Tá an idirbheartaíocht maidir leis an mBreatimeacht in aimhréidh, ach níl tada le rá ag polaiteoirí s’againne

Is beag dul chun cinn atá déanta go fóill sna cainteanna idir an Bhreatain agus an tAontas Eorpach faoin Breatimeacht ach maireann dóchas pholaiteoirí na tíre seo nach bhfuil sa scéal ar fad ach seachmall

Tá an idirbheartaíocht maidir leis an mBreatimeacht in aimhréidh, ach níl tada le rá ag polaiteoirí s’againne

Is cosúil nach bhfuil aon dul chun cinn déanta go fóill sna cainteanna idir an Bhreatain agus an tAontas Eorpach faoin Breatimeacht, agus is cosúil freisin nach mbeidh siad ag dul ar aghaidh go dtí céim a dó faoi lár mhí Dheireadh Fómhair mar a bhí beartaithe.

Mar sin féin tá tráchtairí Éireannacha ag cur fáilte as cuimse roimh an mbeagán a bhí le rá ag David Davis na Breataine agus ag Michel Barnier an Aontais faoin ‘comhrá fiúntach’ a bhí acu maidir le cúrsaí na hÉireann.

Níor míníodh cad a bhí ‘fiúntach’, ach is dócha go ndúirt na Sasanaigh arís eile nach dteastaíonn uathu cur isteach ar shaoirse ghluaiseachta idir Éirinn agus an Bhreatain, is go leanfaidh siad leis an gcomhoibriú trasteorann i dtaobh chúrsaí sláinte is eile.

Is breá sin gan dabht, ach ní rud nua é sa mhéad is go bhfuil sé á rá ag na Sasanaigh ó cuireadh tús leis an bpróiseas i ndiaidh an Reifrinn.

Taobh amuigh de sin bhí caint naimhdeach ar siúl ag an mbeirt faoina chéile i dtaobh gach ábhar eile – an méid airgid atá dlite don Aontas ón mBreatain i ndiaidh an Bhreatimeachta, cearta saoránaigh na hEorpa sa mBreatain agus socruithe trádála trasteorann.

Go deimhin, tá tuairimí éagsúla ann faoi na cúrsaí seo.

Tá an tAontas Eorpach ag diúltú labhairt faoi shocruithe trádála i ndiaidh an Bhreatimeachta go dtí go mbeidh réiteach ar na trí cheist eile – fiacha atá le híoc don Aontas, cearta saoránach is cúrsaí na hÉireann.

Ach tá baint an-mhór ar fad ag fadhbanna na teorann in Éirinn le cúrsaí trádála. Go dtí go mbeidh a fhios againn ar fad cén socrú trádála a bheas ag an mBreatain leis an Aontas ní féidir linn bheith cinnte faoi na socruithe a bhainfeadh leis an teorainn: cearta maidir le daoine, earraí agus eallach den uile chineál a aistriú.

Tá moltaí curtha ar aghaidh ag na Sasanaigh faoi na cúrsaí seo, ach deir an tAontas nach leor iad, cé nach bhfuil a gcuid moltaí féin foilsithe acu.

Tá sé deacair mórán difir a fheiceáil idir roinnt de na moltaí sin agus na héilimh a bhí ag rialtas Bhaile Átha Cliath, ach níl an rialtas sásta brú poiblí a chur ar lucht an Aontais faoi seo, agus tá amhras orm nach bhfuil a leithéid ar siúl acu go príobháideach ach an oiread.

Ar deireadh thiar tá siad ann nach gcuirfidh briseadh sna cainteanna isteach orthu, ach is é leas na hÉireann go mbeadh socrú ann nach gcuirfeadh srian mór ar thrádáil na tíre seo leis an mBreatain.

Faraor, níl aon chomhartha ann, in ainneoin na cainte ar fad faoi riachtanas ar leith na tíre seo, go bhfuil an tAontas oscailte d’aon chomhghéilleadh a bheadh riachtanach dúinn.

Go deimhin, feictear domsa go bhfuil an tAontas ag baint leas as fadhb na hÉireann le teacht aniar aduaidh ar na Sasanaigh.

Mhínigh tráchtaire an Financial Times, Wolfgang Munchau, go bhfuil baol mór ann go spreagfadh Breatimeacht tíortha eile, ar nós na Polainne is na hUngáire, sampla Shasana a leanúint má fheictear dóibh nach gcuirfidh sé as don eacnamaíochta.

Deir seisean go mbeidh tábhacht níos mó leis an scéal seo ó thaobh na polaitíochta ná ó thaobh na trádála sa bhfadtéarma.

Ba chuma sin, ar ndóigh, ach amháin gur muide is mó a bheas thíos leis mar tá i bhfad níos mó le cailliúint againne má bhíonn briseadh eacnamaíochta le Sasana ann agus má bhrúitear teorainn chrua orainn.

Is measa ár gcuid deacrachtaí ar ndóigh toisc nach bhfuil aon díospóireacht phoiblí ann faoi na roghanna a d’oirfeadh dúinn mar réiteach críochnúil. Is minic go ndeir tráchtairí nach bhfuil a fhios ag na Sasanaigh céard atá uathu, ach níl muide ag míniú céard atá uainn ach an oiread.

Cinnte is léir nach dteastaíonn ó na fórsaí is láidre sa stát go n-imeodh an Bhreatain ar chor ar bith. Tá súil acu, má dhéantar ródheacair é don Bhreatain socrú trádála a dhéanamh nach mbeidh aon rogha acu ach dul siar ar a gcinneadh agus fanacht san Aontas Custaim agus sa Mhargadh Aonair.

Seachrán é seo, mar a léiríodh nuair a tháinig athrú beag ar pholasaí Pháirtí Lucht Oibre na Breataine faoin scéal.

Tá rialtas Westminster, fiú an tAire Trádála Liam Fox ar Breatimeachtóir go smior é, ag glacadh leis go mbeadh sé níos fearr dóibh idirthréimhse dhá bhliain a bheith acu tar éis dóibh imeacht as an Aontas.  Deir Páirtí an Lucht Oibre go mb’fhéidir go mbeadh tréimhse ceithre bliana níos fearr.

Agus bunaithe ar an difríocht bheag polasaí sin, tá dóchas arís ag polaiteoirí an stáit seo go mb’fhéidir go gcuirfí an Breatimeacht ar ceal.

San idirlinn, níl ag éirí go maith leis na cainteanna, agus níl tada le rá againne fúthu.

Cén fiúntas, mar sin, a bhain leis na cainteanna mar sin don tír seo?

Fág freagra ar 'Tá an idirbheartaíocht maidir leis an mBreatimeacht in aimhréidh, ach níl tada le rá ag polaiteoirí s’againne'

  • Éadóchasach

    Tá ré an lae inné thart, agus níl a fhios ag éinne cén cuma a bheidh ar ré an lae amáireach. Anuas air sin, feictear dom go bhfuil cúpla rud maidir leis an lá inniubh nach bhfuil ar eolas ag údar an ailt seo. B’fhéidir gur mhaith leis go míneoinn iad dó?

    (1) ‘[N]íl an rialtas [.i. rialtas na hÉireann] sásta brú poiblí a chur ar lucht an Aontais…agus tá amhras orm nach bhfuil a leithéid ar siúl acu go príobháideach ach an oiread.’
    Cén fáth a mbeadh rialtas na hÉireann ‘sásta brú…a chur ar lucht an Aontais’ go poiblí? Is idir rialtas na Breataine agus an AE atá na cainteanna ar siúl, ní idir rialtas na Breataine agus rialtas na hÉireann. Nach bhfuil a fhios agat gur ball den AE sinn? Nach bhfuil a fhios agat go bhfuilimidne páirteach insna cainteanna sin, mar bhall den AE? Nach bhfuil a fhios agat gurb é thar ceann an AE, agus thar ceann na tíre seo, a labhrann Michel Barnier? (Agus maidir lena bhfuil ag tarlúint go príobháideach: Níl leid dá laghad agatsa ná agamsa fé sin, agus ní féidir le duine dearcadh a bhunú ar rudaí nach bhfuil ar eolas aige – ní féidir le duine ciallmhar é a dhéanamh, ar aon nós.)

    (2) ‘[M]uide is mó a bheas thíos leis mar tá i bhfad níos mó le cailliúint againne má bhíonn briseadh eacnamaíochta le Sasana ann agus má bhrúitear teorainn chrua orainn.’
    An mbeimid thíos leis an mBreatimeacht? Go deimhin. An mbeidh teorainn chrua ann? B’fhéidir é. An é de dheasca an AE go mbeimid thíos, nó dá dheasca go mbeidh teorainn chrua ann? Ní hea. Ba é rialtas na Breataine a chur tús leis an mearadh so agus feictear domsa go bhfuil a gcuid céille á lorg acu fós. Is é rialtas na Breataine atá ag iarraidh an dá thrá a fhreastal agus rudaí a choimeád mar atáid agus a athrú ó bhun go barr ag an am céanna (.i. gan teorainn a bheith ann agus gan an Bhreatain a bheith páirteach san Aontas Custaim ná sa Mhargadh Aonair – agus is é sin an rud atá uathu fós, níl rialtas na Breataine agus Labour ach tar éis ‘temporary transitional agreement’ fén Aontas Custaim agus fén an Margadh Aonair a luadh).

    (3) ‘Cén fiúntas, mar sin, a bhain leis na cainteanna mar sin don tír seo?’
    Is é an fiúntas a bhaineann leis na cainteanna so don dtír seo, ná go bhfuil sé mar sprioc acu teacht ar réiteach le Rialtas na Breataine maidir leis an mBreatimeacht – rud nár theastaigh uainne, rud nár theastaigh ón AE, rud nár theastaigh ón mBreatain fiú, ach atá ag tarlúint agus a bheidh againn sara fada -, réiteach a bheidh in oiriúint don AE agus do bhaill an AE, sinne ina measc.

    Is í sin an fhírinne ghlan, a Eoin: Ní dú-impireacht atá ag iarraidh aon ní a ‘bhrú orainn’ atá insan AE; is sinne an AE, agus nílimid go holc as.