‘Sláinte agus sábháilteacht dhaltaí Ghaelcholáiste Reachrann is tábhachtaí dúinn’ – bord oideachais

Tá ráiteas déanta ag Bord Oideachais agus Oiliúna Átha Cliath agus Dhún Laoghaire faoi phictiúir a léirigh an drochbhail atá ar chuid de na seomraí i scoil lán-Ghaeilge i nDomhnach Míde

‘Sláinte agus sábháilteacht dhaltaí Ghaelcholáiste Reachrann is tábhachtaí dúinn’ – bord oideachais

Deir Bord Oideachais agus Oiliúna Átha Cliath agus Dhún Laoghaire go bhfuil siad ar an eolas faoi na ceisteanna atá ardaithe ag tuismitheoirí a deir go bhfuil Gaelcholáiste Reachrann i mBaile Átha Cliath i ndroch-chaoi.

Dúirt urlabhraí ón mbord oideachais gurb é sláinte agus sábháilteacht daltaí a scoileanna “an rud is tábhachtaí” dóibh.

Foilsíodh pictiúir ar na meáin shóisialta an tseachtain seo caite a léirigh an drochbhail atá ar chuid de na seomraí réamhdhéanta sa scoil lán-Ghaeilge i nDomhnach Míde.

Bhí poill sna ballaí agus sa tsíleáil sna seomraí ranga le feiceáil i bpictiúir eile.

D’fhág tuismitheoirí teachtaireachtaí faoi na pictiúir inar léirigh siad imní faoi shábháilteacht a bpáistí i bhfianaise dhrochbhail na scoile.

Dúirt urlabhraí an bhoird oideachais go raibh siad ag obair leis an Roinn Oideachais agus le Gaelcholáiste Reachrann le leigheas na faidhbe a fháil agus go raibh iarratais ar mhaoiniú á ndéanamh dá réir.

“Faigheann Gaelcholáiste Reachrann buiséad gach bliain ina mbíonn soláthar do chothabháil/deisiúcháin logánta.

“Maidir le haon obair dheisiúcháin nó éigeandála eile a bhíonn le déanamh, déanann DDLETB [bord oideachais] iarratais ar an Roinn ar mhaoiniú breise,” arsa urlabhraí Bhord Oideachais agus Oiliúna Átha Cliath agus Dhún Laoghaire.

Nuair a tharraing tuismitheoirí aird ar an droch-chaoi a dúirt siad a bhí ar Ghaelcholáiste Reachrann agus an gá atá ag an scoil le foirgneamh nua, thacaigh beirt Teachtaí Dála leo.

I ráiteas a chuir an Roinn Oideachais ar fáil do Tuairisc.ie faoin scéal dúradh go raibh cás na scoile á phlé acu le Bord Oideachais agus Oiliúna Átha Cliath agus Dhún Laoghaire agus iarrachtaí á ndéanamh “dlús” a chur le forbairt foirgnimh nua don scoil.

Tá Gaelcholáiste Reachrann 20 bliain ar an bhfód i mbliana.

I mí Dheireadh Fómhair seo caite thug an Roinn Oideachais cead do Bhord Oideachais agus Oiliúna Átha Cliath agus Dhún Laoghaire gearrliosta conraitheoirí a chur le chéile. Bhí athbhreithniú á dhéanamh ag an Roinn ar an iarratas ar scoil nua ag an tráth sin agus dúradh gur chun “dlús a chur leis an tionscadal” a bhí an liosta sin á iarraidh.

“Tá an foirgneamh do Ghaelcholáiste Reachrann i gcéimeanna deiridh na pleanála, céim 2 (b) – miondearadh,” a dúirt urlabhraí na Roinne.

Thug an t-urlabhraí le fios gur ag céim a 2 den phleanáil atá an t-athbhreithniú go fóill agus go mbeadh tionscadal na scoile seo ag bogadh chuig céim 3, céim na tairisceana, mura mbeadh “aon cheisteanna ann” faoi chéim a dó den phróiseas.

Dúirt urlabhraí an bhoird oideachais nach bhféadfaidís aon rud a rá faoi cathain a chuirfí deireadh leis an bpleanáil do scoil nua mar go rabhthas ag fanacht ar chead na Roinne Oideachais bogadh ar aghaidh go dtí céim na tairisceana.

Dhiúltaigh an Roinn Oideachais aon ráiteas a dhéanamh faoin bhuairt a d’fhéadfadh a bheith ar thuismitheoirí maidir le sábháilteacht is sláinte na ndaltaí atá ag freastal ar an scoil.

Fág freagra ar '‘Sláinte agus sábháilteacht dhaltaí Ghaelcholáiste Reachrann is tábhachtaí dúinn’ – bord oideachais'

  • Colm Ó Cearúil

    Foirgneamh nua tuillte ag Scoil Phobal Ghaelcholáiste Reachrann ag an tráth seo. Pobal ghníomhach thiomanta a chuireann oideachais den scoth ar ghluain nua beomhar Ghaelgeoirí gach bhlian, le breis is scór bhliain. Tá eacht bainte amach acu ní amháin i dTuaisceart Átha Cliath ach i bhfad i gcéin feasta.