‘Seans go mbeidh tionchar dearfach aige ar chur chuige agus ar mhodh oibre na heagraíochta’ – Glór na nGael

I suirbhé a rinne Tuairisc.ie ar na ceanneagraíochtaí Gaeilge, cuirtear síos ar an tslí a bhfuil géarchéim an choróinvíris ag dul i bhfeidhm ar a gcuid oibre. Lorcán Mac Gabhann, Ceannasaí Ghlór na nGael a d’fhreagair an geábh seo…

‘Seans go mbeidh tionchar dearfach aige ar chur chuige agus ar mhodh oibre na heagraíochta’ – Glór na nGael

1) Cad iad na socruithe nua atá curtha i bhfeidhm agaibh mar gheall ar an choróinvíreas?

D’éirigh linn Plean Oibre nua don tréimhse Márta – Lúnasa a aontú agus a fhoilsiú i lár mhí an Mhárta. Sa cháipéis, cuirtear síos ar spriocanna na heagraíochta, obair ar líne, forbairt áiseanna nua, ina measc suíomh idirlín a bheidh dírithe ar theaghlaigh, aip do chlubanna CLG, leabhar nua gníomhaíochta do theaghlaigh, físeáin ar shainspéiseanna éagsúla agus tuilleadh.

2) Cad iad na dúshláin is mó a bhíonn le sárú agaibh?

Tá taithí ag foireann na heagraíochta ar a bheith ag obair ón mbaile.  Níl dúshlán ar bith ag baint leis sin don fhoireann. Is dúshlán é, áfach, nach féidir linn cruinnithe pearsanta a eagrú le coistí agus dreamanna eile, ach ní socrú buan atá ann agus tá bealaí eile á n-úsáid againn idir an dá linn.

3) Cad iad na hócáidí, tograí nó pleananna atá curtha ar ceal agaibh mar gheall ar an choróinvíreas?

Tá timireacht phearsanta curtha ar athlá, ach táimid ag leanúint linn ar líne agus ar an bhfón. Tá timireachtaí an-fhiúntach ag dul ar aghaidh ach go háirithe le clubanna CLG atá cláraithe le Fondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha. Cuireadh Bronnadh Náisiúnta na nDuaiseanna a bhí le tarlú i nGaoth Dobhair ar ceal ach i gcomhar le hUachtarán na hÉireann, Mícheál D Ó hUiginn, reáchtáladh an ócáid sin ar líne ar an 21 Bealtaine. 

Cé gur cuireadh ócáidí teaghlaigh ar ceal, tá ócáidí ar líne á bhforbairt. Eagraítear Tráth na gCeist gach oíche Déardaoin agus bíonn suas le 90 teaghlach ag glacadh páirte ann. Tá an ócáid sin á craoladh ag Molscéal freisin. Tá ócáidí Biongó Beo á gcraoladh gach oíche Luain agus Céadaoin freisin.  

4) Cad iad na hócáidí, tograí nó pleananna a bhfuil éiginnteacht fúthu mar gheall ar an choróinvíreas.

Is iad na himeachtaí teaghlaigh an chailliúint is mó ach tá an-rath ar na cinn ar líne.  Tá muid dóchasach go maith go mbeidh muid in ann iad seo a atosú go luath i mí Mheán Fómhair, ag brath ar threoir an rialtais. Mar a sheasann sé níl aon bhaol ann d’aon togra de chuid na heagraíochta i mbliana.

5) Ar an iomlán, cén tionchar a bhí ag an ghéarchéim ar obair na heagraíochta agus cén tionchar a bheas aici ar obair na heagraíochta?

Seans gur tionchar dearfach a bheidh ann do chur chuige agus do mhodh oibre na heagraíochta.  Tá éirithe linn teagmháil a dhéanamh le teaghlaigh, ach go háirithe, ar bhealach nua-aimseartha.  Leanfar agus forbrófar é seo. Tá liosta acmhainní agus áiseanna á bhforbairt, ina measc, áiseanna léitheoireachta, áiseanna ceardaíochta, áiseanna aclaíochta agus úsáid á baint astu go laethúil ag an bpobal.

Tá trí áis spraoi, ina measc an cluiche ‘Headbands’, á bhforbairt againn agus tá súil againn go mbeidh siad réidh an fómhar seo chugainn.  Is áis iontach don phobal í www.údar.ie, atá á bhainistiú ag an eagraíocht.  Ó thosaigh an ghéarchéim tá sruth leanúnach daoine ag baint úsáid as an suíomh sin go laethúil.

6) An bhféadfá buille faoi thuairim a thabhairt faoin chéatadán d’obair na heagraíochta ar chuir an ghéarchéim isteach air?

Tá sé fíordheacair figiúr a chur air seo.  Timireacht phearsanta/aghaidh ar aghaidh is mó atá thíos leis faoi láthair.  Seachas tabhairt faoi obair a bhí beartaithe mar chuid de chlár oibre na bliana, tugadh faoi chlár oibre iomlán nua don tréimhse Márta – Lúnasa 2020. Is ábhar bróid dúinn go raibh an eagraíocht in ann clár nua oibre do thréimhse na géarchéime a aontú agus a fhoilsiú faoi dheireadh mhí Márta.

Fág freagra ar '‘Seans go mbeidh tionchar dearfach aige ar chur chuige agus ar mhodh oibre na heagraíochta’ – Glór na nGael'