Stair na dTrioblóidí á hathscríobh ar an dá thaobh

Is léir go raibh bealaí síochánta ann chun déileáil le gnóthaí Thuaisceart Éireann

Stair na dTrioblóidí á hathscríobh ar an dá thaobh

Téarma gránna is ea athbhreithniúchas staire dar le roinnt daoine ach déantar athléamh ar an stair go rialta nuair a thagann faisnéis nua chun solais.

Ní hionann sin agus casadh ar mhaithe leat féin a bhaint as fíricí.

‘Reibhiseanachas brocach’ a thug eagraíocht íobartach le deireanas ar iarrachtaí chun craiceann na dlisteanachta a chur ar fhoréigean na bparaimíleatach idir phoblachtánaithe agus dílseoirí.

Is minic a chloistear cáineadh ar Shinn Féin faoi ‘ghlóiriú’ lucht an IRA agus a fheachtas foréigin. Chuir ráiteas Michelle O’Neill, leascheannaire Shinn Féin, go raibh feachtas an IRA ‘dosheachanta’ alltacht agus múisiam ar dhaoine nár thacaigh ariamh le foréigean.

Athscríobh as éadan ab ea é ar an stair.

Is léir go raibh bealaí síochánta ann chun déileáil le gnóthaí Thuaisceart Éireann; go deimhin is léir gur ghlac Sinn Féin leis an bhfíric sin i gComhaontú Aoine an Chéasta. Mar sin féin is teagasc ag Sinn Féin é nach raibh an dara rogha ann ach an foréigean, teagasc a mbaineann siad leas as go seasta agus a bhfuil glacadh leis ag daoine nach cuimhin leo na huafáis, chomh maith leo sin a sheas leo i gcónaí.

Nochtann polaiteoirí aontachtacha fearg agus déistin leis an gcaoi a molann Sinn Féin a chuid laochra. Ag an am céanna bíonn teagmháil ag ionadaithe aitheanta aontachtacha le paraimíleataigh nó ‘iar-pharaimíleataigh’ dhílseacha a bhfuil ceisteanna ag iliomad daoine faoina gcuid iompair, ní áirím na blianta fada atá caite acu ag rá go bhfuilid ‘ag claochló’.

Músclaíodh ceisteanna faoi athinsint ar stair na bparaimíleatach ón dá thaobh le gairid i dtaca le himeachtaí cuimhneacháin. Ina theannta sin cothaíodh míshuaimhneas nuair a bhuail ionadaí sinsearach ón mbunaíocht in Westminster leis na dílseoirí.

Dúirt an feachtasóir dílseach Jamie Bryson gur eagraíochtaí frithsceimhlitheoireachta iad an UVF agus an UDA. Mhaígh sé go ndúirt Peter Robinson, leascheannaire an DUP ag an am, an rud céanna sna hochtóidí. Ag freagairt d’fhoréigean an IRA a bhíodar dar le Bryson agus é de cheart ag pobal iad féin a chosaint. Dúirt se freisin nár thacaigh sé leis an UVF agus gur eagraíocht thoirmiscthe í.

Bhí Bryson á chosaint féin i ndiaidh a cháinte as freastal ar pharáid de chuid an UVF i gcuimhne ar cheannasaí de chuid na bparaimíleatach, Robert Seymour ar mharaigh an tIRA é i 1988. Bhí Bryson ar an bparáid seachtain tar éis dó diancháineadh a dhéanamh ar fheisire Parlaiminte Shinn Féin John Finucane as labhairt ag ócáid i gcuimhne ar an IRA i ndeisceart Ard Mhacha.

Níor léir an raibh Bryson dall ar stair an UVF nó ar roghnaigh sé neamhshuim a dhéanamh di. Bhí an UVF gníomhach sna seascaidí sular bunaíodh Sealadaigh an IRA. I mí an Mheithimh 1966 cailleadh John Patrick Scullion tar éis ionsaí lámhaigh de chuid an UVF i gceantar na bhFál i mBéal Feirste.

Ba é sin an chéad duine a maraíodh le linn na dTrioblóidí. Ar an 26 Meitheamh maraíodh Peter Ward, 18, agus gortaíodh beirt eile in ionsaí lámhaigh an UVF i Sráid Malvern. Lá arna mhárach fuair Matilda Gould, baintreach 77 (Protastúnach), bás coicís tar éis a gortaithe ina teach féin nuair a rinne an UVF ionsaí loiscneach ar thábhairne Caitliceach béal dorais. N’fheadar cén sceimhle a raibh siad ag cur ina coinne? Coisceadh an UVF.

Sna blianta idir sin agus Comhaontú Aoine an Chéasta mharaigh dílseoirí os cionn 1,100 (mharaigh an UVF 572) agus mharaigh an tIRA beagnach 1,800. Buille trom d’íobartaigh na ngrúpaí sin, idir dhaoine a gortaíodh agus ghaolta na marbh, is ea é nuair a chloiseann siad cuma na maitheasa á cur ar ionsaithe. Ar an mbealach céanna goilleann sé ar dhaoine a d’fhulaing faoi lámha fhórsaí an stáit a chloisint nár cheart go mbeadh ar na haisteoirí sin freagairt don dlí.

Buille eile ab ea é dá lán a fháil amach gur bhuail cathaoirleach Choiste Parlaiminteach Thuaisceart Éireann, an feisire Caomhach Simon Hoare, le hionadaithe an UVF agus an UDA. Níor chainteanna rúnda iad a dúirt sé ach bhíodar príobháideach.

Ba é Jamie Bryson a thug le chéile iad; shéan seisean gur ionadaithe na bparaimíleatach a bhí i láthair, ionadaithe pobail ab ea iad, ar sé. Ba é léamh na n-íobartach gur paraimíleataigh a bhuail le Hoare a bhí ag iarraidh léargas a fháil ar na húdair frustrachais a bhí acu. Dúradar leis nach bhfillfeadh aontachtaithe ar Stormont mura scriosfaí an prótacal iarBhreatimeachta, creat Windsor. Dúirt an Coiste Parlaiminteach gur ag bailiú eolais faoi choiriúlacht eagraithe agus paraimíleatachas a bhí an Cathaoirleach.

B’fhacthas d’íobartaigh gur chéim eile í seo san díghalrú nó glanadh atá ar siúl ar pharaimíleataigh beag beann ar an gcoiriúlacht ina bhfuil cuid acu báite.

Aistear sách corrach é do Shinn Féin a chur ina luí ar dhaoine go bhfeidhmeoidh siad thar ceann gach dream, gach aicme is iad i gcumhacht abhus agus theas fad is atá siad ag comóradh an IRA; is cosúil gur chuige sin an t-athscríobh ar an stair.

Mórtas as a bheith ag cosaint a muintire féin an t-athscríobh dílseach freisin. De réir a chéile tá na teachtaireachtaí sin ag bailiú nirt agus gan ach glórtha na n-íobartach ag cur ina gcoinne agus corrchancrán de cholúnaí mar seo.

Fág freagra ar 'Stair na dTrioblóidí á hathscríobh ar an dá thaobh'

  • Pól Ó Braoin

    Ní haon chancrán ar chor ar bith thú, a Phóilín, bail ó Dhia ort. An-alt uilig! Scríobhfaidh na buaiteoirí a leagan féin den stair, dris chosáin eile a fhágfas nach mbíonn muid in ann foghlaim ó na botúin a rinneadh.