Seans gur beag cúis atá ag lucht na measúlachta imní a bheith orthu faoi Shinn Féin

Tá Sinn Féin ag baint codladh na hoíche de thráchtairí áirithe ach an bhfuil aon chúis imní dáiríre acu?

Seans gur beag cúis atá ag lucht na measúlachta imní a bheith orthu faoi Shinn Féin

Tá an-imní ar na Tráchtairí Móra polaitíochta sa tír seo go bhfuil na barbaraigh ag an ngeata—geata na Dála. Sinn Féin atá ag baint codladh na hoíche díobh.

Feictear dóibh go bhféadfadh sé tarlú dá dtiocfadh Sinn Féin i gcumhacht go bhféachfaidís le cothrom na Féinne a chur i bhfeidhm.

Ní fheilfeadh sin don aicme a bhfuil na Tráchtairí móra dílis dóibh. An té atá ar mhuin na muice bíonn faitíos a chroí air i gcónaí go dtiocfadh cor a leagfadh go talamh é.

An gá do na Tráchtairí Móra a bheith chomh himníoch is atá siad? Tá a nga giog curtha amach acu le blianta ag iarraidh Sinn Féin a chur faoi their. Modh nua atá anois acu; an páirtí a choilleadh ó thaobh polasaithe de. ‘To house train them’ a thugann siad air nó ‘to make them fit for Government’.

Lena rá ar bhealach eile, a gcuid polasaithe a chur i bhfeiliúint don mheánaicme agus don ardaicme.

D’fhiafraigh mé de scríbhneoir cáiliúil as na sé chontae lá amháin an bhfuil mórán difríochta inniu idir na Stickies, mar a tugadh orthu, agus Sinn Féin? Bealach na síochána a bheadh ag an dá dhream anois, arsa mise. Leasú ar Stormont agus ar an RUC a shásódh an dá dhream.

Tá difríocht mhór amháin ann, ar seisean, bhí na Stickies ar son an tSóisialachais ach níl Sinn Féin mar sin.

Ba dheacair é a bhréagnú. Cén uair dheireanach ar chuala tú urlabhraí as Sinn Féin ag lua an fhocail Sóisialachas ní áirím tada eile?

Luath nó mall titfidh an comhrialtas atá againn faoi láthair as a chéile. Tharlódh sé go gcuirfí Micheál Martin as an diallait roimhe sin.

Céard a tharlódh ansin? An rachadh na barbaraigh isteach an geata agus dul i gceannas ar an rialtas.

B’fhéidir go rachadh agus b’fhéidir eile nach rachadh.

Má choinníonn Fine Gael an tacaíocht atá acu faoi láthair beidh siad láidir lá an toghcháin. Beidh cúrsaí na tíre trína chéile fós de bharr covid-19 agus an Bhreatimeachta.

Caithfear cinntí deacra a dhéanamh mar a déarfadh na Tráchtairí Móra. Caithfear srian a chur le dreamanna a bhfuil leas dílsithe acu i gcúrsaí. Ní hiad an dream atá ar sheol na braiche atá i gceist ansin, beag an baol.

Tá altanna nuachtáin á scríobh cheana féin ag comhairliú do na ceardchumainn gan ardú pá a iarraidh. Is dána an ceannaire ceardchumainn a d’éileodh ardú pá faoi láthair, a scríobh Tráchtaire Mór an lá faoi dheireadh.

Mar a mhúin Karl Marx dúinn coimhlint idir aicmí a bhí i gcúrsaí cumhachta chuile lá ariamh. Tuigeann Fine Gael go rímhaith cén aicme dar díobh iad féin.

Maidir le Fianna Fáil níl a fhios acu ar thoir nó thiar atá siad.

Tráth den tsaol bhí siad in ann dhá aicme a mhealladh in éineacht –an t-oibrí cathrach agus an feirmeoir beag tuaithe ar thaobh amháin agus an dream a bhí compordach sa gCampa Mór ag Rásaí na Gaillimhe ar an taobh eile.

Dá dtarlódh go mbeidís i gcomhrialtas le Fine Gael aríst bheidís ina mbambairne ceart críochnaithe: chaithfidís tacú le polasaithe diana Fhine Gael nó dul i dtreo na heite clé.

Céard faoi Shinn Féin sa gcás sin?

Ar éigean a bheidís sásta a dhul i gcomhrialtas le Fine Gael nó an mbeadh? Rinne Proinsias de Rossa agus Eamon Gilmore rompu é. Tá a fhios againn an toradh a bhí air sin.

Tá rud amháin cinnte agus is é sin nach mbeidh drogall ar bith ar an gceannaire a bheas ar Fhianna Fáil a dhul chun cainte le Mary Lou McDonald.

Cén cineál rialtais a bheadh idir Sinn Féin agus Fianna Fáil le cabhair ó dhreamanna beaga? Dá mbeadh sé chomh maith agus a bhí rialtas Fhianna Fáil sna tríochaidí ní bheadh aon chaill air.

Cuimhnigh gur Cumannaigh a tugadh ar Fhianna Fáil an uair sin.

Ní rialtas Sóisialach a bheadh ann ar ndóigh.

Sin rud nach gceadódh Aontas na hEorpa agus tá Sinn Féin agus Fianna Fáil, cé is moite d’Éamon Ó Cuív, chomh dílis d’Aontas na hEorpa agus atá Fine Gael.

Fág freagra ar 'Seans gur beag cúis atá ag lucht na measúlachta imní a bheith orthu faoi Shinn Féin'

  • Poraic o'hEipicín

    Í bhad uainn an t-olc, Sinn Féin a beadh í gcumacht.

  • Seosamh Ó Cuaig

    Tá sé seo ráite agat cúpla uair cheana. Mínigh go soiléir dhúinn cén locht atá agat orthu?

  • Seán Mag Leannáin

    “An té atá ar mhuin na muice bíonn faitíos a chroí air i gcónaí go dtiocfadh cor a leagfadh go talamh é.” An fhírinne lom gan fiacail a chur ann.