Seicteachas agus sábháilteacht – cruacheisteanna i ndiaidh na dTinte Cnámh

Bhí na taispeántais fuatha ar thinte cnámh an 11 Iúil níos gránna ná mar is gnách i mbliana agus eilimh ann arís go bhfuil sé in am ag na húdaráis agus an pobal aontachtach dul i ngleic leo

Seicteachas agus sábháilteacht – cruacheisteanna i ndiaidh na dTinte Cnámh

Conas agus cathain a ghlanfar an seicteachas gránna agus an chontúirt do dhaoine, do thithe agus don timpeallacht as ceiliúradh cultúir an 11 Iúil? Ba cheart go mbeadh cead ag daoine a dtraidisiún a cheiliúradh ach é a dhéanamh go sábháilte agus go dleathach.

Bhí na taispeántais fuatha níos gránna ná mar is gnách. Lucht freasúra na n-aontachtach agus na ndílseoirí á loscadh go siombalach ar thinte cnámh oíche chinn an 12 Iúil, mar thús le féile mhór na nOráisteach. Deir an tOrd Oráisteach nach mbaineann an tinte leo. 

Bhí fógraí ag comhairliú go marófaí Caitlicigh, ‘KAT’ – maraigh gach taidhgín. Chonacthas iad sin cheana, go minic. Ina dteannta i mbliana, áfach, bhí radhairc shamhnasacha a spreag éilimh go ngníomhódh an PSNI agus ceannairí aontachtacha.

Bhí alltacht ar dhaoine faoi shamhlacha de cheannairí polaitiúla a crochadh ar thine i gCarraig Fhearghais. Ní nach ionadh ba shamhlacha de mhná iad, rópa an chrochadóra faoi mhuiníl – Naomi Long, ceannaire an Alliance, agus Michelle O’Neill is Mary Lou McDonald, ceannairí Shinn Féin. Le hais na tine sin bhí áit súgartha do pháistí a bhí in ann lán na súl a bhaint as na huafáis ar an gcarn mór. 

Ag láthair in oirthear Bhéal Feirste, bhí pictiúr de thargaid gunna leis an mana ‘all taigs are targets’. B’in saighdeadh chun aon bhean, fear nó páiste a gceapfaí gur Chaitlicigh iad a mharú. 

Bhí póstaeir thoghcháin de chuid iarrthóirí Shinn Féin, SDLP, Alliance, Pobal seachas Brabús agus Aontú, chomh maith le bratach na hÉireann ar an-chuid de na tinte. Bhí maslaí agus tagairtí gránna do pholaiteoirí aitheanta ar nós Michelle O’Neill scríofa de láimh ar fhógraí freisin. Nósanna déistineacha seanbhunaithe is ea iad sin agus is fada cluas bhodhar á tabhairt do na sluaite a impíonn ar lucht eagair na dtinte éirí as na léirithe biogóideacha. 

Is iomaí duine sna comharsanachtaí ina gcleachtar an seicteachas seo atá ina choinne, náire orthu faoi, ach ní léir go bhfaighidís éisteacht nó go gceapann siad go mbeadh sé sábháilte labhairt amach. Loisceadh póstaer Paul Doherty, SDLP a raibh an fógra KAT air i gceantar na Seanchille, áit a gcuireann sé dearbháin le haghaidh billí gáis agus leictreachais, chomh maith le beatha ar fáil do dhaoine ón mbanc bia a ritheann sé. Tuairiscítear gur ghlaoigh go leor daoine air lena n-aiféala a chur in iúl dó, ag rá ‘ní i m’ainmse a rinneadh é’.

Ba iad na samhlacha de na mná agus na targaidí ag díriú ar an bpobal Caitliceach ina iomláine ba mhó a tharraing cáineadh, céim níb fhaide ná a bhí feicthe le fada. Dúirt Naomi Long gur shíl sí nach mbainfeadh aon imeaglú nó taispeántas fuatha a bhain leis na tinte preab aisti ach gur chuir na samhlacha alltacht uirthi. Fearacht na bpáirtithe eile, chuir sí tuairisc chuig an PSNI fúthu. Dúirt Sinn Féin gur choir fuatha iad agus go gcaithfeadh ceannairí aontachtacha dul i ngleic leis sin.

Bhí Doug Beattie, ceannaire an UUP, neamhbhalbh ina cháineadh. Dúirt sé go raibh na taispeántais suarach, gránna agus gur tháinig siad salach ar an gcineál aontachtachais ba mhaith leis-sean a chur chun cinn. Cháin ceannaire an DUP, Jeffrey Donaldson, iad freisin ach ní mó na sásta a bhí Alliance lena ‘leithscéal tláithíneach’ mar a thug siad air. 

Tharraing an nimh agus an fuath oiread sin airde nach rabhthas ag díriú ar na fadhbanna sábháilteachta a bhaineann leis na tinte. Lastar thart ar 250 tine ar fad agus tá a bhformhór chomh sábháilte is a bheadh tine mhór ar bith. Ach tá dornán de na tinte a thógtar róghar do thithe, árasáin nó gnólachtaí agus is minic a bhíonn ar dhaoine an teach a fhágáil agus ar an tseirbhís dóiteáin uisce a scairdeadh ar fhoirgneamh atá i gcontúirt ó na bladhairí. Thairis sin dóitear na mílte pailléid adhmaid a bhfuil péint leasaitheach orthu – ceimiceáin a scaoileann nimh amach san atmaisféar. 

Bheadh scéim nár glacadh leis go forleathan chun rabhcháin a chur in áit na dtinte níos sábháilte don lucht tógála ach maíonn go leor díobh sin a chuireann suas na struchtúir ollmhóra go bhfuil fios a gceirde acu. Tá siad bródúil as a gcuid ealaíne, mar atá an dream i Latharna a thóg tine 202 troigh ar airde agus súil acu go n-aithneodh an Guinness Book of Records a gcuriarracht. Ní raibh aon taispeántas fuatha ar an tine sin a tíolacadh do John Steele, 36, a cailleadh go tubaisteach nuair a thit sé 50 troigh ó thine eile ar an mbaile. 

I bhfianaise na tragóide sin tá súil go mbeifear in ann rialacháin a chur i bhfeidhm chun lucht tógála agus na daoine a bhfuil cónaí orthu in aice leis na tinte a chosaint ó chontúirt. Ní ribín réidh é réiteach a fháil ach ba cheart go mbeadh sé indéanta. Scéal eile é, faraor, dul i ngleic leis an seicteachas ach níl seans ar chaoinfhulaingt, ní áirím athmhuintearas, mura ndéanfar é.

Fág freagra ar 'Seicteachas agus sábháilteacht – cruacheisteanna i ndiaidh na dTinte Cnámh'

  • JP

    Nár dhóigh leat go bhfuil sé seo ar fad in aghaidh an dlí? Fuath, seicteachas, contúirt do shláinte & do bheatha an duine, gan trácht ar an dochar don timpeallacht? Agus an diomailt ollmhór airgid? An fuath nimhe ceannann céanna acu á theilgean ó ghlúin go glúin, sin rud a chuireann éadóchas thar beart orm. Ach ná bímís ag díriú na méire ar na ‘barbarthaigh’ sin, tá an fuath i gcroí gach duine againn. Sin cinnte.

  • Seán Mag Leannáin

    Sár-alt le Póilín Ní Chiaráin mar is gnách. Is eol do chách go dtarlaíonn na rudaí uafásacha déistineacha seo bliain i ndiaidh bliana agus ní léir go ndéanann an tOrd Oráisteach, nó aon lucht eagraithe eile, mórán fúthu. Is léir freisin go dtugann na póilíní neamhaird ar na coireanna fuatha seo agus is coireanna fuatha iad – fuath ar Chaitlicigh agus fuath ban (nó an dá rud le chéile – nuair a dódh samhlacha de na polaiteoirí mná – ceann den chéad Chéad Aire eile Michelle O’Neill ina measc – ar thine cnámh, mar shampla amháin). Agus bhí seicteachas agus ciníochas i gceist nuair a taifeadadh baill de bhanna amháin agus iad ag canadh ‘I’d rather be a Packie than a Teague’! (Chuir Joe Brolly gearróg físe den cháidheadas seo suas ar Twitter). A leithéid de bhréantas… chuirfeadh sé déistin ort. Cheapfá go raibh dalladh púicín a gcaitheamh ag na póilíní ar na hócáidí seo. Tá na coireanna fuatha seo chomh coitianta nach féidir iad a fheiceáil ach mar de dhlúth agus d’inneach an ‘cheiliúrtha’ ar fad. Le bheith féaráilte dó, cháin Doug Beattie na huafáis seo go neamhbhalbh. Ní raibh an cáineadh a rinne ceannaire an DUP, Jeffrey Donaldson, lán chomh soiléir le ceann Beatty agus ní mó na sásta a bhí Alliance lena ‘leithscéal tláithíneach’ mar a thug siad air. Dúirt cara Aontachtach liom go dtarlaíonn rudaí den sórt céanna uaireanta i gceantair phoblachtánacha. Más fíor go dtarlaíonn, is cóir go gcáinfí iad sin chomh géar céanna. Fiú más fíor áfach ní aon leithscéal é don taobh eile – ní dhearna dhá bhréag riamh aon fhírinne. Is mór an trua é go bhfuil an seicteachas agus an fuath mar dhlúthchuid de ‘cheiliúradh’ an Dóú Lá Déag agus an oíche roimhe. Ach i bhfianaise a dtarlaíonn bliain i ndiaidh bliana ní féidir é a shéanadh. Faraoir ghéar, bíonn an fhírinne searbh.