‘Tá áit ar leith in ifreann do na Breatimeachtóirí gan phlean’ – Donald Tusk

D’éirigh an plé faoin mBreatimeacht níos teasaí inniu nuair a chuir Uachtarán na Comhairle Eorpaí an lasair sa bharrach le ráiteas conspóideach

‘Tá áit ar leith in ifreann do na Breatimeachtóirí gan phlean’ – Donald Tusk

Deir Donald Tusk go bhfuil “áit faoi leith in ifreann” do pholaiteoirí a chuir an Breatimeacht chun cinn agus gan plean dá laghad acu dó.

Bhí Uachtarán na Comhairle Eorpaí ag labhairt i ndiaidh dó bualadh leis an Taoiseach inniu.

Dúirt Tusk nach raibh aon amhras air ach go raibh go leor daoine ann ar mhaith leo dul siar ar an mBreatimeacht, ach go raibh easpa ceannaireachta i measc na bpolaiteoirí ar mhian leo go bhfanfadh an Bhreatain san AE.

Dúirt sé nach bhféadfaí fanacht a phlé faoi láthair.

“Faoi láthair níl an cheist sin sa áireamh sa phlé mar gheall ar sheasamh an Phríomh-Aire agus cheannaire an fhreasúra ar son an Bhreatimeachta. Níl aon ghluaiseacht ná ceannairí éifeachtacha ar son fanachta.”

Dúirt sé nach gcuirfí an tsíocháin in Éirinn i mbaol agus nach ndéanfaí aon ath-idirbheartaíocht faoin gcúlstop.

“Togra ar mhaithe leis an tsíocháin is ea AE thar aon rud eile. Ní chuirfimid an tsíocháin i mbaol ná ní chuirfimid dáta éaga leis an athmhuintearas.”

Is ansin a thug Tusk uaidh ceann de na ráitis is neamhbhailbhe fós ón AE maidir lena a ndearcadh faoin mBreatimeacht agus na polaiteoirí a thacaíonn leis.

“Tá mé ag déanamh iontais cén chuma atá ar an áit speisialta sin atá in ifreann do na daoine sin a chuir an Breatimeacht chun cinn agus gan plean garbh féin acu conas é a chur i gcrích slán,” arsa Tusk.

Dúirt Andrea Leadsom, ceannaire Theach na dTeachtaí gur “gangaideach” an beart é ag Tusk a ráiteas a chur amach arís mar tvuít.

Chuir urlabhraí Breatimeachta an DUP Sammy Wilson Uachtarán na Comhairle Eorpaí i gcomparáid le diabhal a mbeadh trírinn aige ina ghlac aige agus é imithe le báiní ar son na hEorpa.

Dúirt iarcheannaire UKIP Nigel Farage gur “maistín sotalach neamhthofa” é Tusk agus go mbeifí sna flaithis tar éis fáil réidh lena leithéid leis an mBreatimeacht.

Dúirt an Taoiseach Leo Varadkar gurb é margadh imeachta na Samhna seo caite “an margadh is fearr atá ar fáil”. Ní raibh sé i gceist riamh go gcuirfí an cúlstop i bhfeidhm, a dúirt sé, agus cuireadh sa mhargadh é lena chinntiú nach mbeadh teorainn chrua go deo arís in Éirinn.

 

Fág freagra ar '‘Tá áit ar leith in ifreann do na Breatimeachtóirí gan phlean’ – Donald Tusk'

  • Breathnóir

    Tá an ceart ar fad aige, ar ndóigh. Agus Arlene Foster ag rá anois gur chóir do dhaoine bheith cúramach maidir lena gcuid cainte! Ceannaire an pháirtí a labhair faoi chontúirt na gcrogall gaelach, agus a thug ´rogues and renegades´ ar pholaiteoirí náisiúnacha. Tá muineál aici…