Síneadh curtha le téarma príosúin péidifileach as Gaeltacht Chonamara

Tá téarma príosúin 13 bliain á chur isteach cheana ag Seosamh Ó Ceallaigh as an Tuairín i mBéal an Daingin i gConamara as éigniú agus mí-úsáid ghnéis leanaí

Síneadh curtha le téarma príosúin péidifileach as Gaeltacht Chonamara

Tá 17 mí eile curtha le téarma príosúin péidifileach as Gaeltacht Chonamara.

Tá téarma príosúin 13 bliain á cur isteach cheana ag Seosamh Ó Ceallaigh as an Tuairín i mBéal an Daingin i gConamara as éigniú agus mí-úsáid ghnéis leanaí.

Iarmhúinteoir bunscoile a mbíodh bus á thiomáint aige ar chúrsaí samhraidh sa Ghaeltacht é Seosamh Ó Ceallaigh, a shéan i dtólamh dhá chúis a bhain le hionsaí mígheanasach a dhéanamh ar bhuachaill deich mbliana d’aois le linn cúrsa samhraidh Gaeltachta i mBéal an Daingin i 1979.

Téarma príosúin dhá bhliain ar a mhéid atá leagtha síos do choir dá leithéid.

Ag triail a mhair ceithre lá i gCúirt Chuarda Choiriúil na Gaillimhe, chinn giúiré an mhí seo caite go raibh Ó Ceallaigh ciontach.

Ag an éisteacht faoin bpianbhreith inniu, dúirt an Bleachtaire Paul Duffy gur péidifileach cruthanta é Ó Ceallaigh a bhí ciontaithe as 125 coir inar bhain sé mí-úsáid as leanaí le linn dó a bheith ag múineadh i scoil mBaile Átha Cliath agus i bhfeighil ar chúrsa samhraidh Gaeltachta i mBéal an Daingin.

Ar na coireanna sin bhí éigniú agus ionsaí gnéasach, coireanna a bhfuil téarma príosúin 13 bliain á chur isteach aige dá mbarr.

Bhí deireadh le teacht leis an téarma príosúin sin mí Lúnasa 2024, ach d’fhógair an Breitheamh Rory McCabe go gcuirfí 17 mí eile leis.

Agus a chinneadh á fhógairt aige inniu luaigh an Breitheamh gur shéan Ó Ceallaigh na coireanna agus  nár léirigh sé go raibh aon aiféala air. Thagair sé chomh maith don dochar mór fadtéarmach a bhí déanta do shaol an duine a bhí i gceist sa gcás seo.

Fág freagra ar 'Síneadh curtha le téarma príosúin péidifileach as Gaeltacht Chonamara'

  • Pól

    B’fhearr d’iomaire féin a threabhadh ná ligean dá leithéid de chathú an ceann is fearr a fháil ort. Tádar ann sa domhan a mbíonn a leithéid de chathú ag teacht orthu ach nach ndéanfadh agus nach ndéanfaidh an choir choscrach chéanna sin go deo. Bí ag smaoineamh ar an duine i gcónaí nuair a thiocfaidh an cathú ort. Bí ag smaoineamh ar an dochar agus ar an bhfeall a dhéanfar don mhuinín atá curtha ag daoine ionat. Déan é sin, imigh leat nóiméad nó dhó as láthair na ngasúr, agus imeoidh an cathú…