Sean-nós de chineál nach bhfacamar cheana i seó spleodrach Shibéal Davitt

Más duine tú a shíleann nach duitse an damhsa comhaimseartha, athróidh ‘Minseach’ d’intinn

Sean-nós de chineál nach bhfacamar cheana i seó spleodrach Shibéal Davitt

Sibéal Davitt. Pictiúr: Ste Murray

Dhá chos dhána ag lúbarnaíl leo faoi bhun scáileáin. Ceol ard club. Fuaimrian ar lúb agus glór Meiriceánaigh ag fógairt orainn maidir le foghlaim Gaelic’, mar a bheadh an teiripe chognaíochta i gceist. Is iontach na ceisteanna a ardaíonn na rudaí sin ar fad agus tú suite os comhair an stáitse in amharclann Draíocht i mBaile Bhlainséir ag fanacht le tús Minseach, seó úrnua damhsa atá á léiriú mar chuid den Dublin Fringe Festival.

Faoi Shibéal Davitt atá an dá chos dhána, ar ndóigh, agus iad réidh le tú a thabhairt ar aistear dátheangach trí aigne an damhsóra atá ag plé le ‘tionscal’ na n-ealaíon dúchasach ar mhaithe leis an turasóireacht agus an lucht féachana i gcéin.

Seó corraitheach é. Úsáidtear gach orlach den stáitse agus Davitt ag gluaiseacht léi trína stair phearsanta féin mar dhamhsóir, í ag iarraidh an dúchas a fhí leis an ‘tionscal’ chun í féin a chur in iúl in ainneoin na srianta atá uirthi.

Cuireann láithreán idirghníomhach an dearthóra Molly Ó Catháin go mór leis an léiriú. Téip ghlioscarnach bunábhar na draíochta ar an stáitse agus shílfeá uaireanta go raibh lasracha ag léimt de Davitt agus í ag damhsa go fiáin faoin nglésholas.

Más duine tú nach mbíonn ag freastal ar sheónna damhsa comhaimseartha, is dócha go mbeadh faitíos ort go mbraithfeá ag an seó seo an chiotaíl sin a shamhlaímid uaireanta leis an damhsa comhaimseartha. Ní baol duit: tá féith an ghrinn le brath go láidir i léiriú Davitt agus tá bealach an-nádúrtha aici chun an lucht féachana a chur ar a gcompord.

Sibéal Davitt. Pictiúr: Ste Murray

Bainfidh an greann gan choinne sin i gcaint nó geaitsíocht Davitt geit asat. Uaireanta chuirfeadh sí Pauline McLynn i ról Mrs Doyle i gcuimhne duit. Is léiriú an-phearsanta é seo ó Davitt ina gcuireann sí giotaí óna gairm féin os ár gcomhair ach ina mbíonn sí á n-athfhrámú agus ag spochadh aisti féin ag an am céanna.

Cuireann fuaimrian cumhachtach le Sinéad Diskin leis an teannas agus leis an aistíl in Minseach. Cloistear idir cheol ard club agus cheol traidisiúnta ann. (Chuir port bríomhar ó Chormac Begley an lucht féachana ar fad ag damhsa ina gcuid suíochán). Cruthaíonn an éagsúlacht idir an dá chineál ceoil atmaisféar atá seal geal agus seal dorcha. Seo sean-nós nach bhfacamar a leithéid cheana agus é measctha go cumasach leis an damhsa comhaimseartha chun scéal a inseacht.

Tá giota amháin den léiriú a théann i bhfad agus ní cáineadh é sin uaimse. Síntear an chuid sin amach d’aon ghnó chun cur le míchompord an tslua agus Davitt ag tumadh níos doimhne isteach i smaointe duairce an ealaíontóra. Is é an cás atá faoi chaibidil ná cás an ealaíontóra a mbíonn uirthi maireachtáil ó ghig go gig agus meangadh gáire a choinneáil ar a haghaidh i gcónaí ainneoin na tuirse agus an fhrustrachais a bhaineann le dúshláin an tsaoil sin.

Is cumhachtach an léargas a fhaighimid ar chrá croí is cos an damhsóra agus í i ngleic le sceideal lán imeachtaí agus an brú síoraí a bhíonn uirthi freastal go gealgháireach ar an lucht féachana.

  • Tá ticéid do Minseach ar fáil ó €15 (nó le lascaine €13) anseo. Tá sé ar siúl go dtí an 18 Meán Fómhair 2021

Fág freagra ar 'Sean-nós de chineál nach bhfacamar cheana i seó spleodrach Shibéal Davitt'