Deir urlabhraí ón eagraíocht náisiúnta do phleanálaithe teanga go ngéilleann muintir na Gaeltachta rómhinic nuair a thagann sé chuig seirbhís i nGaeilge a éileamh ón stát agus go bhfuil sé in am seasamh láidir a thógáil i gcoinne na faillí a dhéantar ar chainteoirí Gaeilge.
Deir Dónall Ó Cnáimhsí ón Meitheal Náisiúnta Pleanála Teanga go mbíonn ar Ghaeilgeoirí iompú ar an mBéarla rómhinic nuair a bhíonn siad ag plé leis an stát agus go bhfuil sé in am brú a chur ar Aire na Gaeltachta maidir leis na cearta teanga atá leagtha amach sa reachtaíocht.
Bhí Ó Cnáimhsí ag labhairt an tseachtain seo tar éis gur tháinig sé chun solais go bhfuil níos lú ná leath de na Gardaí atá ar dualgais i stáisiúin Ghaeltachta in ann an Ghaeilge a labhairt.
Tá Ó Cnáimhsí ina Oifigeach Pleanála Teanga in Iarthuaisceart Dhún na nGall. Léirigh figiúirí a fuair Tuairisc faoin Acht um Shaoráil Faisnéise nach bhfuil ach 19% de na Gardaí atá lonnaithe i stáisiúin Ghaeltachta Dhún na nGall – cúigear as 26 Garda – in ann a ndualgais a dhéanamh trí mheán na Gaeilge.
“Measaim go bhfuil sé scannalach i ndáiríre go bhfuil a laghad sin Gardaí atá ábalta a ngnó a dhéanamh trí Ghaeilge nó atá inniúlacht sa Ghaeilge acu,” a dúirt Ó Cnáimhsí le Tuairisc.
“Creidim go gcuireann muintir na Gaeltachta suas leis seo i bhfad barraíocht, nach bhfuil seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge agus [gur gá] i gcónaí iompú ar an Bhéarla nuair atá muid ag déileáil leis an stát. Tá dualgais ar an stát seirbhísí trí Ghaeilge a chur ar fáil trí Acht na dTeangacha Oifigiúla.”
Deir Ó Cnáimhsí go bhfuil sé “soiléir” nach bhfuil an stát ag comhlíonadh na ndualgas atá leagtha air faoin reachtaíocht agus go bhfuil sé “suas ag muintir na Gaeltachta, muidne muid féin, na seirbhísí sin a éileamh”.
“Measaim gur chóir dúinn a bheith ag scríobh agus ag cur brú ar an Aire i dtaca leis seo,” a dúirt Ó Cnáimhsí.
Maidir leis an easpa Gardaí le Gaeilge sa nGaeltacht, deir sé go bhfuil sé cinnte go bhfuil go leor Gardaí fud fad na tíre a bhfuil cumas maith sa nGaeilge acu agus gur chóir iarracht a dhéanamh iad a mhealladh chun na Gaeltachta.
“Déarfainn go bhfuil go leor acu a bheadh sásta go leor aistriú as na cathracha go dtí ceantair Ghaeltachta,” ar sé.
“Caithfidh muid déanamh cinnte go bhfuil na Gardaí atá ag freastal ar phobal na Gaeltachta in ann a ngnó a dhéanamh trí Ghaeilge. Sin é, sin chomh simplí is atá sé.”
Bhíodh liúntas speisialta ar fáil do Ghardaí a bhíodh ag obair sa nGaeltacht ach cuireadh deireadh leis an liúntas d’earcaigh nua in 2012.
Dhiúltaigh iarChoimisinéir an Gharda Síochána, Drew Harris, roimhe seo an liúntas a thabhairt ar ais ach moladh go láidir i ndréacht-tuarascáil inmheánach de chuid an Gharda Síochána go dtabharfaí ar ais an liúntas.
Dúradh sa tuarascáil go bhfuil gá leis an liúntas a thabhairt ar ais chun dul i ngleic leis an easpa cainteoirí Gaeilge san eagraíocht.
Fág freagra ar '‘Tá a laghad Gardaí le Gaeilge scannalach ach muidne muid féin a chaithfidh brú a chur ar an stát’'