Súil chun cinn ar chluichí móra CLG na deireadh seachtaine seo

Is cluiche lán-Mhuimhneach é cluiche ceannais na sraithe iomána agus tosaíonn craobhacha eile an deireadh seachtaine seo, Cluiche Ceannais Peile Faoi-21 ina measc

Mark Ellis (Corcaigh) agus Austin Gleeson (Port Láirge) in athimirt chluiche ceathrú ceannais na Mumhan anuraidh. Pictiúr: INPHO/Cathal Noonan
Mark Ellis (Corcaigh) agus Austin Gleeson (Port Láirge) in athimirt chluiche ceathrú ceannais na Mumhan anuraidh. Pictiúr: INPHO/Cathal Noonan

Corcaigh v Port Láirge

Ba é Jimmy Barry-Murphy a bhí i gceannas ar Chorcaigh an uair is deirean a bhuaigh an contae an tsraith iomána agus, mar a tharlaíonn sé, is iad Port Láirge an freasúra a bhí rompu an lá sin chomh maith.

Agus na foirne seo ag casadh ar a chéile i gCraobh na Mumhan ag tús an Mheithimh, tá an tuairim ann go mbeidh an dá fhoireann bainistíochta ag iarraidh cúpla rún a choinneáil faoi cheilt go dtí sin ach tá ráite ag Barry-Murphy agus Dan Shanahan, roghnóir Phort Láirge, nach bhfuil aon chiall leis an gcaint sin.

Dar le bainisteoir Chorcaí, ní minic a fhaigheann tú an seans ar chomórtas náisiúnta a bhuachan agus tá an ceacht sin foghlamtha aige ón uair is deirean a shroich Corcaigh cluiche ceannais na sraithe i 2012, nuair a bhuaigh Cill Channaigh go héasca orthu. Deir Barry-Murphy nach raibh sé ag súil leis an díograis a bhí ag Cill Chainnigh, go háirithe mar gur cluiche sraithe a bhí ann, ach nach ndéanfaidh sé an botún sin arís.

Níos luaithe sa bhliain, ní raibh mórán ag ceapadh go mbeadh Corcaigh san iomaíocht sa chluiche ceannais seo tar éis dóibh cailleadh i gcoinne Chill Chainnigh i mBabhta 1, gan fáil ag Brian Cody ar chuid dá imreoirí móra. Tá curaidh na Mumhan ana bliana seo caite tar éis teacht chucu féin go mór i rith na sraithe, áfach, agus is iad rogha na coitianta anois don chluiche ceannais.

Is iad Port Láirge an chéad fhoireann ó Roinn 1B a bhfuil cluiche ceannais na sraithe sroichte acu le beagnach deich mbliana anuas agus, dar le Shanahan, seasfaidh na cluichí breise seo leo faoin am a thiocfaidh an chraobh. Tá feicthe againn sa pheil i mbliana go mbíonn imní ar bhainisteoirí nuair a thagann deireadh na sraithe róghar do thús na craoibhe ach ní an tuairim chéanna atá ag Shanahan.

Is é tuairim iarlaoch na nDéise ná gur chaill siad go leor den fhuinneamh a bhí acu nuair a bhí briseadh níos faide acu anuraidh agus nuair a thug siad cead do na himreoirí dul ar ais ag traenáil lena cuid clubanna. Níl an botún céanna á dhéanamh ag Port Láirge i mbliana agus beidh siad buíoch as an deis a gcóras nua imeartha a thriail in aghaidh Chorcaí roimh an gcraobh.

Ón méid atá feicthe againn sa tsraith, tá deacair buaiteoir a phiocadh sa chluiche seo. Rud amháin a bheidh fíorthábhachtach ná cruinneas Patrick Horgan agus Pauric Mahony. Le 3-159 scóráilte eatarthu go dtí seo, tá siad ar an mbeirt tosaithe is cruinne sa tsraith, ó bhuillí saoire nó ón imirt. Bhí ról lárnach ag Horgan agus Mahony sna babhtaí leathcheannais agus cibé ceann de na foirne Muimhneacha seo atá chun buachan ar an Domhnach, beidh ardthaispeántas ag teastáil ó dhuine den bheirt sin.

Rogha Tuairisc.ie: Corcaigh

Cathal McShane (Tír Eoghain) agus Shane Killoran (Ros Comáin) i rith cluiche leathcheannais peile Faoi-21 coicís ó shin. Pictiúr: INPHO/Donall Farmer
Cathal McShane (Tír Eoghain) agus Shane Killoran (Ros Comáin) i rith cluiche leathcheannais peile Faoi-21 coicís ó shin. Pictiúr: INPHO/Donall Farmer

Tír Eoghain v Tiobraid Árann

chreidfeadh mórán é ndearfaí ag tús na bliana gurb iad Tiobraid Árann agus Tír Eoghain a bheadh san iomaíocht i gcluiche ceannais peile na bliana 2015 Faoi-21. Fiú roimh na babhtaí leathcheannais cúpla seachtain ó shin, is mó caint a bhí ar Bhaile Átha Cliath agus Ros Comáin.

Tháinig na hUltaigh agus na Muimhnigh aniar aduaidh ar dhaoine coicís ó shin, áfach; Tiobraid Árann go háirithe leis an mbua a bhí acu in aghaidh rogha na coitianta sa chomórtas, Baile Átha Cliath. Tá taithí ag na Tiobradaigh ar fhoireann na príomhchathrach a bhualadh áfach; ar Bhaile Átha Cliath a bhuaigh siad chun Craobh Mionúr na hÉireann a bhuachan i 2011. Agus is beag duine a bhí ag súil leis an toradh seo, go háirithe nuair a bhí Tiobraid Árann cúig phointe chun deiridh go luath sa dara leath.

Bhí an lámh in uachtar ag Tír Eoghain den chuid is mó den chluiche leathcheannais in aghaidh Ros Comáin. . Níor thug a gcosantóirí  deis ar bith d’imreoirí móra Ros Comáin, ar nós Ciarán Murtagh agus Enda Smith, agus beidh siad ag iarraidh an rud céanna a dhéanamh le sárimreoirí Thiobraid Árann, Colin O’Riordan, Stephen O’Brien agus Kevin O’Halloran go háirithe.

Arís ar ais, is cluiche thar a bheith crua a bheas anseo gan mórán idir na foirne. Dealraíonn sé gur sa chath i lár na páirce idir beirt Thír Eoghain, Cathal McShane agus Frank Burns, agus beirt Thiobraid Árann, Colin O’Riordan agus Stephen O’Brien, a chinnteofar cé a bhuafaidh an cluiche.

Rogha Tuairisc.ie: Tír Eoghain

Dé Sathairn, 2 Bealtaine

Craobh Faoi-21 Peile – Cluiche Ceannais

Tiobraid Árann v Tír Eoghain, Páirc Parnell, 6i.n.

Corn Christy Ring – Babhta 1

Ciarraí v An Dún, Trá Lí, 1i.n.

Londain v Cill Dara, Ruislip, 2i.n.

Doire v Maigh Eo, An Abhainn Bheag, 2i.n.

An Mhí v Cill Mhantáin, Béal Átha Troim, 4i.n.

Corn Nicky Rackard – Babhta 1

Dún na nGall v Tír Eoghain, Leitir Ceanainn, 1i.n.

Fine Gall v Ros Comáin, Sord, 5i.n.

Muineachán v An Longfort, Cluain Eois, 5i.n.

Ard Mhacha v An Lú, Páirc Lúthchleasaíochta, 5i.n.

Corn Lory Meagher – Babhta 1

Fear Manach v Warwickshire, Páirc Brewster, 1i.n.

Liatroim v Sligeach, Béal an Átha Móir, 5i.n.

Sraith Camógaíochta IDS – Cluiche Ceannais Roinn 2

Laois v Port Láirge, Páirc Uí Chuilinn, 2.30i.n.

Sraith Peile na mBan – Cluiche Ceannais Roinn 4

Luimneach v Uíbh Fhailí, Páirc Parnell, 4i.n.

Dé Domhnaigh, 3 Bealtaine

Sraith Iomána Allianz – Cluiche Ceannais

Corcaigh v Port Láirge, Staid Semple, 3.30i.n.

Craobh Peile Chonnacht – Réamhbhabhta

Nua Eabhrach v Gaillimh, Páirc na nGael, 8i.n.* (*GMT)

Grúpa Cháilithe Chraobh Iomána Laighean – Babhta 1

Aontroim v Laois, Baile an Chaistil, 3.30i.n.

An Iarmhí v Ceatharlach, Páirc Uí Chíosóg, 3.30i.n.

Sraith Camógaíochta IDS – Cluiche Ceannais Roinn 1

Corcaigh v Gaillimh, Staid Semple, 1.30i.n.

Sraith Camógaíochta IDS – Cluiche Ceannais Roinn 3

Ceatharlach v Baile Átha Cliath, Páirc Uí Chíosóg, 1.30i.n.

Sraith Camógaíochta IDS – Cluiche Ceannais Roinn 4

Ciarraí v An Mhí, Biorra, 2.30i.n.

Fág freagra ar 'Súil chun cinn ar chluichí móra CLG na deireadh seachtaine seo'