Súil le laghdú éigin ar an ualach ar pháistí agus an tír le bogadh go ‘mall stuama’ go dtí an dara céim

Meastar go bhféadfadh ceadú campaí samhraidh do pháistí a bheith ar cheann de na beartais a phléifear ag cruinniú inniu faoi scaoileadh tuilleadh srianta

Súil le laghdú éigin ar an ualach ar pháistí agus an tír le bogadh go ‘mall stuama’ go dtí an dara céim

Pléifidh an Fhoireann Náisiúnta um Éigeandáil sa tSláinte Phoiblí (NPHET) inniu na mionsonraí maidir le bogadh ar aghaidh go dtí Céim 2 den phlean díchuibhrithe.

Tarlóidh an cruinniú sin tráth ar cosúil an Taoiseach Leo Varadkar agus NPHET a bheith ar son intinn nár chóir dlús a chur leis na pleananna do scaoileadh na srianta dianghlasála.

I ríomhphost a sheol sé chuig baill Fhine Gael aréir, dúirt an Taoiseach go raibh sé “muiníneach” go mbeifí ag bogadh ar aghaidh Dé Luain go dtí an chéad chéim eile den phlean d’athoscailt na tíre, ach nár chóir dul níos faide ná sin. Dúirt sé gurbh fhearr na srianta a scaoileadh “go mall stuama” seachas é a dhéanamh “róthapa” agus “titim ar gcúl”.

Dúirt Príomh-Oifigeach Leighis na Roinne Sláinte, an Dr Tony Holohan, nach raibh aon fhianaise feicthe go fóill a thabharfadh le fios nach bhféadfaí tús a chur leis an dara céim de scaoileadh na srianta dianghlasála an tseachtain seo chugainn.

Cuirfidh NPHET comhairle ar an Rialtas i ndiaidh an chruinnithe go bhfuil sé sábháilte a thuilleadh srianta a scaoileadh.

Cé gur dócha nach mbeidh aon mhórathrú ar an bplean don dara tréimhse trí seachtaine den phlean díchuibhrithe cúig thréimhse, tá beartais bhreise á lua chun an t-ualach atá ar pháistí agus a dtuismitheoirí a laghdú.

Meastar go bhféadfadh ceadú campaí samhraidh do pháistí a bheith ar cheann de na beartais sin a phléifear ag an gcruinniú inniu.

Cé go mbeifear ag iarraidh ar dhaoine gan aon turas nach bhfuil riachtanach a dhéanamh, beidh cead ag daoine taisteal 20 ciliméadar óna dteach baile féin ó Dé Luain seo chugainn ar aghaidh.

Féadfaidh suas le ceathrar cuairt ghearr a thabhairt ar theaghlach eile ach cloí go docht leis an scoitheadh sóisialta.

Beidh cead ag líon beag daoine cuairt ghearr a thabhairt ar dhaoine atá os cionn 70 bliain d’aois, nó atá leochaileach ó thaobh na sláinte, ina dtithe féin. Moltar do chuairteoirí clúdaigh éadain a chaitheamh agus cloí go docht leis an scoitheadh sóisialta le linn a gcuairte.

Beidh cead athoscailte ag ionaid bheaga siopadóireachta nach bhfuil go leor daoine ag obair iontu ach caithfidh siad a chinntiú nach mbeidh ach a laghad idirchaidrimh agus is féidir idir daoine sa siopa aon am. 

Beidh cead ag na marglanna athoscailt más féidir leo an scoitheadh sóisialta a chur i bhfeidhm agus beidh cead ag na leabharlanna poiblí oscailt ach srian a choinneáil ar an líon daoine a bheidh istigh le chéile.

Ón Luan seo chugainn beidh cead ag daoine páirt a ghlacadh in imeachtaí spóirt agus aclaíochta amuigh faoin aer, beidh cead ag foirne beaga spóirt traenáil a dhéanamh ach ní bheidh cead acu cluichí a imirt.

In ainneoin tús a bheith curtha le scaoileadh na srianta nach mór trí seachtaine ó shin, meastar nach raibh aon tionchar rómhór ag an bplean díchuibhrithe go dtí seo ar scaipeadh an ghalair atá curtha faoi chois a bheag nó a mhór sa phobal.

D’fhógair an Roinn Sláinte tráthnóna inné go raibh triúr eile a raibh Covid-19 orthu básaithe agus go raibh 47 cás nua den ghalar deimhnithe.

2,193 duine ar a laghad atá básaithe in Éirinn ó thús na paindéime, 1,659 duine ó dheas den teorainn agus 534 ó thuaidh di.

D’fhógair Roinn Sláinte an Tuaiscirt go raibh ochtar eile a bhí buailte ag an ngalar básaithe. Bhain sé cinn de na básanna sin le tréimhse níos luaithe, ag dul siar go dtí an 24 Aibreán. Ocht gcás nua a deimhníodh sa Tuaisceart.

Beirt ó dheas ar tugadh an Covid-19 mar shiocair bháis dóibh roimhe seo, tá sé deimhnithe anois nárbh amhlaidh an scéal. 

29,798 cás den ghalar Covid-19 atá deimhnithe go dtí seo in Éirinn, 25,111 cás ó dheas den teorainn agus 4,740 cás ó thuaidh.

Faoi mheán oíche Dé Luain seo caite, bhí 22,698 den 25,064 duine nó 90% díobh a raibh sé deimhnithe go raibh an galar tolgtha acu tagtha chucu féin.

Tháinig 82% duine chucu féin ag baile agus 8.5% a tháinig chucu féin san ospidéal.

Beidh a gcruinniú inniu ag NPHET tráth a léiríonn na figiúirí is déanaí ón státchiste gur ardaigh an t-easnamh i mbuiséad an Rialtais go €6.1 billiún i mí na Bealtaine agus go raibh an caiteachas ar chúrsaí sláinte agus liúntais tacaíochta ioncaim fós ag ardú.

Ag an tráth céanna anuraidh €63 milliún d’ easnamh a bhí sa bhuiséad.

€26 billiún de chaiteachas a rinne an Rialtas i mí na Bealtaine, sin 19% nó €4.1 billiún níos mó ná a bhí ceaptha.

Chaith an Roinn Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Sóisialaí €7.4 billiún níos mó ná mar a bhí sa bhuiséad, sin 67% sa bhreis.

“Beidh costas ar an stát sa bhfadtéarma de bharr na mbeart seo agus caithfear déileáil leis sin,” a dúirt an tAire Airgeadais Paschal Donohoe.

Fág freagra ar 'Súil le laghdú éigin ar an ualach ar pháistí agus an tír le bogadh go ‘mall stuama’ go dtí an dara céim'