Star Wars á fhógairt ag ‘Dunmore Head’ agus Corca Disney á dhéanamh de Chorca Dhuibhne

Comhartha ‘Star Wars’ thiar sa Chom i nDún Chaoin a chuir conach air ár gcolúnaí agus é ag cuimhneamh ar oidhreacht shaibhir na háite

Star Wars á fhógairt ag ‘Dunmore Head’ agus Corca Disney á dhéanamh de Chorca Dhuibhne

Ba dhóigh leat, agus na cúlfhiacla go maith agam fén dtráth seo, go mbeadh níos mó céille agam ná bheith ag ligint do nithe neamhbheo a bheith ag déanamh tinnis dom agus an phip a chur orm. Níl aon leigheas agam air, áfach. Maithigí dom é.

Thiar i gCom Dhíneol a bhíos le déanaí. Lastuas de Thráigh an Choma, le hais an Dúna Mhóir, tá comhartha crochta ar pholla: ‘Dunmore Head, Film Location for Star Wars: The Last Jedi’ atá scríte air.

Ní hamháin gur cheapas go raibh lá ‘Dunmore Head’ agus gach fuithilí faithilí de phraistriúchán ar logainmneacha na Gaeltachta imithe, ach feictear dom nárbh shin an t-aon mháchail atá air mar chomhartha.

Níl aon ghá lena leithéid de chomhartha ach chomh beag, go háirithe i ré seo na teicneolaíochta. Leathchéad bliain ó shin deineadh an scannán Ryan’s Daughter sa cheantar, agus níl lá sa bhliain ná go mbíonn lucht leanta an scannáin sin ag tógaint pictiúr de thráigh a’ Choma, mar go bhfuil a fhios acu gur ann a deineadh cuid den scannán. Tá oiread airde tarraingthe ag Star Wars, agus lucht leanúna chomh dílis acu, fiú dá mbeadh gach Chewbacca agus Stormtrooper acu a gheibheann an treo ar a gcaid asail ar fad, bheadh a fhios acu gur ann a deineadh cuid de Star Wars.

D’fhéadfaí comhartha a chrochadh a dhéanfadh cur síos ar stair agus ar oidhreacht an Dúna agus an cheantair máguaird, seachas comhartha a dheineann beag is fiú d’fhíorthábhacht na háite agus den oidhreacht shaibhir atá ag Com Dhíneol agus ag an nDún Mór, áiteanna arbh díol suime iad i bhfad sara dtáinig aon fhear ceamara don áit.

’Sé seo an ceann tíre is sia siar in Éirinn agus san Eoraip ar fad. Thuas ar bharra an Dúna, tá Gallán a’ tSagairt, cloch oghaim ar a bhfuil ERC MAQI MAQI-ERCIAS (MU) DOVINI(A) greanta (Earc mac Mhic-Eirce de shliocht Dhuibhne).

Ba isteach ar Thráigh an Choma a tháinig Giovanni de Manona, an t-aon duine a mhair ó shuncáil an Santa Maria de la Rosa, ceann de mhórbháid Armáid na Spáinne, i mBealach an Bhlascaoid i 1588. Deirtear chomh maith gur tháinig scata corp ón dtragóid chéanna isteach ar an dtráigh agus go bhfuarthas roinnt creatlach agus blaosc nuair a bhí an bóthar nua á bhaint síos go Tráigh an Choma.

Tá Poll an Ancaire ann, mar a bhfuarthas ancaire mór ó Ré na Lochlannach; Faobharcharraig, Cuas Lís Móiníl, Carraigh a’ tSasanaigh, Liúir agus An Seanduine, cé gur beag suim atá ag lucht ‘Dunmore Head’ sna háiteanna sin.

Tá Sceilg Mhichíl á ‘Disníú’, agus tá Corca Disney á dhéanamh de Chorca Dhuibhne.

Beidh ‘Ahch-To’ déanta de Sceilg Mhichíl, agus Ahch-To a Dó déanta de Cheann Sibéal.

Anois mar sin, nach diail an comhartha é sin thiar sa Chom a chuir oiread sin de chonach orm.

Fág freagra ar 'Star Wars á fhógairt ag ‘Dunmore Head’ agus Corca Disney á dhéanamh de Chorca Dhuibhne'

  • Pádraig Ó Murchú

    Tá an ceart 100% agat. Ba cheart go mbeadh i bhfad níos mó eolas faoin eachtra chailliúint An Santa Maria de Lá Rosa chomh maith le laochra na Blaoscaoidí agus éirí amach 1580 agus an áir a deineadh ar na Gaeil i nDún an Óir. Agus ná deinfear dearmad ar an file Piarais Feirtéar agus an tabhacht a bhaineann leis mar ardfhile na nGael

  • Bibi

    Cúis gháire chugam! Is fada ó chuala pip a bheith curtha éinne! Ach tán ceart agat , tán áit ina Disney ceart anois agus ár dteanga leath chaillte. Sin é praghas na forbartha agus an dul chun cinn. Tá súil agam ná cuirfidh an phip an deireadh céanna leat agus a chuirtí leis na sicíní beaga bochta!

  • Feardorcha

    Tá seana leigheas ag na Gaeil ar chomharthaí ná maith leo…