Socruithe peile agus iománaíochta a thaitneodh le Boris Gliobach féin

Ní rómhaith a d’éirigh leis na himircigh bhochta sna babhtaí ceannais a d’imríodar idir 1900 agus 1903, cé is moite d’aon ghaisce suntasach amháin

Socruithe peile agus iománaíochta a thaitneodh le Boris Gliobach féin

Foirean Peile Londain. Is é Sam Mag Uidhir an tríú duine ó chlé sa líne chúil agus is é Liam Mac Cárthaigh an ceathrú duine ó chlé sa líne láir

Ag fíorthús an chéid seo caite shocraigh Cumann Lúthchleas Gael go dtabharfaí áiteanna caol díreach i gcluichí ceannais na hÉireann d’iománaithe agus do pheileadóirí Londan.

Ní móide go mba shocrú a bhí ann a thaitneodh le Boris Gliobach dá mba é a bhí i gcumhacht ag an am agus is rímhaith freisin a thuig an té a bhí ina bhróga, Arthur Balfour, go raibh níos mó i gceist ná cur chun cinn na peile agus na fuinseoige ar bhruach an Thames.

Théis an tsaoil, bhí seal caite ag Balfour mar Phríomh-Rúnaí ar Éirinn nuair a toghadh den chéad uair in 1887.

Dála an scéil ba é a uncail, Robert Gascoyne-Cecil, an Príomh-Aire a rinne an ceapachán sin, as a dtáinig an ráiteas finíochais ‘Bob’s your uncle’ más fíor.

Bhí oiliúint mhaith faighte aige mar sin ar mhodhanna oibre Parnell, Micheál Dáibhéid agus Seán Réamonn. Bheadh a fhios go maith aige nach raibh mámh ba láidre ná an Gaelachas san imirt cártaí a bhí ar bun idir náisiúnaithe den uile chineál agus a leithéid féin a bhí in aghaidh Rialtas Dúchais.

Fágfaidh mé faoi na staraithe agus fúthu siúd is eolaí ná mise léirmheas a thabhairt ar iomlán na gcúiseanna faoinar tugadh an cuireadh d’imreoirí Londan, ach ó thaobh na himeartha ba go tubaisteach amach agus amach a d’éirigh leis na himircigh bhochta sna babhtaí ceannais a d’imríodar idir 1900 agus 1903, cé is moite d’aon ghaisce suntasach amháin.

Níorbh iontas sin. Ainneoin ainmhéid na heisimirce, cén chaoi a bhféadfadh an forás céanna a bheith faoi Chumann Lúthchleas Gael i Londain agus a bhí sa tír seo – áit nach raibh an eagraíocht fós ach i dtús a fódaithe?

Sa mhullach air sin bhíothas ag súil go mbeadh foirne Londan in ann aghaidh a thabhairt ar phlúr pheileadóirí agus iománaithe na craoibhe agus gan aon chluiche, nó mórán ar chuma ar bith, imeartha acu féin.

Tubaiste inti féin ab ea iomaíocht na peile. Sna babhtaí ceannais a d’imir siad na blianta ba thúisce ba ceithre chúilín an scór ba mhó a fuair Londain. Ba i 1902 a tharla sin nuair a bhuaigh Eimitigh Bhrí Chuailgne (a bhí ag iomaíocht in Áth Cliath ag an am).

Dhá chúilín ghágacha a fuaireadar in aghaidh Sheamróga Chluain Meala agus in aghaidh Oileáin na Mara (Áth Cliath) sna blianta roimhe sin agus 3 chúilín a bhí acu in aghaidh Mhistéalaigh Thrá Lí i 1904.

Ba ar pháirc na hiomána a facthas an t-aon údar gaisce a tháinig ina mbealach le linn an ama sin, nuair a bhuaigh siad ar Réamonnaigh Chorcaí i gCluiche Ceannais 1901.

B’in an chéad cheann de thrí chluiche ceannais a d’imir Londain in aghaidh foirne as Corcaigh. Aon scór amháin féin chinn orthu a aimsiú in aghaidh Dhún Guairne sa gcraobh dár gcionn. Cúl agus cúilín a fuaireadar i gcraobh 1903.

Cé is moite de chraobh 1900 ba ar an lá agus ar an bpáirc chéanna a reáchtáladh na cluichí ceannais chuile bhliain acu – cé gur fíor a rá freisin gur fhág corraíl na linne nár imríodh ceann ar bith acu sa mbliain féilire chuí.

Tabhair faoi deara go mba iad Liam Mac Cárthaigh agus Sam Mag Uidhir a bhí mar Uachtarán agus Leas-Uachtarán ar Choiste Londan Chumann Lúthchleas Gael le linn an ama atá i gceist agam – an bheirt a bhfuil príomhchoirn chraobhacha CLG ainmnithe ina n-ómós.

Go deimhin ba é Mag Uidhir an captaen a bhí ar na peileadóirí a d’imir i gcluichí ceannais 1900, ’01 agus ’03.

Sa gcraobh ba dheireanaí acu sin d’imir Tim Doody as Tuar na Fola i Luimneach do pheileadóirí Londan agus do na hiománaithe an lá céanna. Ní fheicfidh tú a leithéid arís, glac leis agus ní tharlóidh sé gurb é an réiteoir céanna a bheas i gceannas sa dá chluiche ceannais mar a bhí Seán Mac Cárthaigh as Cumann na Cónaidhme i gCathair Chill Chainnigh i gcluichí ceannais 1901.

Eachtra thábhachtach i stair CLG ab ea imirt bhabhtaí ceannais 1902 (ar 11/9/1904) mar gurbh iadsan na cinn ba thúisce a imríodh ar Pháirceanna na Lúthchleas i mBaile an Teampaill i gCathair Chorcaí a bhí díreach ceannaithe ag an gcumann – is ann atá Páirc Uí Chaoimh inniu.

Suimiúil freisin a thabhairt faoi deara nach le teacht an Sunday Game, Match of the Day agus Sky a tugadh faoin anailís ar na cluichí móra. I dtuairisc ar na cluichí sa Cork Examiner ar an Luan 12 Meán Fómhair 1904, bhí cuntas ar an imirt agus barúlacha ó réiteoir aitheanta agus ó shaineolaithe neodracha.

Foilsíodh tuairim trí cheathrú leathanaigh ar an Examiner – leath de a bhain leis an imirt agus an leath eile ag cur síos ar chóisir mhór a bhí ar siúl an oíche sin i Halla na Cathrach ag a raibh na foirne mar aon le maithe agus móruaisle CLG agus na cathrach.

Mar is dual, ní raibh aon easpa óráidíochta ann. Ard-Mhéara Chorcaí Aibhistín de Róiste ba thúisce a labhair agus chríochnaigh seisean a chuid cainte le hiarratas na gloiní a ardú agus sláinte ‘Tír a nDúchais’ a ól.

Ní raibh cainteoir dar lean, agus níor ghann a bhíodar, nár éiligh sláinte áite, eagraíochta, nó daoine eile a ól fad agus a bhí bannaí ceoil Shráid na Beairice, Mhainistir na Corann agus Mhargadh an Ime ar an láthair leis an gceol a sholáthar.

Ní raibh ar iarraidh ach Marty Morrissey!

Fág freagra ar 'Socruithe peile agus iománaíochta a thaitneodh le Boris Gliobach féin'