Seans go bhfuil siad bródúil as a bhfeachtas in aghaidh aisling na naíscoile Gaeilge

Ar an drochuair is ag éisteacht leosan a deir gur contúirt do stádas an Tuaiscirt mar chuid den Ríocht Aontaithe í an Ghaeilge atá an lucht biogóideach

Seans go bhfuil siad bródúil as a bhfeachtas in aghaidh aisling na naíscoile Gaeilge

Ní raibh an dara rogha ag Naíscoil na Seolta. Theastódh ó fhormhór na ndaoine cos a chur i dtaca in aghaidh imeaglaithe ach is fearr rith maith ná drochsheasamh nuair is naíonáin agus daltaí bunscoile béal dorais a chuirfí i mbaol. Ba bhreá an rud a bheith in ann an fód a sheasamh in aghaidh na ndaoine atá freagrach, mar a mholfaí in éadan bulaíochta ó cheard ar bith, ach faraor ní féidir a dhul sa seans sa gcomhthéacs seo.

Ní cheaptar go mbeadh an scéal chomh holc le scannal na Croise Naofa scór bliain ó shin nuair a chuir dílseoirí bac ar pháistí Ard Eoghain ar a mbealach chun na scoile, ach níorbh fhéidir a bheith cinnte cé chomh fada is a ghabhfadh naimhde na naíscoile in oirthear Bhéal Feirste. B’údar mór díomá é gur eagraigh mionlach feachtas ina héadan le teann fuatha ar an nGaeilge.

Cuireadh teachtaireachtaí gránna, bréagacha ar mheáin shóisialta faoi Linda Ervine agus daoine eile de lucht bunaithe na chéad réamhscoile Gaeilge sa cheantar. Is ar champas na bunscoile sa Bhraineal a bhí Naíscoil na Seolta le lonnú agus díríodh teachtaireachtaí ionsaitheacha air sin freisin. Ina theannta sin cuireadh póstaeir anairde ag nascadh na naíscoile le Sinn Féin agus poblachtánachas, iarracht gan dabht chun naimhdeas don naíscoil a scaipeadh.

Chinn an PSNI gurbh fheachtas fuatha é ach is cosúil nár ceistíodh éinne, go fóill pé scéal é. Maítear go háitiúil gur dream an-bheag a bhí taobh thiar den imeaglú agus nach bhfuil tacaíocht acu. Dúirt Diane Dawson príomhoide bhunscoil Braniel go raibh an díbliú agus an bhagairt déistineach agus nach raibh baint ná páirt ag pobal na scoile leis. Daoine lasmuigh den phobal sin a bhí freagrach, dar léi. Thuairisc Linda Ervine gur dhúirt ceannairí pobail léi nach raibh baint ag paraimíleataigh leis an bhfeachtas. Dúirt an feisire Parlaiminte don cheantar, Gavin Robinson an DUP, gurbh é sin a chuala seisean freisin.

Gach seans go bhfuil lucht ionsaithe an oideachais trí Ghaeilge do pháistí trí nó ceithre bliana d’aois an-bhródúil astu féin. Nach breá na laochra iad, gan ainm, gan míniú ach a gcuid nimhe á spalpadh acu faoi choim. D’éirigh leo – bhuel d’éirigh leo an Naíscoil a ruaigeadh as bunscoil an Bhrainil ach níl stop curtha acu leis an togra.

Tá suíomh nua don naíscoil chóir a bheith dearbhaithe, a deir Linda Ervine. Ní nach ionadh níl fonn ar éinne a fhógairt faoi láthair cá bhfuil an suíomh sin. Tá tacaíocht don naíscoil nochta i gcian is i gcóngar ó bhris an scéal faoin díláithriú agus méadú mór ar na síntiúis airgid atá tugtha ag daoine ar an suíomh idirlín. Tá daoine i gceantar an Bhrainil orthu sin a chuir in iúl don lucht eagair nach ina n-ainmneacha siúd a tugadh íde béil dóibh.

Tá borradh mór faoin nGaeloideachas i dTuaisceart Éireann agus ba chéim uaillmhianach, aislingeach fiú, an chéad naíscoil a bhunú in oirthear na cathrach. Díomá agus aiféaltas a léirigh muintir na háite faoi imeacht na naíscoile cé go raibh duine nó dhó den bharúil nach raibh an plean praiticiúil i gceantar dílseach. Tá Turas i gceantar dílseach ar Bhóthar Bhaile Nua na hArda agus triall ag muintir na háite air do ranganna Gaeilge, go háirithe na cinn faoi logainmneacha.

Ní éisteann an dream a bhí i mbun feachtais in aghaidh na naíscoile leo sin a fhreastalaíonn ar Turas, is léir. Is minic a deir Linda Ervine, stiúrthóir Turas gur aontachtach í agus nach bhfuil oiread na fríde dá haontachtachas creimthe ná caite ag an nGaeilge. Bhí an port céanna ag Diane Dawson, príomhoide bhunscoil Bhraniel an tseachtain seo. Dúirt sí nár mhaolú ar bith ar a haontachtachas é tacú le scéim do pháistí ceithre bliana d’aois na dathanna a fhoghlaim i nGaeilge.

Ar an drochuair is ag éisteacht leo sin a deir gur chontúirt do stádas an Tuaiscirt mar chuid den Ríocht Aontaithe í an Ghaeilge atá an lucht biogóideach a bhí taobh thiar den bhfeachtas seo. Ba mhaith an ní é go raibh polaiteoirí aontachtacha i measc na ndaoine a cháin an t-imeaglú. Ba é an trua é gur dhúirt duine de na feisirí is measartha, Gavin Robinson, nach raibh locht ar bith ar an nGaeilge dóibh sin a raibh dúil acu inti fhad is nach mbeifí á sacadh síos in ár scornacha ar an gcuid eile againn.

Uair ar bith a bhainfear leas as an gcoinníoll sin beidh leithscéal ag antoisceach éigin chun feachtas gránna fearacht an chinn in aghaidh Naíscoil na Seolta a rith.

Fág freagra ar 'Seans go bhfuil siad bródúil as a bhfeachtas in aghaidh aisling na naíscoile Gaeilge'

  • Pádraig O'hEipicín

    Maistíneacht an focal ceart ar bullying..

  • Seán Mag Leannáin

    “Ba é an trua é gur dhúirt duine de na feisirí is measartha, Gavin Robinson, nach raibh locht ar bith ar an nGaeilge dóibh sin a raibh dúil acu inti fhad is nach mbeifí á sacadh síos in ár scornacha ar an gcuid eile againn.

    Uair ar bith a bhainfear leas as an gcoinníoll sin beidh leithscéal ag antoisceach éigin chun feachtas gránna fearacht an chinn in aghaidh Naíscoil na Seolta a rith.”

    An measarthacht é sin nó feadaíl ar na madraí?