an iomarca á éileamh ar imreoirí óga ach tá ár ndícheall á dhéanamh againn dóibh’ – Fitzmaurice

Bainisteoir Chiarraí, Éamonn Fitzmaurice. INPHO/Cathal Noonan

Aontaíonn bainisteoir peile Chiarraí Éamonn Fitzmaurice go bhfuil an iomarca á éileamh ar imreoirí óga idirchontae na laethanta seo ach, agus gortú bainte de David Clifford agus é ag imirt do Chiarraí an tseachtain seo caite, deir Fitzmaurice go bhfuil gach rud gur féidir a dhéanamh chun gortuithe a sheachaint á dhéanamh acu.

Bhí conspóid ann nuair a gortaíodh Clifford agus é ag imirt in aghaidh Mhaigh Eo sa tsraith Dé Sathairn seo caite. Ba é sin an tríú cluiche a d’imir Clifford taobh istigh de sheachtain agus é gafa leis an bhfoireann idirchontae agus lena choláiste, Institiúid Teicneolaíochta Thrá Lí.

Ag labhairt dó ar An tSraith Náisiúnta ar Raidió na Gaeltachta aréir, dúirt Fitzmaurice, go raibh súil ghéar á coinneáil ar an tosach óg ó thús na sraithe, mar a dhéantar le gach imreoir. Dúirt sé go mbíonn an iomarca cluichí á n-imirt ag imreoirí óga agus go bhfuil iarracht déanta cheana féin ag lucht bainistíochta Chiarraí an t-ualach sin a laghdú.

“Níl aon dabht ach nach bhfuil an sceideal oiriúnach d’imreoirí óga ag an am seo den bhliain. An chéad rud linne i gcónaí, bíonn muid ag iarraidh aire a thabhairt do na leaideanna ach tarlaíonn gortuithe,” a dúirt FItzmaurice, agus é ag labhairt ar RTÉ Raidió na Gaeltachta aréir.

“Ceann de na cúiseanna nár imríomar i gcomórtas Chorn Mhic Craith ná chun a dhéanamh cinnte nach raibh tuilleadh cluichí againn. Chailleamar, b’fhéidir, trí chluiche ansin chun a chinntiú nach raibh an t-ualach rómhór do na leaideanna.

“Le David Clifford, bhaineamar don ghort é i gCill Airne [sa chéad bhabhta] tar éis daichead nóiméad nó mar sin agus bhí daoine ag gearán faoi sin ina dhiaidh. An fáth go rabhamar á dhéanamh sin ná chun aire a thabhairt dó, mar go raibh a fhios againn go raibh seachtain ghnóthach aige,” a mhínigh Fitzmaurice.

“Tá an méid sin uirlisí anois ann… chun faire ar na himreoirí chun déanamh cinnte go bhfuil súil á choimeád ar an ualach sin. Rinneamar é sin ach tharla an gortú ar an Satharn, ní raibh muid sásta leis.

“Bhí sé ait gur tharla an rud céanna le Ger Cafferkey, an duine a bhí á mharcáil, agus ní raibh aon chluiche Sigerson aige sin. B’fhéidir nach dtuigeann daoine cé chomh trom agus a bhí an gort ach i gcónaí, nuair a tharlaíonn gortú mar sin, bíonn díomá ar gach duine,” a dúirt Fitzmaurice.

“Níor chuireas riamh imreoir gortaithe ar an ngort agus nílim chun é sin a dhéanamh. Beidh David ar ais go luath, níl ach rud beag i gceist só nílimid róbhuartha faoi.”

Mhol Fitzmaurice an dul chun cinn atá déanta ag imreoirí óga na Ríochta le cúpla bliain anuas ach d’aontaigh sé go gcaithfidh Ciarraí feabhas a chur ar chúrsaí smachta. Cuireadh beirt den pháirc in aghaidh Mhaigh Eo agus tá 1-14 géillte acu ó chiceanna éirice agus ó chiceanna saora go dtí seo sa tsraith.

“Fiú amháin roimis an gcluiche i gcoinne Mhaigh Eo, bhí muid ag déanamh tagairt siar go dtí an cluiche i dTrá Lí anuraidh, nuair a fuair Cillian O’Connor naoi gcúilín ó chiceanna saora.  B’in é an difríocht an oíche sin agus bhí muid ag iarraidh feabhas a chur ar an disciplín Dé Sathairn seo caite, creid é nó ná creid,” a dúirt Fitzmaurice.

“Caithfimid oibriú air sin arís mar nuair atá tú ag imirt i gcoinne foirne a bhfuil duine acu atá ábalta na ciceanna saora a chur thar an trasnán, ní déanann sé ciall in aon chor a bheith ag déanamh calaois agus ansin bíonn tú i dtrioblóid le cártaí agus daoine ag imeacht den ghort agus mar sin de. Caithfear a bheith an-chúramach leis sin. Tá feabhas mór le cur againn ar na rudaí sin ach tá súil agam go mbeidh feabhas le feiceáil i gcoinne Mhuineacháin”

Fág freagra ar '‘Tá an iomarca á éileamh ar imreoirí óga ach tá ár ndícheall á dhéanamh againn dóibh’ – Fitzmaurice'