Súil an tseabhaic ag Francis Brennan ar ‘Ros na Rún’ agus é mar aoi speisialta ar shobaldhráma TG4 anocht

Agus é le bheith ag aisteoireacht ar 'Ros na Rún' ar TG4 anocht labhair an láithreoir teilifíse agus fear óstáin mór le rá, Francis Brennan, le Tuairisc.ie

Francis Brennan-7

Beidh an fear óstáin mór le rá, Francis Brennan, le feiceáil ar shobalchlár Ros na Rún ar TG4 anocht.

Dúirt Brennan le Tuairisc.ie gurbh í a chara Noreen D’Arcy, a bhíonn ag plé le margaíocht don chlár, a chuir i dtreo an tsobalchláir é nuair a bhí sé ar cuairt ar Ghaillimh an bhliain seo caite.

“Tá aithne agam ar Noreen agus nuair a bhí mé i nGaillimh anuraidh, dúirt sí liom ‘nach gcuimhneodh tú ar Ros na Rún a dhéanamh?’

“‘Bhuel, a Mhuire na gCoinneal, ach ní go rómhaith atá an Ghaeilge agam,’ a dúirt mé, ach is maith liom rud ar bith a chuirfeadh scleondar orm. Mar sin, siar liom mí na Samhna seo caite go dtí an seit ar an Spidéal agus thaitin sé go mór liom,” a dúirt sé.

Dúirt Brennan go raibh sé faoi bhrú mór ama ag an am ach gur theastaigh uaidh go mór a bheith ar an gclár.

“Bhí coinne agam i mBaile Átha Cliath an lá céanna, bhí orm a bheith in Amharclann Bhord Gáis do chlár speisialta Nollag a bhí á dhéanamh ag Derek Mooney do RTÉ, agus bhí súil an tseabhaic á coinneáil agam ar an gclog. Lá gránna fliuch a bhí ann, agus nár tolladh an bonn ar an mbealach siar as Gaillimh. ‘Ó, a mhaighdean bheannaithe’ a dúirt mé liom féin, ach ní féidir liom a ghabháil suas go Baile Átha Cliath agus an bonn pollta. Ach, bail ó Dhia air, tháinig duine den fhoireann a raibh carr den chineál céanna aige is atá agamsa – Volvo deas – go dtí mé agus thug sé dom an roth breise a bhí ar chúl an chairr aige. Lán-mharcanna dó féin agus d’fhoireann uile an chláir!”

Dúirt sé nach mbíonn an oiread sin ama aige a bheith ag breathnú ar chláracha teilifíse a bhíonn ar siúl an t-am sin d’oíche ach go bhfuil Ros na Rún feicthe aige cúpla uair, agus go dtaitníonn an sobalchlár Gaeltachta leis.

Ní hé seo an chéad uair ag Brennan a bheith ar TG4. Ghlac sé páirt sa tsraith faisnéise, Scéalta na nÓstán, a thug léargas ar stair agus scéalta óstáin cháiliúla ar fud na hÉireann.

Cé nach bhfuil ach “an cúpla focal” aige, dúirt sé le Tuairisc.ie go mbaineann sé úsáid as an méid Gaeilge atá aige gach uile lá ina shaol oibre agus é ag iarraidh teachtaireachtaí rúnda a chur in iúl dá fhoireann.

“Deirim rudaí ar nós, ‘coinnigh súil ar an mbean sin, tá sí as a ceann’ nó rudaí mar sin. Ach rugadh orm go maith agus mé thall i Meiriceá le Fáilte Éireann. Bhí mé ag dul suas staighre beo agus bhí mo chúntóir taobh thiar díom agus fear eile os mo chomhair.

“Bhí geansaí de chuid Coogi, geansaí ildaite olla, á chaitheamh aige. Bhí ceann mar é ceannaithe agam féin cúpla bliain roimhe sin, ach goideadh uaim é nuair a briseadh isteach sa teach sa Neidín. Geansaí chomh speisialta atá ann go raibh mé cinnte go bhfeicfinn timpeall an bhaile é, ach ansin bhí sé os mo chomhair thall in Atlanta. Dúirt mé leis an gcúntóir, ‘féach ar an ngeansaí sin, sin é mo gheansaí’ agus dúirt sí ‘níl mé ábalta an geansaí a fheiceáil’ agus an chéad rud eile chas mo dhuine timpeall agus dúirt ‘agus cén fáth sin?!”

Dúirt léiritheoir na sraithe Deirdre Ní Fhlatharta gur “mhór an pléisiúr” Brennan a bheith ar an gclár agus go gcuirfí an-fháilte roimhe dá mba mhaith cur lena ghairm aisteoireachta.

“Chuaigh a chuid scileanna aisteoireachta go mór i bhfeidhm orainn uilig, agus tá muid ag súil go mór le fáilte a chur roimhe arís, b’fhéidir go ndéanfadh sé cigireacht ar Thigh Thaidhg do At Your Service an chéad uair eile!,” a dúirt sí.

Beidh Francis Brennan le feiceáil ar eagrán na hoíche anocht ar TG4 ag 8.30 agus arís le linn Ollchlár Ros na Rún ag 10.30 oíche Dé Domhnaigh.

Fág freagra ar 'Súil an tseabhaic ag Francis Brennan ar ‘Ros na Rún’ agus é mar aoi speisialta ar shobaldhráma TG4 anocht'