Seán P Ó hÉalaí, iriseoir ‘géarintinneach’ a raibh ‘scil agus saineolas’ aige, ar shlí na fírinne

Ba as Doire ó dhúchas do Sheán P Ó hÉalaí, a d’oibrigh le RnaG, RTÉ, an Irish Press agus Comhar

Seán P Ó hÉalaí, iriseoir ‘géarintinneach’ a raibh ‘scil agus saineolas’ aige, ar shlí na fírinne

Tá Seán P Ó hÉalaí, an t-iriseoir agus iarchraoltóir aitheanta le RTÉ Raidió na Gaeltachta, ar shlí na fírinne.

Ba as Doire ó dhúchas do Sheán P Ó hÉalaí, ach bhí cónaí air i gCros Araild i mBaile Átha Cliath ar feadh blianta fada.

Ceapadh é ina eagarthóir ar an iris Comhar sna seachtóidí agus thug sé roinnt blianta ina dhiaidh sin ag obair do Nuacht RTÉ.

Ba é an chéad Chomhfhreagraí don Iarthuaisceart ag an tseirbhís sin agus bhíodh tuairiscí rialta aige faoi na Trioblóidí. D’fhág sé RTÉ ag tús na n-ochtóidí chun dul ag obair mar Eagarthóir Gaeilge an Irish Press agus d’fhan sé leis an nuachtán sin nó gur dúnadh é i 1995.

Chuaigh sé ag obair le RTÉ Raidió na Gaeltachta i nDomhnach Broc ina dhiaidh sin. D’éirigh sé as in 2012.

Bhíodh sé ag soláthar colúin Ghaeilge don Irish Times chomh maith.

“Scéal brónach dúinn go bhfuil Seán P. Ó hÉalaí ar shlí na fírinne, suaimhneas síoraí dó,” a dúirt Gearóid Mac Donncha, Ceannaire RTÉ Raidió na Gaeltachta.

“Iriseoir a raibh fios a cheirde aige ó thaobh na meán clóite agus craolta, agus fear a raibh scil agus saineolas aige i gcúrsaí ceoil agus ealaíon, chomh maith le cúrsaí nuachta.

“Déanaimid comhbhrón lena mhuintir agus lena chairde go léir, go háirithe iad sin a d’oibrigh leis ar fhoireann RnaG i mBaile Átha Cliath. Go raibh suaimhneas síoraí aige.”

I measc na gclár ar RnaG a raibh baint aige leo mar láithreoir nó léiritheoir bhí Ardán na nEalaíon agus na hirischláir ón ardchathair An Chaint sa Chathair agus Glór Anoir.

Dúradh i ráiteas ó Raidió na Gaeltachta gur “iriseoir géarintinneach” a bhí ann a bhí “thar a bheith cruinn agus pointeáilte faoi chúrsaí teanga”. Ceoltóir den scoth agus an-chomhluadar ab ea é freisin, a dúradh.

Beidh a aifreann sochraide ar siúl ag 10am amárach, Dé hAoine, an 10 Márta, i Séipéal Naomh Pádraig in Pennyburn i nDoire.

 

Fág freagra ar 'Seán P Ó hÉalaí, iriseoir ‘géarintinneach’ a raibh ‘scil agus saineolas’ aige, ar shlí na fírinne'

  • Mícheál Ó Ruairc

    Brón orm a chloisint go bhfuil Seán imithe uainn. Fear uasal amach is amach. Craoltóir agus iriseoir den scoth. Fear mín macánta a raibh ardmheas aige ar theanga agus ar litríocht na Gaeilge. Suaimhneas síoraí dá anam uasal Gaelach.