Seachtain mhór roimh Trump agus an dream ar mhaith leo a dhúshlán a thabhairt

Idir chácas Iowa, óráid State of the Union Trump agus cheist an táinsimh, tá seachtain mhór romhainn i saol na polaitíochta i SAM

Seachtain mhór roimh Trump agus an dream ar mhaith leo a dhúshlán a thabhairt

Faoi mhaidin amárach beidh torthaí an réamhthoghcháin in Iowa ar eolas againn agus léargas éigin ar rogha na nDaonlathach don toghchán Uachtaránachta. Faoi láthair is cosúil borradh a bheith faoi fheachtas Bernie Sanders cé gurb é Joe Biden atá chun cinn sna pobalbhreitheanna. Agus Iowa curtha díobh acu, go New Hampshire a thiocfaidh siad Dé Luain seo chugainn. Aisteach go leor murab ionann agus blianta eile is mó aird a bheidh ar an Uachtarán reatha idir an dá linn. Tabharfaidh Donald Trump a óráid State of the Union san oíche amárach agus caithfear vóta ina thriail táinsimh Dé Céadaoin sa Seanad.

Tá sé curtha i leith na nDaonlathach ó chuir siad tús leis an bpróiseas táinsimh go bhféadfadh siad an oiread dochair a dhéanamh dóibh féin agus a dhéanfaidís don Uachtarán. Tá an tuar tagtha faoin tairngreacht. Cé go bhfuil roinnt fianaise ann agus go bhfuil cás le freagairt cinnte faoi chaidreamh na Stát Aontaithe agus an Uachtaráin leis an Úcráin, níl bheidh aon toradh ar an táinseamh. Ní fiú gur ghlac an Seanad le moladh gur chóir éisteacht le fianaise. Tá tromlach na Seanadóirí Poblachtacha ag maíomh nach leosan breithiúnas a thabhairt ar an Uachtarán nuair a bheidh deis ag an bpobal é sin a dhéanamh ag na bothanna vótála faoi cheann roinnt míonna.

Tá an pholaitíocht áitiúil i gceist freisin. Tá an tríú cuid de Sheanadóirí (33) le toghadh i mí na Samhna  chomh maith leis an uachtarán. Aon duine a bhfuil brú orthu tá siad ag cloí leis an dearcadh is fearr a rachaidh chun leasa dóibh ina Stát féin.

Deis a bhíonn in óráid State of the Union don Uachtarán na polasaithe is ansa leis a chur i láthair an phobail. Ach beidh teannas ann san oíche amárach. Tuairiscítear gurb é seo an chéad uair ó mhí Deireadh Fómhair seo caite go mbeidh Nancy Pelosi agus Donald Trump sa seomra céanna. Níor labhair siad le chéile ó shin. Tá sé i gceist ag roinnt ionadaithe agóid a reáchtáil. Fanfaidh roinnt ionadaithe eile ina dtost ach tá rún ag mná na nDaonlathach éadach Bán a chaitheamh mar chomhartha dlúthpháirtíochta.

Agus an óráid féin? Níl aon amhras ach go ndíreoidh Trump ar na nithe a bhíonn ar intinn daoine agus iad ag vótáil. Ní bhfaighidh sé deis chomh maith seo arís – bhreathnaigh 48.6 milliún duine ar an óráid ar an teilifís anuraidh. Tá ag éirí go maith le heacnamaíocht na Stát Aontaithe agus thar aon ní eile, beidh béim ag Trump air sin. Luafaidh sé cúrsaí sláinte, slándála agus imirce. An ndéanfaidh sé tagairt don táinseamh? Don vóta ar an gCéadaoin? Is cinnte go mbeidh cathú air.

Idir an dá linn tá na Daonlathaigh a dteastaíonn uathu a dhúshlán a thabhairt ag feachtasaíocht. Is cinnte gur beag aird atá orthu agus is cinnte freisin go bhfuil níos mó ceisteanna ná riamh á gcur fúthu.

An cheist is mó? An bhfuil éinne ina measc a bheadh in ann an ceann is fearr a fháil ar Trump faoi Shamhain?

Fág freagra ar 'Seachtain mhór roimh Trump agus an dream ar mhaith leo a dhúshlán a thabhairt'