Suaitheantas nua seolta ag lucht turasóireachta Chorca Dhuibhne agus an tAire Stáit ag prapáil don Bhreatimeacht

Labhair an tAire Stáit sa Roinn Turasóireachta agus Spóirt, Brendan Griffin, T.D.,  faoi na dúshláin a bhaineann leis an mBreatimeacht agus lógó nua Chomharchumann Turasóireachta Chorca Dhuibhne á sheoladh sa Daingean aige

Suaitheantas nua seolta ag lucht turasóireachta Chorca Dhuibhne agus an tAire Stáit ag prapáil don Bhreatimeacht

Dúirt an tAire Stáit sa Roinn Turasóireachta agus Spóirt, Brendan Griffin, T.D.,  agus é ag labhairt ag ócáid sa Daingeanle déanaí, go bhfuil sé féin agus a Roinn suite meáite ar líon na gcuairteoirí ón mBreatain a mhéadú sna blianta atá romhainn amach. Mhínigh sé go raibh roinnt cuairteanna tugtha aige féin ar Londain le déanaí agus an beart sin ar cheann de na clocha ba mhó ar a phaidrín. Tá sé féin agus a Roinn ag iarraidh go mbeadh níos mó eitiltí díreacha ó chathracha sa Bhreatain go dtí aerfoirt in iarthar na tíre seo agus Slí An Atlantaigh Fhiáin mar sprioc acu.

“Cé go bhfuil margadh turasóireachta na Stát Aontaithe agus na Gearmáine ina bhladhm lasrach is trua nach mar sin atá margadh na Breataine le tamall maith anuas. Mar sin féin is breá liom a fheiscint go bhfuil méadú bídeach, timpeall le 0.1% tagtha ar mhargadh na Breataine sa ráithe dheireanach den mbliain anuraidh. Ní féidir linn ár maidí a ligean le sruth agus an Breatimeacht ina ábhar mór imní dúinn go léir,” arsa an tAire Stáit Griffin.

An tAire Stáit, Brendan Griffin, T.D. agus é ag seoladh lógó nua Chomharchumann Turasóireachta Chorca Dhuibhne in Eaglais Naomh Shéamuis sa Daingean at an Aoine seo caite

Is amhlaidh a bhí  an tAire Stáit sa Daingean ar chuireadh ó Chomharchumann Turasóireachta Chorca Dhuibhne chun suaitheantas nó lógó nua an eagrais a sheoladh go hoifigiúil.  Is in Eaglais Naomh Séamus a bhí an searmanas ar siúl agus bhí slua maith, ionadaíoch ar lucht turasóireachta na leithinse, i láthair.

Beidh an lógó seo feasta á úsáid ar mhórán nithe a bhaineann le CCTCD – ar a n-áirítear páipéarachas, léarscáileanna agus an suíomh idirlín atá á fhorbairt agus á fhorleathnú faoi láthair – www-dingle-peninsula.ie.

Mhínigh Gary Ó Curráin, Cathaoirleach CCTCD, gur tugadh isteach is amach le dhá bhliain go leith ag gabháil don lógó chun é a thabhairt chun foirfeachta. Thug sé buíochas dóibh siúd ar fad a raibh lámh acu san iarracht agus go háirithe iad siúd a chuir lámh ina bpóca chun go mbeadh an lógó ann.  Is iad comhlacht Midpoint I dTrá Lí a dhear an suaitheantas agus tá leaganacha éagsúla ann de, ar a n-áirítear ceann ina bhfuil an bhéim ar an leagan Gaelainne den leithinis i.e. Corca Dhuibhne.

Garry Curran, Cathaoirleach Chomharchumann Turasóireachta Chorca Dhuibhne

Lárnach sa dearadh seo tá íomhá d’oileáin agus siombail ar nós figiúr a 8 – a chuireann tonnta agus sléibhte arda i gcuimhne duit agus an cruth atá ar an ngréasán bóithre a shíneann amach ón Daingean go hIarthar agus Oirthear Duibhneach. Seasann an lógó don leithinis ar fad.

Dúirt an tAire Stáit go raibh sé an-sásta a fhógairt le déanaí go raibh €1.8 milliún á chur ar fáil chun an chuid dheireanach de sheachbhóthar an Daingin a chur i gcrích.

Dúirt sé go raibh  ag éirí go hiontach le tionscal na turasóireachta sa Daingean ach go gcaithfí a bheith i gcónaí ar an airdeall ó thaobh athruithe chun donais a d’fhéadfadh tarlú. Do bhí fadhbanna áirithe sa Daingean cheana féin, ar nós easpa  láithreacha páirceála, tranglam tráchta agus easpa lóistín d’oibrithe i dtionscal na turasóireachta. Cheap sé go ndéanfadh an seachbhóthar nua, ach é bheith críochnaithe, na fadhbanna sin a laghdú agus go mbeadh teacht ansin ar láithreacha chun breis tithíochta a thógáil.

Fág freagra ar 'Suaitheantas nua seolta ag lucht turasóireachta Chorca Dhuibhne agus an tAire Stáit ag prapáil don Bhreatimeacht'

  • leitheoir

    Is deas mar shamhailt i na clocha a bheith a laimhseail ag Airi …ar a bpaidrin. Theastodh a leitheid o roinnt acu, ce is moite den Ghrifineach. Ceard e an tosaiocht is mo a chuireann se siud i dtabhacht seachas an meid sin? Cen fhaid a thog se orthu teacht ar an mana ‘always magical’…bliain amhain is docha? Agus an ‘Ghaeilge’ a cuireadh air…bliain eile is docha?

  • Éadóchasach

    ‘Always magical’/’I gcónaí draíochtúil’…

    Go bhfóire Dia orainn, agus go dtaga sé idir an Ghaolainn agus pé saghas daoine a chumann a leithéid de mhana!