Struchtúr nua do na healaíona Gaeilge – tuilleadh drámaí sa Taibhdhearc is feiseanna Oireachtais ar fud na tíre

Bunófar faoin Straitéis d’Ealaíona Teangabhunaithe na Gaeilge, a chosnóidh na milliúin euro as seo go ceann ceithre bliana, struchtúr nua do na healaíona ó bhéal agus don drámaíocht i nGaeilge

Struchtúr nua do na healaíona Gaeilge – tuilleadh drámaí sa Taibhdhearc is feiseanna Oireachtais ar fud na tíre

Bunófar grúpa nua macasamhail Ealaín na Gaeltachta chun na healaíona Gaeilge a chur chun cinn sa chuid eile den stát faoi straitéis náisiúnta a seoladh inné.

Bunófar faoin Straitéis d’Ealaíona Teangabhunaithe na Gaeilge, a chosnóidh na milliúin euro as seo go ceann ceithre bliana, struchtúr nua do na healaíona ó bhéal agus don drámaíocht i nGaeilge.

Bunófar chomh maith coiste idirghníomhaireachta, a bheidh faoi stiúir Roinn na Gaeltachta, chun comhordú níos fearr a dhéanamh ar na dreamanna éagsúla atá ag plé leis na healaíona Gaeilge.

Deirtear sa straitéis a seoladh inné go bhfágann na struchtúir mar atá “deighilt chumarsáide mhínádúrtha idir eagraíochtaí a mbíonn fís nó taithí acu a bhféadfaí í a roinnt”, ranna rialtais san áireamh.

Bheadh Comhordaitheoir Náisiúnta do na hEalaíona Teangabhunaithe Gaeilge le fostú chomh maith mar chuid den athstruchtúrú.

Gealltar sa straitéis go gcuirfear “béim ar leith” ar fhorbairt a dhéanamh ar “gach gné den drámaíocht phobail agus den drámaíocht óige”.

Tá sé i gceist gréasáin drámaíochta pobail agus cumainn tríú leibhéal a bhunú nó a athnuachan agus scéimeanna drámaíochta a bhunú lasmuigh den chóras oideachais a thabharfaidh “guth agus flaitheas don óige féin”.

Cuirfear ceardlanna agus oiliúint ar fáil a bhainfidh le gnéithe éagsúla den drámaíocht.

Deirtear go ndéanfar “beachtú” ar scéimeanna Fhoras na Gaeilge ionas go mbeadh cur chuige comhtháite ann a bheidh ag teacht le fís na straitéise seo.

Deirtear go bhfuil “ról fíorthábhachtach” ag Foras na Gaeilge agus na ceanneagraíochtaí Gaeilge sa straitéis agus moltar go mbeadh an fhreagracht atá ar an bhForas as na healaíona Gaeilge ag leibhéal sinsearach san eagraíocht.

De réir na straitéise déanfar an Taibhdhearc a “athbheochan” mar spás amharclainne náisiúnta agus tá sé i gceist go gcuirfear cúig mhórléiriúchán Gaeilge ar stáitse in aghaidh na bliana, chomh maith le léiriúcháin eile agus féilte drámaíochta.

Tá €5.78m le bronnadh ar an Taibhdhearc thar thréimhse ceithre bliana le feidhm a thabhairt don straitéis.

Bunófar freisin in amharclann náisiúnta na Gaeilge compántas gairmiúil amharclainne agus fostófar daoine breise, stiúrthóir ealaíne agus stiúrthóir airgeadais ina measc. Meastar go mbeidh an struchtúr nua agus clár ealaíon na hamharclainne faoi lán seoil faoin gcéad ráithe de 2025.

Oireachtas

€4 milliún atá fógartha faoin straitéis d’Oireachtas na Gaeilge dá bplean gníomhaíochta náisiúnta chun na healaíona teangabhunaithe a fhorbairt idir 2024-2027.

I measc na dtionscnamh atá le cur i bhfeidhm ag an Oireachtas faoin bplean sin, tá tionscnamh chun drámaíocht na Gaeilge a athbheochan agus a neartú i measc an phobail ó aois scoile ar aghaidh. Bunófar freisin bunscéimeanna deontais agus sparánachtaí aon uaire d’ealaíontóirí sa Ghaeltacht agus lasmuigh di.

Tá gréasán d’Áisitheoirí Ealaíon Réigiúnacha le bunú agus tabharfaidh an gréasán sin faoi fheidhmiú an phlean as seo go 2027, a deirtear.

Beidh 2-3 fheis nó féile bhreise le heagrú ar bhonn píolótach ag an Oireachtas in 2025 agus leanfar le forbairt scéim na bhfeiseanna breise go dtí go mbeidh idir 1-3 feis bunaithe ar na healaíona Gaeilge ar siúl i ngach contae faoi 2026.

Ní gá go mbeadh an múnla céanna ag gach feis ach iad a bheith in oiriúint don spriocphobal, a deirtear.

Deirtear go mbeidh an freastal ar fheiseanna “neadaithe i saol an duine óig agus ionad ag feiseanna i bhféilire na ndaoine”.

Ní múnla ‘comórtais’ amháin a bheidh ag na feiseanna seo agus cuimseoidh siad ceardlanna, léirithe agus deiseanna sóisialaithe.

Faoi bheartas eile atá luaite sa straitéis forbrófar clár a thabharfaidh ról do na healaíona Gaeilge ó thaobh na folláine agus na meabhairshláinte.

Ar na daoine eile a bheadh le ceapadh chun an straitéis a chur i bhfeidhm tá Príomhoifigeach Cúnta breise i Roinn na Gaeltachta agus Comhordaitheoir d’Ealaíona Teangabhunaithe sa Chomhairle Ealaíon.

Bheadh ionadaí le saineolas ar na healaíona ar choiste comhairleach Cultúr Éireann feasta.

Tá sé i gceist sa straitéis taispeántas ilmheáin idirghníomhach bunaithe ar Chnuasach Bhéaloideas Éireann a bhunú i suíomh “lárnach” i mBaile Átha Cliath. Deirtear go mbeidh an t-ionad sin tógtha agus cóirithe agus ar oscailt do chuairteoirí faoi 2026.

Déanfar na costais chaipitil agus reatha a mheas nuair a bheidh an tionscadal á fhorbairt.

Cuirfear €100,000 ar fáil do Chiste Taighde nua a dhéanfaidh scrúdú ar an infreastruchtúr nua a bheidh ag teastáil do na healaíona Gaeilge laistigh agus lasmuigh den Ghaeltacht.

Tá beartais éagsúla sa straitéis a bhaineann le cur chun cinn na n-ealaíon Gaeilge sna scoileanna.

Fág freagra ar 'Struchtúr nua do na healaíona Gaeilge – tuilleadh drámaí sa Taibhdhearc is feiseanna Oireachtais ar fud na tíre'