Insíodh do Phrionsa Charles na Breataine Bige inniu faoin uair a casadh Gráinne Mhaol ar an mBanríon Éilís I agus faoin liosta focal agus nathanna Gaeilge a bronnadh ar an mbanríon chéanna tráth den saol.
Tuairiscítear gur chuir Prionsa Charles na Breataine Bige agus a bhean Camilla “spéis mhór” sa chur i láthair faoi chultúr na Gaeilge agus an léinn Éireannaigh a eagraíodh dóibh in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.
Is cosúil chomh maith go ndein an Prionsa comhrá beag le lucht na Gaeilge agus an léinn Éireannaigh faoi chúrsaí filíochta le linn a chuairte ar an Ollscoil sa Ghaillimh inniu.
Labhair Prionsa na Breataine Bige faoin meas atá aige ar shaothar Seamus Heaney agus dúirt gur bhocht leis gur cailleadh chomh hóg sin an file agus fealsúnaí John O’Donohue.
I measc na ndaoine a casadh ar an bPrionsa Charles agus a bhean sa Ghaillimh inniu, bhí an file agus Stiúrthóir ar Ionad an Léinn Éireannaigh, Louis de Paor, a dhein cur i láthair faoi léann na hÉireann, an t-amhránaí Mícheál Ó Cuaig agus Príomhfheidhmeannach Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge agus Gaeltachta, Dónáll Ó Braonáin.
Thug Dónall Ó Braonáin uaidh píosa cainte faoin gcéad uraiceacht Ghaeilge do Bhéarlóirí, cáipéis a cuireadh i dtoll a chéile sa séú haois déag don Bhanríon Eilís.
Ba é Criostóir Nuinseann as Dealbhna, Contae na hIarmhí a bhreac an lámhscríbhinn 18 leathanach a bronnadh ar an mBanríon Eilís I agus í ar cuairt in Ollscoil Cambridge sa bhliain 1564. Tá idir Bhéarla, Ghaeilge agus Laidin sa lámhscríbhinn a choinnítear i dTeach Farmleigh i bPáirc an Fhionnuisce i mBaile Átha Cliath
Bronnadh cóip de shaothar Nuinseann ar Bhanríon Eilís II ar ócáid a cuairte stáit sa bhliain 2011.
Chuala an Prionsa Charles agus a bhean chomh maith faoi léarscáil John Speed ón mbliain 1610. Is ar an léirscáil seo a léiríodh den chéad uair go ndearnadh contaetha den tír, 32 díobh, i ndiaidh ré na plandála.
Is ar an léarscáil seo chomh maith atá an t-aon logainm a luaitear le bean i gcartagrafaíocht stairiúil na hÉireann – ‘Grany O’Male’.
Bhí cáil ar Ghráinne Ní Mháille as a cuid gaiscí mara agus casadh uirthi an Bhanríon Éilís I i bPálas Greenwich sa bhliain 1593.
Ba í an Dr Nessa Cronin ó Ionad an Léinn Éireannaigh in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, a rinne an cur i láthair faoi léarscáil John Speed.
Ba le linn na cuairte ar an Ollscoil inniu a chroith an Prionsa lámh le Gerry Adams, Uachtarán Shinn Féin.
Tá Prionsa na Breataine Bige Charles agus a bhean ar cuairt oifigiúil chun na hÉireann faoi láthair.
Fág freagra ar '‘Spéis mhór’ curtha ag an bPrionsa Charles i scéalta faoi Ghráinne Mhaol, an Ghaeilge agus 32 contae na hÉireann'