Seacht ngeansaí geimhridh te teolaí idir €20 agus €90

Stíl fhaiseanta agus luach ar airgead na slata tomhais a bhí ag ár gcomhfhreagraí agus í ag roghnú geansaithe te teolaí

Seacht ngeansaí geimhridh te teolaí idir €20 agus €90

Cótaí agus treabhsair dheasa do shéasúr an gheimhridh a roghnaigh mé anseo le coicís anuas. Nach bhfuil sé chomh maith agam geansaithe deasa a phiocadh anois don séasúr romhainn? Tá na cinn ar fad atá roghnaithe agam le fáil ar líne, an cineál siopadóireachta is ansa leis an gcuid is mó againn na laethanta seo. Is cosúil nach raibh veaineanna seachadta chomh gnóthach riamh agus atá siad faoi láthair agus beartáin á ndáileadh acu fud fad na tíre.

Stíl fhaiseanta agus luach ar airgead na slata tomhais a bhí agam agus mé ag roghnú na seacht ngeansaí te teolaí seo atá ar fáil ar phraghsanna idir €20 agus €90.

 

Geansaí cadáis agus olla ó COS ar €89

Tá sé de cháil ar an éadach cniotáilte ag COS go mbíonn caighdeán iontach ann i gcónaí. An dá rud is mó a mheall mé chuig an ngeansaí seo – an ceann is daoire atá roghnaithe agam – ná an dath álainn glas éadrom atá air agus an muineál íseal.

 

Geansaí ‘muineál anuas’ ó Topshop ar €46

Tá rud éigin te teolaí go cinnte ag baint leis an dearadh seo ar a dtugtar geansaí ‘muineál anuas’ (nó rollneck) air. Ní theastóidh aon scaif uait leis an gceann seo. Bándearg éadrom an dath atá air agus é ar fáil ar phraghas atá réasúnta go maith.

 

Geansaí cniotáilte dubh ó Mango ar €39.99

Seo rogha dheas dóibh siúd gur maith leo geansaithe cniotáilte atá simplí, clasaiceach agus neodrach. Tá ardchaighdeán sa cheann seo, mar a bhíonn go minic i dtáirgí ó Mango agus tá fáil air i ndathanna liath agus bán freisin.

 

Geansaí cniotáilte buí ó Marks & Spencer ar €40

Geansaí Árann a thagann chun cuimhne nuair a fheiceann tú an ceann seo ach tá casadh nua-aimseartha i gceist leis an dath buí sin. Tá sé ar fáil i ndath bán freisin dóibh siúd nach mian leo a bheith chomh feiceálach sin!

 

Geansaí cniotáilte ar dhath béas ó Zara ar €25.95

Tá stríoca bríomhara bándearga in íochtar an gheansaí seo a chuireann beocht sa dearadh simplí. Tá praghas an-réasúnta ar an gceann seo agus caighdeán maith ann.

 

Geansaí v-mhuiníl liath ó H&M ar €22.99

Mholfainn an ceann seo don té atá ag cuardach geansaí deas neamhfhoirmeálta le caitheamh timpeall an tí. Dath liath atá air agus é breá fada teolaí, rud a fhágann go mbeadh sé fíorchompordach le péire luiteog.

 

Geansaí muineál criú ó New Look ar €19.99

Thaitin an geansaí gorm seo go mór liom agus is é an ceann is saoire ar fad a roghnaigh mé. Tá sé giortaithe, oiread na fríde rud a chiallaíonn go mbreathnódh sé iontach le treabhsar nó jíons le básta ard. Is féidir an ceann seo a fháil i ndathanna liath, béas, bándearg agus glas freisin.

Fág freagra ar 'Seacht ngeansaí geimhridh te teolaí idir €20 agus €90'