Tá TG4 le sraith nua clár litríochta a chraoladh an bhliain seo chugainn a bhuíochas d’urraíocht ó Fhoras na Gaeilge.
Is fada foilsitheoirí agus scríbhneoirí na Gaeilge ag gearán faoi easpa léirmheastóireachta a dhéantar sna meáin ar leabhair Ghaeilge agus cáintear TG4 toisc gan aon chlár rialta a bheith acu faoi litríocht na teanga.
Cuirfear fáilte mar sin roimh an gclár nua a bheidh ar siúl uair sa mhí, ar feadh naoi mí, ó mhí Eanáir seo chugainn amach.
Meastar go gcosnóidh an tsraith iomlán €91,725 ach íocfaidh Clár na Leabhar Gaeilge, atá faoi stiúir Fhoras na Gaeilge, beagnach leath an airgid sin, €45,000.
Thacaigh comhaltaí bhord an Fhorais leis an bplean seo ag cruinniú a bhí acu i mí Mheán Fómhair na bliana seo.
Maidir le sciar an Fhorais den chaiteachas, dúradh go mbeadh “bunús an airgid ag teacht ó na fuílligh bainc a bhí ann ag deireadh 2015”.
Fág freagra ar 'Sraith nua litríochta le craoladh ar TG4 le tacaíocht ó Fhoras na Gaeilge'