‘Sí mo laoch, mo ghile mear…’ – cé hiad na banlaochra a roghnaigh na Gaeil dúinn?

Agus Lá Idirnáisiúnta na mBan á cheiliúradh inniu ar fud an domhain, d’iarr Tuairisc.ie ar mhná aitheanta a mbanlaochra as Éirinn a roghnú…

‘Sí mo laoch, mo ghile mear…’  – cé hiad na banlaochra a roghnaigh na Gaeil dúinn?

Muireann Nic Amhlaoibh – Nuala Rua Ní Dhomhnaill

’Sí banlaoch liomsa ná an file Nuala Rua Ní Dhomhnaill. Is bean í atá láidir agus meabhrach, bhí misneach aici inti féin ó aois óg agus cuireann sí í féin i láthair i slí atá umhal agus uasal. Is breá liom a dánta, an tslí a mbíonn ábhair theibí, chomhaimseartha á bplé aici – ach go mbíonn aoibhneas agus maorgacht na seanamhrán agus filíocht chlasaiceach na hÉireann le clos ina cuid focal. Tá sí ar dhuine de na cainteoirí Gaelainne is slachtmhaire agus is binne dár chuala riamh. Tá ceol ina cuid cainte. Anuas air sin, tá sí oscailte, macánta, agus flaithiúil lena cuid buanna. Tá sí imithe go mór i bhfeidhm orm.

 

Aifric Mac Aodha – Máire Ní Fhinneadha

Is í Máire Ní Fhinneadha, ó Tuairisc.ie féin, an bhean is túisce a ritheann liomsa. Deirtear gur shiúil sí an chathair ó gharáiste go garáiste nuair a bhí sí ag múineadh i mBaile Átha Cliath, féachaint le printíseacht a eagrú do chailín amháin ina rang a raibh bua na meicneoireachta inti. Shamhlófá nár tugadh aon cheathrú anama d’aon mheicneoir liath leadránach nár fhear fáilte roimpi. Tá sí sa Táin, cheana féin agus gan ansin ach scéilín as na mílte.

 

Muireann  Ní Mhóráin – Catherina Hallahan

Níl aon aithne agam ar Catherina Hallahan, Stiúrthóir Bainistíochta Microsoft in Éirinn. Níor labhair mé riamh léi ach chuala mé ag labhairt í ag ócáid oscailte cheannáras nua MS le déanaí. Bean í a d’fhreastail ar ghnáthscoileanna in Éirinn agus a lean bóthar fada, dian le cáilíochtaí a bhaint amach agus í ag obair ‘ón mbun’  i Microsoft. Fuair sí an ceann is fearr ar an ailse agus í ag leanúint léi ag obair.

Eiseamláir í do mhná óga na linne: níor aithin sí síleáil ar bith, gloine ná coincréit, ach bhain sí an barr amach! Tá ard-mheas agam uirthi agus gura fada buan í.

 

Muireann Ní Chíobháin – Darina Allen

Agus mé i mo pháiste óg, ba mhór an laoch teilifíse dom í Darina Allen, níos mó ná Zig agus Zag fiú! Ní mó na mná a bhí le feiceáil lena clár féin ar an teilifís ag an am, ach bhí Darina ann. Mhúscail sí paisean don chócaireacht ionam. Nuair a chuir mé agallamh uirthi le déanaí, d’iarr mé uirthi cur síos a dhéanamh ar cé hí féin. Bean ghnó, láithreoir teilifíse, múinteoir, feirmeoir, caomhnóir, scríbhneoir, gníomhaí, máthair agus seanmháthair – is liosta fada le dealramh é seo gan amhras! Spreagann Darina go mór mé chun cur le mo liosta féin agus chun tabhairt faoi thograí nua.

 

Myra Zepf – Linda Ervine

Tá meas as cuimse agam ar Linda Ervine, an gníomhaí teanga. Bhunaigh sí ‘Turas’ cúig bliana ó shin ar Bhóthar Bhaile Nua na hArda in Oirthear Bhéal Feirste, chun grá, tuiscint agus labhairt na Gaeilge a chothú i measc an phobail Phrotastúnaigh. Is bean cheannródaíoch, láidir í, nach mbíonn eagla ar bith uirthi snámh in éadan an tsrutha. Agus a leithéid de thoradh ar a cuid oibre! Tá 12 rang ar siúl sa tseachtain aici anois. Go háirithe inniu agus an teanga faoi mhionscrúdú polaitiúil, cluintear a guth go hard is go soiléir ag rá ‘Acht na Gaeilge Anois!’

 

Réaltán Ní Leannáin – Nell McCafferty

Tá Nell McCafferty ar bhean de na mná is mó a bhfuil meas agam orthu thar na blianta, déarfainn. D’oscail Nell súile mhuintir an stáit seo ar mhíchothramas sa tsochaí thart orainn lena hailt san Irish Times. Ag tuairisciú ó na cúirteanna ar dtús, léirigh sí cás na mban, cás na mbocht, cás na ndaoine gan ghuth.

Scríobh sí leabhair, chuaigh sí ar an teilifís agus an raidió. Ba Nell s’againne í.

I measc go leor ban eile a d’ardaigh a nglór sna seachtóidí agus sna hochtóidí, chuir sí go mór le cearta daonna a chur chun cinn sa stát. Laoch déanta.

 

 

Mairéad Ní Nuadháin – M’aintín Phyllis 

Agus muid ag siúl síos Greenwich Village i Nua Eabhrac, chloisinn guth anois is arís ag bualadh bleid as mála codlata, nó as coirnéal dorcha éigin: ‘Hi Phyllis!’ 

Bhí mé ag caitheamh seala in éineacht le m’aintín Phyllis Surlis, bean rialta de chuid Ord na Trócaire. Nuair a d’éirigh sí as a post anseo chuaigh sí go Meiriceá, áit a ndearna sí taithí oibre i bpriosún do mhná. As sin, rinne sí Teiripe Ealaíne agus chaith sí 16 bliana eile i Maigh Eo ag múineadh páistí agus múinteoirí. Tá ardmheas agam uirthi agus an obair chiúin luachmhar a rinne sí agus í in aois 84, níl sí éirithe as fós!

 

Áine Ní Ghlinn – An 49 bean a thug turas traenach ó thuaidh chun frithghiniúnaigh a cheannach

Deacair díriú ar bhean amháin ach bheadh ardmheas agam ar na mná ar fad a throid ar son chearta na mban thar na blianta. Bheinn ag smaoineamh, go háirithe, ar an nglúin ban a throid i gcoinne an stáit agus i gcoinne na hEaglaise (nuair nach raibh sé faiseanta a leithéid a dhéanamh). Rinne 49 de na ceannródaithe seo turas traenach ó thuaidh i 1971 chun frithghiniúnaigh a cheannach. Agus iad i mBéal Feirste, ní thabharfaí an piolla dóibh gan oideas dochtúra. D’éirigh leo coiscíní agus glóthach frithghinniúna a cheannach, áfach, agus – dar le Nell McCafferty a bhí i lár an aonaigh an lá sin – cheannaigh siad na céadta piolla aspirin mar go raibh siad cinnte nach n-aithneodh oifigeach custaim an difríocht! Nuair a stopadh iad ar an mbealach abhaile, deirtear gur admhaigh siad a raibh ceannaithe acu ach seachas a gcuid piollaí frithghiniúna a thabhairt do lucht custaim tuairiscítear gur shlog siad siar iad go poiblí.

Fág freagra ar '‘Sí mo laoch, mo ghile mear…’ – cé hiad na banlaochra a roghnaigh na Gaeil dúinn?'

  • Seán O Fearaíl

    Máire Mhic Róibín ; iar -Uachtarán, ceannródaí cearta mná , laoch an chomh-ionnanas páighe sa seirbhís poiblí , a choinnigh leis an troid le dlíthe ag cosc an frith-ghinnúint a aisgairm, agus a leanann lena chuid oibre ar an stáitse idirnáisiúnta faoi láthair.