Tá 500 cluiche feicthe agam i gComórtas Peile na Gaeltachta – bhí i bhfad níos mó ná imirt peile i gceist le ceann acu

D’fhág an Comórtas Peile go bhfuair muid deis cuairt a thabhairt ar na cumainn ba mhó a raibh borradh fúthu sa nGaeltacht

Tá 500 cluiche feicthe agam i gComórtas Peile na Gaeltachta – bhí i bhfad níos mó ná imirt peile i gceist le ceann acu

In imeacht na mblianta, is dóigh go bhfuil go hard os cionn 500 cluiche feicthe agam i gComórtas Peile na Gaeltachta. Sa mullach air sin tá an ‘diosca crua’ idir an dá sheanchluas seo ag éirí meirgeach. Faraor gan bealach ar fáil lena ‘athbhútáil’!

Dá bharr sin níl an oiread sin den imirt a chonaic mé le hos cionn 50 Cincís fanta i mo chloigeann. Mura bhfuil tá cuimhní eile a bhain leis na Comórtais éagsúla chomh gléineach sa ‘diosca’ agus dá mba inné a thiteadar amach.

An díle a d’fhág go mba Wellingtons a bhí orainn ar Pháirc Mhicheál Breathnach i nGleann an Chnoic i 1981 nó gur séideadh an fheadóg dheireanach idir Naomh Abán agus Naomh Ciarán. Láithreach nocht an ghrian í féin as cibé poll ina raibh sí i bhfolach le trí lá roimhe sin agus chuir muintir Chois Fharraige a míle mallacht uirthi.

Scór bliain ina dhiaidh is mór a thabharfadh muid ar mhúirín amháin nuair a d’ith na míoltóga beo beathaíoch muid ar Pháirc na bPiarsach ar an Dromad i Máistir Gaoithe – níor fhan ceann sna portaigh agus sna coillte atá ar chaon thaobh d’abhainn na hEithne nár tháinig amach le fáilte a chur romhainn. 

D’fhág an Comórtas Peile go bhfuair muid deis cuairt a thabhairt ar na cumainn ba mhó a raibh borradh fúthu sa nGaeltacht – na cinn a mbíodh a gcuid éachtaí le cloisteáil ar Spórt an Domhnaigh ar RnaG. Leithéidí Ghaoth Dobhair a bhfuil 15 Craobh Sinsear de chuid Dhún na nGall acu, An Clochán Liath, Naomh Columba, Ard a’ Rátha, Cill Chárthaigh, Cloich Chionnaola. Gaeltacht Chorca Dhuibhne agus an Daingean, áiteacha a raibh boinn uile-Éireann chomh fairsing is a bhí míoltóga Uíbh Ráthaigh.

Béal an Mhuirthead agus Baile Mhuirne, pócaí beaga inar coinníodh an teanga agus an pheil beo. Oiread agus an cumann amháin sinsearach féin ní raibh i gConamara nuair a thosaigh Comórtas Peile na Gaeltachta – faoi láthair, tá níos mó ansiúd ná bhí riamh.

Sin ráite, tá obair mhór déanta ag cumainn agus ag pobail bheaga freisin lena chinntiú gur scaip an síol. Ros Muc, an Fhairche, na Dúnaibh, Rinn Ua gCuanach, Ráth Chairn, Béal Átha an Ghaorthaidh, Cill na Martra, Tuar Mhic Éadaigh – áiteacha nach bhfuil aghaidh an turasóra orthu chomh mór agus a bheadh cois cósta. 

Ba mhó go mór na dúshláin a bhí rompu siúd in eagrú an Chomórtais – a dhá oiread dlite dóibh dá réir as déanamh chomh maith is a rinne.

Cé gurbh é comórtas 1969 an ceann ba thúisce a imríodh, ba sa mbliain dár gcionn a fuarthas léargas ar an bhforás a bhí i ndán dó. Bhí i bhfad níos mó ná imirt na peile i gceist leis an méid a facthas i nGaoth Dobhair i 1970 – Tráth na gCeist idir na cumainn san oíche Dé hAoine (a bhuaigh Corca Dhuibhne), cabaret san oíche Dé Sathairn san Amharclann (a bhuaigh Ráth Chairn) agus paráid tionsclaíochta Dé Domhnaigh ina raibh 16 comhlacht páirteach ann.

Dúirt muintir Ghaoth Dobhair nár facthas oiread de shlua timpeall na háite ó bhí Feis i Machaire Gathláin ann i 1926.

Ba i 1970 freisin a cuireadh tús le comórtas an Chailín Ghaelaigh. Deichniúr a bhí san iomaíocht agus ba í Bairbre Ní Mhéalóid as Ráth Cairn a bhuaigh – bronnadh seic £100 uirthi chomh maith le feisteas éadaí de chuid Chniotáil Chois Claidí.

I mbabhtaí ceathrú ceannais peile an tSathairn, bhuaigh Conamara ar Naomh Pádraig (Cill Chárthaigh-Naomh Columba); bhuaigh Baile Ghib ar Rinn Ua gCuanach agus bhuaigh Naomh Abán ar Mhaigh Eo 

Ba athimirt ar bhabhta ceannais na bliana roimhe a bhí sa gcluiche ceathrú ceannais eile idir Corca Dhuibhne agus Gaoth Dobhair – dornán maith peileadóirí idirchontae le feiceáil ag chaon dream. Ag Corca Dhuibhe a bhí triúr a bheadh ag imirt le Ciarraí an fómhar sin nuair a bhuaigh siad ar Chontae na Mí i gCluiche Ceannais na hÉireann – Séamus Mac Gearailt, Liam Ó hUigín agus Micheál Ó Sé. Bhí séasúir caite ag imirt i gCraobh Uladh ag Néilí Ó Gallchóir, ag Cormac Ó Breasláin agus ag Antóin Ó Cearúil.

Fós ba é Danny Mac Aodha a laoch scórála siúd. Fuair seisean 2-3 ina mbua 2-9 in aghaidh 0-8.

Thréig a chruinneas Mac Aodha agus tosaithe eile Ghaoth Dobhair ar an Domhnach nuair a bhuaigh Naomh Abán orthu i mbabhta leathcheannais 1-7 in aghaidh 0-5.

Níorbh é sin do Alo Ó Conghaile an Spidéil a bhí thar a bheith cruinn i mbua Chonamara ar Bhaile Ghib sa mbabhta leathcheannais eile ar an Domhnach agus arís ar an Luan nuair a fuair sé 0-9 sa gcluiche ceannais a d’fhág gur thug Corn Delap an bóthar fada siar air féin.

Ba é an Conghaileach a fuair na trí chúilín ba thúisce a facthas agus bhí ceann eile curtha leo sin ag Proinsias Ó Fátharta sular scóráil Seán Ó Maoláin agus Dónal Ó Scanaill do Naomh Abán.

Ceithre chúilín de thús a bhí ag Conamara ag leath ama (0-8 in aghaidh 0-4), ach arís laghdaigh Colmán Ó Tuama agus Ó Maoláin an bhearna. Ba ansin a fuair fear an Spidéil cúl a bhí thar a bheith tábhachtach – cic saor a bronnadh nuair a déanadh feall air féin agus as 30 slat thiomáin an pheil go cúl na heangaí trí bhearna bheag a bhí fágtha oscailte ag na cúlaithe. 

Bhí Críostóir Ó Scanláin agus Maitiú Ó Domhnaill ag imirt thar cionn i lár na páirce do Chonamara faoin tráth sin agus cé go bhfuair Naomh Abán cúl a raibh sciorta den ádh léi nuair a shleamhnaigh cic ard a bhuail an Maolánach de mhéaracha na gcosantóirí, fuair an Scanlánach, an Conghaileach agus Seosamh Ó Catháin as Carna cúilíní an duine.

I dteannta an chúil, ba é sin an naoú pointe ag Alo. Faoin am a raibh deireadh scórála déanta aige siúd agus deich nóiméad fanta, ní raibh Conchubhair Ó Máille as Leitir Móir ach i dtús a chuid scórála féin – dhá chúl agus cúilín aigesean.

Seán Ó Maoláin a fuair an dara cúl a bhí ag na Corcaígh, 2-4 aige siúd as féin agus gan le cur leis ach cúilíní an Tuamaigh agus Uí Scanaill.

Conamara 3-13, Naomh Abán 2-6, an scór deireanach.

Conamara: Nioclás Ó Conchubhair (Naomh Anna); Micheál T. Ó Cualáin (Naomh Anna), Seosamh Ó Loideáin (Carna), Pádraic Mac Diarmada (Micheál Breathnach); Pádraig Ó Coirbín (Carna) capt., Seán Ó Conghaile (Naomh Anna), Pádraig Ó Ceallaigh (An Cheathrú Rua); Maitiú Ó Domhnaill (An Cheathrú Rua), Críostóir Ó Scanláin (Micheál Breathnach); Conchubhair Ó Máille (Naomh Anna), Seán Ó Maoilchiaráin (Carna), Peadar Rua Mac Donnchadha (An Cheathrú Rua); Alo Ó Conghaile (An Spidéal), Seosamh Ó Catháin (Carna), Proinsias Ó Fátharta (Micheál Breathnach). 

Ionadaithe: Micheál Mac Risteard (An Spidéal), Meaití Ó Fátharta (Micheál Breathnach), Benny Ó Cadhain (Carna).

Naomh Abán : Donnchadha Ó Loingsigh; Peadar Ó Céilleachair, Micheál Ó Luasa, Peadar Ó Ceallaigh; Dónal Ó Cróinín, Micheál Ó Scanaill, Micheál Ó Laoire; Diarmuid Ó Luasa, Diarmuid Ó Loingsigh; Críostóir Ó Luasa, Colmán Ó Tuama. Seán Ó Maoláin, Conchubhair Ó Ceallaigh; Donnchadha Ó Loingsigh, Dónal Ó Scanaill.

Réiteoir: R. Ó Maoileoin (Ciarraí).

Fág freagra ar 'Tá 500 cluiche feicthe agam i gComórtas Peile na Gaeltachta – bhí i bhfad níos mó ná imirt peile i gceist le ceann acu'