‘Tá an domhan cothrom agus tá rialtas rúnda reiptílí i gceannas air’

An lá cheana, den chéad uair riamh, mhothaigh ár gcolúnaí go raibh an bhearna idir a aigne féin agus aigne duine eile dothrasnaithe…

‘Tá an domhan cothrom agus tá rialtas rúnda reiptílí i gceannas air’

Níor chodail mé go rómhaith aréir agus d’éirigh mé roimh mhaidneachan. Amach liom ar an bpromanáid go bhfeicfinn éirí na gréine. Agus tar éis cúpla nóiméad b’in romham í: mór, buí agus cruinn.

Ar an taobh eile den spéir bhí slisín den ghealach le feiceáil: tanaí, bán agus cuasach – scáth cruinn, ar ndóigh, fágtha uirthi ag an domhan a bhí idir í agus an ghrian.

Ar an bpointe boise chuimhnigh mé ar chomhrá a bhí agam an oíche roimhe, sa spota ceannann céanna ar an bpromanáid, le fear a bhfuil aithne fhánach agam air ón ionad aclaíochta; ba é an comhrá sin a bhí tar éis teacht idir mé agus codladh na hoíche.

Creideann an fear sin go bhfuil an domhan cothrom.

Ar ndóigh bhí cloiste agam faoina leithéid: daoine nach bhfuil muinín acu san eolaíocht agus a mbíonn go leor tuairimí spéisiúla eile acu (go bhfuil rialtas rúnda reiptílí i gceannas ar an domhan, i gcás an fhir seo, mar shampla.) Ach ba é an chaoi nár casadh duine acu orm go pearsanta riamh roimhe seo.

Ar mhí-ámharaí an tsaoil is ‘cóitseálaí’ é an fear a casadh orm, duine de na daoine sin a thugann orthu féin é ‘feabhas’ a chur ar shaol daoine eile agus a bhíonn go síoraí seasta ag caint ar ‘fhás’ agus ar ‘fhorbairt’ phearsanta. Is minic cheana a chonaic mé i mbun aicsin é san ionad aclaíochta, ag earcú custaiméirí, féachaint an raibh cabhair ar bith uathu le gné ar bith dá saol, agus aréir, ar an bpromanáid, ba é mo thuras-sa é.

Ar theastaigh uaim dul chun cinn a dhéanamh i mo shaol oibre?

An raibh driseanna cosáin i mo shaol, constaicí i m’aigne féin a choinnigh siar mé?

Dúirt mé nach raibh, ach thosaigh sé ag spalpadh cainte mar sin féin, faoin gclárú néaraitheangeolaíoch (NLP), faoin hipniteiripe, agus faoi neacha críonna ó chruinní parailéalacha a bhíonn sásta eolas atá ‘á choinneáil uainn’ ag na heolaithe a roinnt linn, eolas atá ‘á choinneáil uainn’ ag na heolaithe ‘toisc go bhfuil faitíos an domhain orthu’ roimh ‘rialtas rúnda na reiptílí’ (a bhí taobh thiar den choróinvíreas freisin, ar ndóigh, agus ba é sin an fáth nach raibh an fear seo tar éis glacadh le vacsaín ar bith i gcoinne an ghalair sin.)

Tháinig tuirse an domhain orm ag éisteacht leis – agus tharla rud aisteach eile. Mar iriseoir, is iomaí comhrá a bhí agam síos tríd na blianta le daoine nach raibh mé ar aon intinn leo: Críostaithe agus Moslamaigh fíorchráifeacha, daoine ciníocha, daoine homaifóibeacha, fíor-veigeatóirí radacacha agus daoine ar mhaith leo go gcuirfimis córas na bhforainmneacha pearsanta as a riocht ar mhaithe leis an gceartaiseacht pholaitiúil.

Ach den chéad uair i mo shaol mhothaigh mé go raibh an bhearna idir m’aigne féin agus aigne duine eile dothrasnaithe.

Ar mhí-ámharaí an tsaoil, le linn phaindéim an choróinvíris, is i méid a chuaigh líon na ndaoine a chreideann i dteoiricí comhcheilge, sa bhréageolaíocht agus sa bhréagnuacht. Taispeánann taighde eolaíoch go gcreideann 50 faoin gcéad den daonra in ar a laghad teoiric chomhcheilge amháin, agus más aon fhianaise an comhrá a bhí agam leis an bhfear ar an bpromanáid, ní haon mhaith duit dul ag argóint leo: déarfaidh siad leat gur tusa atá saonta toisc go bhfuil muinín agat as an eolaíocht agus as na meáin thraidisiúnta.

Tar éis thart ar uair an chloig bhí mé chomh tuirseach sin den chomhrá go ndúirt mé an méid sin os ard.

‘Go breá,’ a dúirt an fear, ‘labhróidh muid faoi ábhar éigin eile. Cén post atá agat féin?’

Leath a shúile air le halltacht nuair a dúirt mé leis gur scríbhneoir ficsin mé.

‘An bhfuil tú ag rá go mbíonn tú ag cumadh scéalta chun do chuid a shaothrú? Bréaga, i bhfocail eile?’

‘Go díreach!’ a d’fhreagair mé. ‘Ach i mo chás-sa, tuigeann gach éinne gur siamsaíocht atá i gceist seachas iarracht greim a choinneáil ar aigne daoine eile.’

Fág freagra ar '‘Tá an domhan cothrom agus tá rialtas rúnda reiptílí i gceannas air’'

  • Constance Patten

    Go raibh míle maith agat faoi seo, a Alex. Tá aithne agam féin ar dhuine mar sin, agus tá an ceart agat nach fiú a bheith ag argóint leis. Dála an scéal, táim ag tnúth go mór le do chéad úrscéal eile!