‘Sí an Ghaelainn teanga an cheoil’ – Muireann Nic Amhlaoibh ar bís faoina clár dátheangach nua

Féachann Muireann Nic Amhlaoibh ar a clár nua ar RTÉ Raidió 1 mar chuid dá saol mar cheoltóir

‘Sí an Ghaelainn teanga an cheoil’ – Muireann Nic Amhlaoibh ar bís faoina clár dátheangach nua

Pictiúr: Fiona Morgan

Tá an t-amhránaí aitheanta as Iarthar Duibhneach Muireann Nic Amhlaoibh ar bís faoin gcúram is déanaí atá glactha aici chuici féin –  clár ceoil a chur i láthair go dátheangach ar RTÉ Raidió 1.

“Is deis iontach an clár nua seo, agus is dúshlán leis é. Mar sin táim ar bís ach beagáinín sceimhlithe – táim ag súil leis an gcéad eagrán a chur díom agus socrú isteach ann,” ar sí.

Ceol folk a bheidh á sheinm ar an gclár nua seachtainiúil, a thosaigh Dé Sathairn, agus is mó sainmhíniú atá ann ar céard é ceol folk. Cén cineál folk a bheidh le cloisteáil ar Folk on One?

“Is deacair sainmhíniú a thabhairt ar ‘folk’ go díreach, ach beidh idir cheol traidisiúnta Gaelach, cheol domhanda agus cheol acústach á sheimint agam, idir shean agus nua,” arsa Muireann.

Clár dátheangach a bheidh i gceist leis an gclár nua, rud a thaitníonn go mór léi.

“Táim chomh mórálach go mbeidh an clár dátheangach. Le bheith macánta, is beag craoltóireacht atá déanta agam as Béarla, mar sin tógfaidh sé tamall dul i dtaithí air sin! Measaim i gcónaí gurb í an Ghaelainn teanga an cheoil, agus is breá liom go dtugann mo chlár deis do dhaoine blaiseadh den Ghaelainn a chlos chomh maith.”

Céard iad na dúshláin is mó atá roimh Mhuireann agus í ag tabhairt faoin gclár?

“Táim cinnte go dtógfaidh sé tamall orm an rithim cheart a fháil, agus tamall dos na héisteoirí nua dul i dtaithí orm!” ar sí.

Ar ndóigh tá taithí raidió ag an amhránaí lena clár ceoil ar Raidió na Gaeltachta ach beidh pobal níos mó ag éisteacht léi ar an stáisiún raidió is mó tóir sa tír.

“Bhuel, tá beagáinín neirbhís ag baint leis sin, ach samhlaím i gcónaí agus mé os comhair mic nach bhfuilim ach ag labhairt leis an aon duine amháin, agus leanfad orm mar sin, chun é a choimeád pearsanta,” ar sí.

An mbeidh sí ag casadh saothar Gaeilge ar an gclár nua?

“Beidh…ualach.”

“Is aoibhinn liom ár gceol agus ár gcultúr Gaelach a cheiliúradh agus a bheith ag foghlaim fé cheol i bhfad i gcéin,” ar sí.

Ar ndóigh is amhránaí agus ceoltóir í Muireann féin agus féachann sí ar an obair raidió mar chuid dá saol mar cheoltóir.

“An fhad is go bhfuilim bainteach le ceol i slí éigint táim ar mo sháimhín só. Seachas a bheith i mbun ceoil mé fhéin, sé an rud is fearr liom ar domhan ná ardán a thabhairt do cheoltóirí agus amhránaithe eile go bhfuil meas agam orthu,” ar sí.

Bíonn ‘Folk on One’ c ar siúl gach Satharn ar a 10i.n. ar RTÉ Raidió 1 agus bíonn sé le fáil ar an aip Raidió ina dhiaidh sin agus ar rte.ie.

Fág freagra ar '‘Sí an Ghaelainn teanga an cheoil’ – Muireann Nic Amhlaoibh ar bís faoina clár dátheangach nua'

  • Caitriona lane

    Beidh tóir ar chlár Mhuirinn. Seo rud atá ag teastáil le fada ar RTE raidió. Tír dátheangach muid.
    Go n-éirí go geal leí.