Súil ag Kellie Harrington ar bhonn airgid ach babhta crua roimpi

Is maith is eol do Kellie Harrington nach aon ribín réidh í Sudaporn Seesondee na Téalainne mar tá a cumas feicthe cheana aici ag bean Bhaile Átha Cliath

Súil ag Kellie Harrington ar bhonn airgid ach babhta crua roimpi

Tá a súil ag an dornálaí Kellie Harrington ar bhonn airgid ar a laghad ag na Cluichí Oilimpeacha i dTóiceo agus í ag tabhairt aghaidh ar Sudaporn Seesondee na Téalainne sa mbabhta leathcheannais.

Tá an bonn cré-umha saothraithe ag bean Bhaile Átha Cliath cheana féin tar éis di an ceann is fearr a fháil ar Imane Khelif na hAilgéire. Sin an ceathrú bonn atá cnuasta ag lúthchleasaithe na tíre seo sa tSeapáin.

Ag a 6am am na tíre seo amárach, Déardaoin, a thabharfaidh Kellie Harrington, arb as Rae Portland, sa gceantar thoir thuaidh de lár na príomhchathrach di,  faoina troid in aghaidh Sudaporn Seesondee na Téalainne.

Caroline Dubois na Breataine a chloígh Seesondee sa mbabhta ceathrú ceannais. Breith an mhóraimh 3-2 a thug an troid sin do Seesondee.

Ní haon nuacht ag Harrington tabhairt faoi bhean na Téalainne mar ar éigean Dé a bhuail bean na hÉireann Seesondee i New Delhi in 2018 chun craobh an domhain a thabhairt léi.

18 bonn ar fad atá tugtha ag dornálaithe na tíre seo ó na Cluichí Oilimpeacha ó 1952. Naoi mbliana ó shin a ceadaíodh do mhná dul ag dornálaíocht ag an Cluichí Oilimpeacha ar dtús agus is é bonn cré-umha Harrington an dara bonn a d’éirigh le mná na tíre seo. In 2012 thug Katie Taylor bonn óir léi ó na cluichí i Londain.

Is maith is eol do Harrington nach aon ribín réidh í Seesondee mar tá a cumas feicthe cheana aici.

Ní raibh tada éasca ag bean Bhaile Átha Cliath ina troid in aghaidh Imane Khelif ach an oiread, bean a bhí níos airde ná í agus a raibh síneadh níos faide aici. Taispeántas lán scil a bhí ann agus foighid agus stuaim go leor ag teastáil ó Harrington.

Ba bheag a cheap go gcuirfeadh bean na Téalainne Sudaporn Seesondee, réalt mhór na Breataine Caroline Dubois ó bhonn.

B’in an dara huair riamh ar buaileadh an Sasanach ó thug sí faoi na comórtais shinsir. Tráthúil go leor is í Kellie Harrington a bhuail an chéad uair í, seacht seachtaine ó shin ag cluiche cáilithe i bPáras do na Cluichí Oilimpeacha.

Chomh maith le bonn cré-umha Kellie Harrington, tá bonn cré-umha eile ag an dornálaí Aidan Walsh, bonn óir ag Fintan McCarthy agus Paul O’Donovan agus bonn cré-umha  ag foireann rámhaíochta na mban – Aifric Keogh, Eimear Lambe, Fiona Murtagh agus Emily Hegarty.

Fág freagra ar 'Súil ag Kellie Harrington ar bhonn airgid ach babhta crua roimpi'