Scannán
Mír
Bileog Oibre
Gníomhaíocht 1 – bí ag éisteacht, scríobh agus ag caint:
- Féach ar bhosca 1 agus éist leis an gcur síos air dhá/trí bhabhta.
- Déan iarracht an méid a chloiseann tú a scríobh síos. (Muna bhfuil tú in ann abairtí iomlána a scríobh is leor eochairfhocail agus frásaí).
- Déan an méid atá scríofa agat a roinnt/a phlé leis an duine in aice leat. An bhfuil sibh in ann teacht ar an gcur síos iomlán.
- Éist leis an gcur síos arís.
Gníomhaíocht 2 – líon na bearnaí:
- Féach ar bhoscaí 2 agus 3.
- Thíos tá cur síos ar bhoscaí 2 agus 3. Déan iarracht na bearnaí a líonadh
- Déan do chuid freagraí a roinnt/a phlé leis an duine in aice leat.
- Éist leis an gcur síos ar bhoscaí 2 agus 3.
Gníomhaíocht 3 – cuir in ord:
Thíos tá cur síos ar bhoscaí 4 agus 5, ach níl sé san ord ceart. An féidir leat é a chur san ord ceart?
- Déan do fhreagra a roinnt/a phlé leis an duine in aice leat.
- Éist leis an gcur síos ar bhoscaí 4 agus 5.
Gníomhaíocht 4- bí ag scríobh agus ag caint:
- Déan iarracht cúig líne a scríobh ag déanamh cur síos ar bhosca 6.
- Tá roinnt fhocal/nathanna sa scamall focal thíos le cabhrú leat.
- Déan iarracht focail/nathanna/briathra eile a aimsiú ar www.focloir.ie
Gníomhaíocht 5 – bí ag léamh:
Léigh an cur síos thíos ar an SP.
Gníomhaíocht 6 – bí ag éisteacht:
- Éist leis an gcur síos iomlán ar SP.
- Breathnaigh ar an téacs ag an am céanna más maith leat.
Gníomhaíocht 7 – ciorcal comhrá:
- Ag úsáid na nótaí (ach gan a bheith á léamh) déanfaidh tú cur síos ar thrí cinn de na boscaí don duine in aice leat. Ansin déanfaidh siad sin cur síos ar an trí bhosca eile. Is féidir seo a dhéanamh cúpla uair le páirtnéirí difriúla.
- Cuir roinnt de na ceisteanna ar a chéile.
- Déan iarracht ceisteanna nua a chumadh.
Gníomhaíocht 8 – deis taifeadta:
- Déan tú féin a thaifeadadh ag déanamh cur síos ar an SP.
- Éist leis an taifeadadh atá déanta ag daoine eile.
Gníomhaíocht 9 – nathanna cainte: bí ag caint agus ag scríobh:
- Tá go leor nathanna cainte/focail úsáideacha sa téacs thíos. Tá roinnt acu marcáilte. Déan iarracht cuid acu a chur in abairt ó bhéil leis an duine in aice leat.
- Déan iarracht cuid eile acu a chur in abairt scríofa.
- Mura dtuigeann tú céard is brí le nath cainte déan é a chuardach ar www.focloir.ie.
Gníomhaíocht 10 – céard fút féin?
- Scríobh cúpla pointe faoi na caitheamh aimsirí atá agat féin féin.
- Déan iarracht cuid de na nathanna sa téacs thíos a úsáid.
- Déan focail agus briathra nua a chuardach ar www.focloir.ie
- Nodanna/Feidhmeanna Teanga: Cuir síos a thabhairt ar na caitheamh aimsirí, a rá cén fáth go dtaitníonn siad leat, cé chomh minic is a bhíonn tú á ndéanamh, do chumas a chur in iúl.
- Déan an méid atá scríofa agat a roinnt leis an duine in aice leat.
- Arís is féidir tú féin a thaifeadadh.
Gníomhaíocht 11 – Mír Seoigh!
Rólghlacadh!
- Scríobh an comhrá atá ar siúl ar an nguthán.
- Úsáid do shamhlaíocht!
- Nodanna/Feidhmeanna Teanga: Tabhair teachtaireacht, déan rud éigin a iarraidh, déan moladh.
- Déan an méid a scríobh tú a roinnt leis an duine in aice leat.
Laethanta saoire – Tenerife
1) Bhí cluiche iománaíochta faoi lán seoil agus comhrac an bhradáin idir an dá fhoireann.
Bhí an saol agus a mháthair ag an gcluiche.
Cúl agus trí chúilín ag Scoil Pheadair; cúl agus cúilín amháin ag Coláiste Mhuire.
2) I bpreabadh na súl bhí Caoimhín sínte ar fhleasc a dhroma.
Shéid an réiteoir an fheadóg.
Tháinig na hoifigigh garchabhracha le sínteán.
Bhí an bainisteoir ag béiceadh in ard a chinn is a ghutha ach thug an réiteoir an chluas bhodhar dó.
Gan aithne gan urlabhra a bhí Caoimhín bocht faoin tráth seo.
3) Tógadh é go dtí an seomra éigeandála agus timpiste ar luas lasrach.
Bhí sé a trí a chlog agus an áit dubh le daoine.
Tháinig a mheabhair chuig Caoimhín ach bhí pian uafásach ina chos agus é sceimhlithe ina bheatha.
4) Chaith siad dhá uair an chloig ag feitheamh.
D’éirigh an bainisteoir an-mhífhoighneach agus thug sé íde béil don altra bocht.
Mhínigh sí dó nach raibh aon leigheas ar an scéal.
Faoi dheireadh is faoi dheoidh, rinneadh x-ghathú ar a chos* agus cuireadh plástar air.
5) Ina dhiaidh sin, tugadh isteach i seomra an dochtúra é.
Bhí Caoimhín tagtha chuige féin beagáinín faoin tráth seo ach bhí an plástar an-mhíchompordach.
Mhínigh an dochtúir dó go raibh a chos* briste agus go mbeadh air sos fada a thógáil ó chluichí spóirt.
Thit an lug ar an lag ag Caoimhín bocht.
6) Faraor, bhí air déanamh ar an dochtúir agus sos a thógaint ón iománaíocht ar feadh cúig mhí. Bhí díomá an tsaoil air.
Ní raibh a fhios aige ó thalamh an domhain céard a dhéanfadh sé i rith an ama sin.
Ní raibh suim dá laghad aige i gcluichí cosúil le ficheall.
B’fhada leis go mbeadh sé ar ais ar a sheanléim arís.
*Is féidir ‘a chois’ a rá freisin. Is é is coitianta sa Ghaeltacht agus tá sé cruinn ceart.
Ceisteanna don Idirghníomhaíocht:
- Céard a tharla do Chaoimhín, meas tú?
- Céard a tharla don imreoir a rinne feall ar Chaoimhín?
- Cé mhéad ama a chaith siad san ospidéal san iomlán, meas tú?
- Cad a dúirt an bainisteoir leis an réiteoir?
- Cad a dúirt an bainisteoir leis an altra? Cad a dúirt sí ar ais leis?