Síneadh ama ‘solúbtha’ is dócha a thairgfear do Johnson agus caint faoi thoghchán ag treisiú

Tá molta ag Uachtarán na Comhairle Eorpaí Donald Tusk go nglacfaí le hiarratas Rialtas na Breataine ar shíneadh ama, moladh ar thacaigh an Taoiseach Leo Varadkar leis

Síneadh ama ‘solúbtha’ is dócha a thairgfear do Johnson agus caint faoi thoghchán ag treisiú

Pictiúr: Leah Farrell/RollingNews.ie

Meastar gur síneadh ama solúbtha a thairgfidh an tAE do Boris Johnson.

Theip inné ar Phríomh-Aire na Breataine agus ceannaire Pháirtí an Lucht Oibre Jeremy Corbyn teacht ar réiteach maidir le clár ama don reachtaíocht Bhreatimeachta, rud a chuir leis an gcaint faoi olltoghchán.

Tuairiscíodh tráthnóna inné gur ‘flextension’, nó ‘lúbshíneadh’, a phléigh Coiste Stiúrtha Breatimeachta an AE, is é sin síneadh ama a dtiocfadh deireadh leis ar an 31 Eanáir 2020 ach a bhféadfaí deireadh a chur leis roimhe sin ach an reachtaíocht chuí a bheith curtha tríd.

Thug an Tánaiste agus Aire Gnóthaí Eachtracha Simon Coveney leid chomh maith gur síneadh ama solúbtha a bheidh i gceist.

Meastar go ndéanfaidh an tAE fógra inniu nó amárach faoin síneadh ama.

Is é is dóichí ná a mhalairt ná go gceadófar síneadh ama eile, cé go bhfuil amhras ann faoi fhad an tsíneadh ama sin.

Tá molta ag Uachtarán na Comhairle Eorpaí Donald Tusk don 27 ballstát eile go nglacfaí leis an iarratas a rinne Boris Johnson cheana ar shíneadh ama, moladh ar thacaigh an Taoiseach Leo Varadkar agus Uachtarán Pharlaimint na hEorpa Jean-Claude Juncker leis.

Tá ráite ag promh-idirbheartaí Breatimeachta an AE Michel Barnier gur gá soiléiriú ón Ríocht Aontaithe faoina gcéad chéim eile sula ndéanfaidh ceannairí an 27 ballstát cinneadh maidir le síneadh ama eile leis an mBreatimeacht.

Idir an dá linn, tuairiscítear gurb amhlaidh go mbeidh olltoghchán á lorg ag Príomh-Aire na Breataine Boris Johnson sa chás gur síneadh ama go dtí mí Eanáir a thabharfaidh an tAE. 

Chuir Johnson a bhille Breatimeachta “ar sos” oíche Dé Máirt nuair a diúltaíodh i bparlaimint Westminster dá phlean an reachtaíocht Bhreatimeachta a bhrú tríd faoi Dhéardaoin na seachtaine seo.

Cé gur glacadh leis an mbille féin, dea-scéal dóite a bhí ann don Phríomh-Aire aréir mar gur diúltaíodh go gairid ina dhiaidh sin dá chlár ama.

Fágann an cinneadh sin go bhfuil gealltanas Johnson an tAE a fhágáil faoin 31 Deireadh Fómhair in aimhréidh.

Faoin acht Benn, an reachtaíocht a tugadh isteach chun cosc a chur ar Bhreatimeacht gan mhargadh, ní raibh aon rogha ag Johnson ach an t-iarratas sin ar shíneadh ama a dhéanamh.

Is é an cinneadh a bheidh le déanamh ag Johnson anois ná an gcuirfidh sé lena bhagairt maidir le toghchán más síneadh ama go dtí mí Eanáir, nó níos faide ná sin, a thairgeann an tAE.

Ó tharla gur éirigh leis dul níos faide ar bhóthar an Bhreatimeachta ná a réamhtheachtaí Theresa May, ar diúltaíodh dá margadh siúd trí bhabhta sa pharlaimint, d’fhéadfadh go mbeadh fonn ar Johnson an cúrsa a sheasamh. Sa chás sin bheadh sé ag súil an toghchán a throid ar an mbonn gurbh é an té ar éirigh leis an Breatimeacht a chur i gcrích faoi dheireadh.

Tá toghchán curtha as an áireamh go dtí seo ag an bhfreasúra in Westminster mar go rabhthas ag iarraidh a chinntiú ar dtús nach mbeadh sé ina Bhreatimeacht gan mhargadh ar an 31 Deireadh Fómhair.

Tuairiscítear anois áfach go mbeadh Páirtí an Lucht Oibre sásta vótáil ar son toghcháin a luaithe is atá a mbeannacht tugtha ag ceannairí na mballstát do shíneadh ama eile.

Fág freagra ar 'Síneadh ama ‘solúbtha’ is dócha a thairgfear do Johnson agus caint faoi thoghchán ag treisiú'