Stiúideo nua le tógáil ag Raidió na dTreabh i nGaillimh

D’éirigh leis an stáisiún pobail an t-airgead a bhailiú le ‘stáisiún bunúsach’ a fheistiú in Áras na nGael i nGaillimh a chuirfidh ar a gcumas acu cláracha rialta a thaifeadadh

radio raidio

Tá a sprioc sluamhaoinithe bainte amach ag Raidió na dTreabh agus iad réidh le stiúideo nua a thógáil i gCathair na Gaillimhe.

Thosaigh an feachtas seacht seachtainí ó shin nuair a leag foireann an stáisiúin nua pobail sprioc €8,000 síos agus iad ag súil le stiúideo dá gcuid féin a thógáil.

Dúirt bainisteoir an stáisiúin, Emma Ní Chearúil, go bhfuil an fhoireann anois “ag súil go mór leis an spás fisiciúil” a bheith acu chun iad féin a “lonnú i gceart” i gcathair na Gaillimhe.

“Táimid fíorbhuíoch as an tacaíocht a thug an pobal dúinn agus go háirithe na gnólachtaí agus grúpaí eile a thug cúnamh mór dúinn – leithéidí Choláiste Lurgan agus Cló Iar-Chonnacht anseo i nGaillimh agus Cois Life agus Little Wolf Records níos faide i gcéin.

“Táimid ag súil leis an spás fisiciúil a bheith againn agus na cláracha speisialta a chur le chéile dóibh siúd a roghnaigh na pacáistí a bhí ar fáil mar dhuaiseanna don FundIt,” a dúirt sí.

Dúirt sí go mbeidh an fhoireann in ann “aithne níos fearr” a chur ar a chéile ó tá spás dá gcuid féin acu sa chathair.

“Beimid in ann am agus spás ceart a chur ar fáil do dhaoine nua a bheidh ag tosú linn, rud a bhí deacair cheana nuair a bhí muid ag brath ar stiúideo FlirtFM a bheith ar fáil dúinn. Táimid fíorbhuíoch don stáisiún sin freisin as an tacaíocht a thug siad dúinn le linn an fheachtais FundIt,” a dúirt sí.

Dhírigh an feachtas ar ghnólachtaí agus ar scoileanna na háite leis an airgead mór a thiomsú ach dúirt Ní Chearúil, nuair a thosaigh an feachtas, go mbeadh siad “ag brath go mór ar thacaíocht phobal na Gaillimhe agus ar phobal na Gaeilge ar fud na cruinne”.

“Táimid an-bhuíoch de gach uile dhuine a thug airgead beag agus airgead mór dúinn ar an leathanach FundIt agus de gach duine a thug airgead dúinn ar bhealaí eile freisin.

Bhí oícheanta tiomsaithe airgid againn in Áras na nGael agus bhí cúpla gnólacht agus roinnt mhaith daoine aonair a d’fhág airgead linn san oifig anseo. Cuireadh an t-airgead sin uilig isteach sa phota ag an deireadh,” a dúirt sí.

Úsáidfear an t-airgead le “stiúideo bunúsach” a fheistiú in Áras na nGael ar Shráid Doiminic i lár na cathrach agus le trealamh eile a cheannach a bheidh riachtanach don stáisiún.

Tá costais an cheadúnais craoltóireachta agus costais bhunaithe eile le híoc ag an stáisiún freisin agus tá sé sin san áireamh sa bhuiséad €8,000 a ceapadh ag tús an fheachtais.

Tá cláir rialta á ‘gcraoladh’ ar líne ar Soundcloud ó cuireadh an stáisiún pobail ar bun i mí na Bealtaine.

Fág freagra ar 'Stiúideo nua le tógáil ag Raidió na dTreabh i nGaillimh'