‘Seo an seans deiridh le dul i ngleic leis an easpa Gaeilgeoirí sa chóras’ – An Coimisinéir Teanga

Deir an Coimisinéir Teanga gur chóir prionsabal soiléir a leagan síos sa bhille teanga nua a d’ordódh go gcaithfeadh Gaeilge líofa a bheith ag gach oifigeach stáit atá ag freastal ar an nGaeltacht

‘Seo an seans deiridh le dul i ngleic leis an easpa Gaeilgeoirí sa chóras’ – An Coimisinéir Teanga

An Coimisinéir Teanga Rónán Ó Domhnaill. Pictiúr: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

Tá ráite ag an gCoimisinéir Teanga Rónán Ó Domhnaill gur chóir prionsabal soiléir a leagan síos sa mbille teanga nua a d’ordódh go gcaithfeadh Gaeilge líofa a bheith ag gach oifigeach stáit a bheadh lonnaithe sa nGaeltacht nó a bheadh ag cur seirbhís ar fáil ansin.

Dúirt sé go ráineodh gurb é an bille teanga “an seans deiridh” a chinntiú go mbeidh ar chumas an stáit feidhm mar is cóir a thabhairt do chearta teanga an phobail.

“Tá neart cainte faoi láthair faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla a leasú agus é ag céim an choiste san Oireachtas faoi láthair.

“Tharlódh gurb é seo an seans deiridh a bheadh ag an Stát chun córas cuí, cuimsitheach a bheidh feiliúnach dá fheidhm a chur ar fáil chun díriú ar an easnamh daoine sa státseirbhís agus sa tseirbhís phoiblí a bhfuil Gaeilge líofa acu.”

Dúirt an Coimisinéir Teanga Rónán Ó Domhaill an méid sin agus comhaltacht D’arcy McGee Beacon á bronnadh air ag Ollscoil St. Mary’s i gCeanada.

Maidir le cás na Gaeltachta, dúirt sé arís go gcaithfí an ghné áirithe sin den bhille a neartú.

“Tá cosamar nócha bliain ann anois ó d’aithin Coimisiún na Gaeltachta an riachtanas sin. D’aithin Coimisiún na Gaeltachta arís é in 2002. Nuair a fágadh réiteach na ceiste sin faoi chóras na scéimeanna teanga san Acht, cuireadh ar an méar fhada arís é…”

“Is beag is fiú a bheith ag plé pleanáil teanga mura bhfuil an Stát sásta a chion féin a dhéanamh chun a chuid seirbhísí féin a chur ar fáil trí Ghaeilge sa nGaeltacht.

“Ní fhuasclóidh seirbhísí stáit a bheith ar fáil i nGaeilge na dúshláin ar fad atá roimh an teanga sa nGaeltacht ach léireodh sé díograis agus ceannaireacht atá ag teastáil go géar.”

Dúirt an Coimisinéir Teanga nach féidir “an fhírinne” faoin nGaeltacht atá léirithe sna staitisticí ón daonáireamh deiridh “a shéanadh”.

“Léiríonn taighde go bhfuil sé ag gabháil níos déine ar thuismitheoirí, fiú sna ceantair Ghaeltachta is láidre, an Ghaeilge a thabhairt dá gclann mar chéad teanga faoi mar atá cúinsí faoi láthair,” a dúirt sé.

Maidir leis an gcuspóir atá luaite sa mbille teanga gur Gaeilgeoirí a bheadh in 20% d’earcaigh nua na seirbhíse poiblí, dúirt an Coimisinéir gur gá spriocanna soiléire a leagan síos agus córas éifeachtach a bhunú chun an méid sin a bhaint amach.

“Ba chóir córas a bhunú a chinnteodh go n-earcófaí íos-chéatadán den fhoireann a bheadh inniúil i nGaeilge, go mbeadh measúnú caighdeánach ann ar an inniúlacht sin agus go ndéanfaí monatóireacht neamhspleách ar an gcóras.

“Caithfidh an córas sin a bheith bunaithe ar phleanáil éifeachtach agus ar eolas agus anailís chruinn ionas go n-aithneoidh an Stát na seirbhísí is práinní ó thaobh tosaíochta, na socruithe is gá a dhéanamh chun na seirbhísí sin a sholáthar agus na hacmhainní daoine is gá chun an sprioc a bhaint amach.”

Bhí dóchas aige, a dúirt sé, go n-éireodh leis an mbille seirbhísí i nGaeilge a chinntiú don phobal ach é a bheith láidir a dhóthain.

“Creidim go láidir gur féidir é a dhéanamh ach an toil agus comhoibriú a bheith ann ach tá an t-am á chaitheamh go gasta.”

Má roghnaíonn saoránach an Ghaeilge a úsáid, ba chóir go mbeadh an rogha sin “chomh saoráideach agus is féidir”.

“Níor chóir go mbeadh aon mhíbhuntáistí ag an duine a roghnaíonn Gaeilge, go háirithe in aon réimse ina bhfuil tionchar ag an stát. Sin an rud is lú atá riachtanach,” a dúirt an Coimisinéir Teanga, Rónán Ó Domhnaill.

Fág freagra ar '‘Seo an seans deiridh le dul i ngleic leis an easpa Gaeilgeoirí sa chóras’ – An Coimisinéir Teanga'