Seacht gcinn de na scéalta Gaeilge agus Gaeltachta is mó in 2017…

Caitheann Tuairisc.ie súil siar ar chuid de na scéalta ó shaol na Gaeilge agus na Gaeltachta a bhí go mór i mbéal an phobail le linn 2017

Seacht gcinn de na scéalta Gaeilge agus Gaeltachta is mó in 2017…

Daonáireamh 2016

Bhí dóchas ann ar an 24 Aibreán 2016, nuair a líon muintir an stáit na foirmeacha do Dhaonáireamh 2016, go bhfeicfí ardú ar líon na gcainteoirí Gaeilge, mar a chonacthas i ngach daonáireamh le leathchéad bliain roimhe sin.

Drochscéal amach is amach a bhí ann don Ghaeltacht, do lucht labhartha na Gaeilge ar fud na tíre agus don teanga trí chéile, áfach. Léirigh na figiúirí a foilsíodh i mbliana gur tháinig laghdú suntasach ar líon na gcainteoirí Gaeilge taobh amuigh den chóras oideachais ar fud na Gaeltachta agus ar fud an stáit.

Thit líon na gcainteoirí ó 23,175 go 20,856, laghdú 11% agus bhí áiteanna áirithe sa Ghaeltacht a raibh titim i bhfad níos suntasaí le feiceáil iontu. Ba mhionlach iad na cainteoirí laethúla Gaeilge lasmuigh den chóras oideachais i 20 limistéar pleanála teanga. Níl ach 26 limistéar pleanála teanga ann.

Ní hé sin le rá nach raibh áiteanna áirithe sa tír, Gaeltacht Phort Láirge agus ceantair áirithe i mBaile Átha Cliath agus i gcathair na Gaillimhe a raibh ardú beag ann, ach tríd is tríd tubaiste a bhí sna figiúirí daonáirimh don Ghaeilge i mbliana. 

Anuas ar líon íseal na gcainteoirí laethúla, léirigh na figiúirí go bhfuil laghdú tagtha ar líon na ndaoine sa Stát a dúirt go raibh labhairt na Gaeilge acu (-0.7%).

Dúirt an t-iar-aire Gaeltachta Pat Carey, a thug isteach an Straitéis, go bhfuil gá le hathbhreithniú a dhéanamh ar spriocanna na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge. Dúirt Roinn na Gaeltachta go bhfoilseofaí ‘Plean Gnímh Cúig Bliana’ maidir leis an Straitéis ach ó fógraíodh faoi lár na bliana 2017, ach níl tásc ná tuairisc ar an gcáipéis nua go fóill.

2. Acht Gaeilge an Tuaiscirt

Agus muid ag breathnú chun cinn ag deireadh na bliana 2016, bhí súil ag lucht feachtais teanga ó thuaidh go mbeadh dul chun cinn déanta maidir le hAcht Gaeilge faoin am seo agus shíl roinnt daoine fiú go mbeadh a leithéid curtha trí Stormont faoi Nollaig na bliana 2017.

Is cinnte nár cheap duine ar bith ar an 31 Nollaig 2016 nach mbeadh aon fheidhmeannas ann i Stormont anois agus go mbeadh an tAcht Gaeilge ina chnámh spairne is mó idir Sinn Féin agus an DUP agus na cainteanna ar bun leis na hinstitiúidí a athbhunú.

Threisigh go mór ar an bhfeachtas chun Acht Gaeilge a thabhairt isteach i mbliana ach, i ndiaidh do roinnt babhtaí cainteanna a bheith ann, caint bhladhmach ón dá thaobh agus na céadta léirsiú, idir mhórléirsithe ar nós an Lae Dheirg i mBéal Feirste sa Bhealtaine agus mhionléirsithe i mbailte beaga ar fud an Tuaiscirt ó thús na bliana.

Cuireadh dlús faoin bhfeachtas nuair a rialaigh an Ard-Chúirt i mBéal Feirste gur theip ar Fheidhmeannas Thuaisceart Éireann na dualgais reachtúla atá air maidir le cur chun cinn na Gaeilge a chomhlíonadh de réir mar a leagadh amach iad i gComhaontú Chill Rímhinn.

Tá siar agus aniar ann ó shin agus Acht Cultúir, Acht Gaeilge, agus Acht Teangacha pléite agus athphléite ag polaiteoirí an Tuaiscirt ach gan aon dóchas ann go fóill go réiteofar an cheist.

 

3. An Phleanáil Teanga

Tá an próiseas pleanála teanga in aimhréidh ó tháinig sé chun solais nach mbeadh ach €100,000 ar fáil do na grúpaí atá i gceannas ar chur i bhfeidhm na bpleananna i mbliana. Dhiúltaigh Fóram Chois Fharraige um Pleanáil Teanga don mhaoiniú agus thug le fios go mbeifí ag moladh an eagraíocht a bunaíodh chun plean teanga a ullmhú don cheantar a scor sa chás nach bhfógródh an Roinn tuilleadh maoinithe dóibh faoin Nollaig.

Thug grúpaí eile i nGaeltacht Thír Chonaill agus i nGaeltacht Chorca Dhuibhne tacaíocht do mhuintir Chois Fharraige ina seasamh.

Mhaígh Roinn na Gaeltachta i ndiaidh an achrainn nach dtabharfaí aon airgead breise don phleanáil teanga in ainneoin gur fógraíodh €1.4 milliún breise don phleanáil teanga i mBuiséad 2018. Dúradh go bhféadfadh na coistí pleanála teanga tuilleadh maoinithe a fháil ar bhealaí eile trí iarratais a dhéanamh faoi scéimeanna eile d’eagraíochtaí Gaeltachta.

4. Earcaíocht sa Státseirbhís

Níl ach 0.15%, nó níos lú ná an cúigiú cuid d’aon faoin gcéad, de phoist na státseirbhíse daingnithe mar phoist a bhfuil líofacht sa Ghaeilge riachtanach lena n-aghaidh. Tá seacht roinn rialtais ann nach bhfuil oiread is post amháin daingnithe acu mar phost a bhfuil riachtanas Gaeilge ag baint leis.

Dúirt an t-iar-aire Gaeltachta Éamon Ó Cuív gur “teip iomlán” a bhí sa chóras earcaíochta a tugadh isteach in 2013 in áit chóras na marcanna bónais don Ghaeilge. Faoin gcóras nua tá na ranna in ainm is poist a mheastar riachtanas Gaeilge a bheith ag baint leo a aithint i scéim teanga nó ina bplean lucht saothair.

Dúirt Ó Cuív gur “státseirbhís aonteangach atá anois againn” agus go bhfuil an Rialtas “ag ligean dó sin tarlú”.

 

5. An Ghaeilge in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh

Ar an suíomh seo a tháinig sé chun solais i dtús na bliana go rabhthas ag fáil réidh leis an riachtanas Gaeilge d’uachtarán Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, agus níl deireadh go fóill leis an gconspóid sin agus Bille dréachtaithe ag Éamon Ó Cuív a chinnteodh go mbeadh Gaeilge ag Uachtarán na hOllscoile feasta.

Ceapadh Ciarán Ó hÓgartaigh ina Uachtarán ar an ollscoil mí Mheán Fómhair agus, íorónach go maith, Gaeilgeoir ón nGaillimh é.

Pléadh an cheist i rith na bliana i dTithe an Oireachtais agus, ina theannta sin, dúirt duine d’iar-uachtaráin na hollscoile Iognáid Ó Muircheartaigh gur údar ‘díomá’ ab ea an cinneadh deireadh a chur leis an riachtanas.

Léirigh cáipéisí a fuarthas faoin Acht Um Shaoráil Faisnéise gurbh í an argóint ba mhó a bhí acu siúd a bhí ar son deireadh a chur leis an riachtanas Gaeilge ná go raibh a leithéid ina bhac ar dhaoine cur isteach ar an bpost, go háirithe iarrthóirí idirnáisiúnta.

Vótáil móramh sa Dáil an mhí seo ar son Bille a dhréachtaigh Éamon Ó Cuív a chinnteodh go mbeadh Gaeilge líofa ag uachtaráin Ollscoil na hÉireann Gaillimh feasta, agus rachaidh an bille ar aghaidh anois go dtí an chéad chéim eile, céim an choiste.

61 Teachta Dála a vótáil ar son an Bhille, agus tacaíocht Theachtaí Dála de chuid Fhianna Fáil agus Shinn Féin chomh maith le roinnt neamhspleách ag dréachtreachtaíocht Uí Chuív. 51 Teachta Dála a vótáil in aghaidh an Bhille agus cúigear de na Teachtaí Dála a bhí i láthair a staon ón vótáil.

Nach mór ceithre bliana acadúla i ndiaidh do Ghearóid Denvir éirí as ollúnacht na Gaeilge in Ollscoil na hÉireann, ceapadh a chomharba i mbliana, Tadhg Ó hIfearnáin.

Athrú treo do Roinn na Gaeilge sa Ghaillimh atá i gceapachán Uí Ifearnáin toisc gurb é seo an chéad uair a mbeadh duine ina cheann roinne nach iad réimsí traidisiúnta léann na Gaeilge a shainspéis.

Sochtheangeolaí aitheanta é Tadhg Ó hIfearnáin agus cé go bhfuil taighde déanta aige i réimse na litríochta chomh maith is le teoiric agus feidhm na sochtheangeolaíochta is mó a bhíonn sé ag plé.

Srianta buiséid agus laghdú ar líon na mac léinn a bhí ag tabhairt faoi chúrsaí Gaeilge an dá údar a luadh ag cruinnithe d’Údarás na hOllscoile leis an moill a bhí ar cheapadh an Ollaimh le Gaeilge, de réir eolas a fuair Tuairisc.ie faoin Acht um Shaoráil Faisnéise.

6. Athruithe mhóra TG4

Bhunaigh TG4 córas nua coimisiúnaithe i mbliana a fhágann gur comhlachtaí neamhspleácha léiriúcháin a bheidh ag soláthar beagnach gach uile chlár a chraolfar ar an stáisiún Gaeilge feasta.

Nocht Ardstiúrthóir an stáisiúin, Alan Esslemont, an straitéis nua coimisiúnaithe atá ag TG4 i mí Eanáir ag cruinniú speisialta i nGaillimh.

Reáchtáladh babhtaí coimisiúnaithe i seacht réimse éagsúla — sobalchláir, cláir shiamsaíochta, cláir ealaíon, cláir spóirt, cláir drámaíochta, mórchláir, amhail Gradaim Cheoil TG4, agus cláir aonair.

Rinneadh cáineadh géar, áfach, faoin gcinneadh deireadh a chur le Seó Spóirt agus cláir chainte eile a bhíodh á ndéanamh sa stiúideo Bhaile na hAbhann. Dúirt Alan Esslemont, Ardstiúrthóir TG4 gurb é féin a rinne an cinneadh a chothaigh an chonspóid mhór agus nár luigh na cláir chainte lena chur chuige nua don stáisiún.

Níl aon toradh ó thaobh clár ar an gcóras coimisiúnaithe nua go fóill rud a fhágann go bhfuil go leor leor athchraoltaí a chur amach ag an stáisiún faoi láthair.

Dúirt Esslemont gur “céim shuntasach chun cinn” í an straitéis nua atá ag TG4 don earnáil sa Ghaeltacht ach is cinnte go mbeidh roinnt comhlachtaí beaga neamhspleách thíos leis an athrú. Baineadh tuisle mór as straitéis nua an stáisiúin nuair a tháinig sé chun solais an mhí seo nach bhfuil RTÉ sásta dul ar aghaidh leis an socrú go gcraolfaí Nuacht TG4 ar RTÉ ón 15 Eanáir ar aghaidh.

Bhí cainteanna ar bun idir an dá stáisiún le tamall faoi na socruithe nua maidir lena soláthar nuachta Gaeilge agus bhí sé i gceist deireadh a chur le branda Nuacht RTÉ agus ‘Nuacht TG4’ a chur ina áit ar fheasacháin teilifíse RTÉ.

Faoin socrú sin, Nuacht TG4 seachas Nuacht RTÉ a thabharfaí feasta ar an bhfeasachán nuachta a chraoltar ar RTÉ 1 ag 17.45 tráthnóna, agus chraolfaí na cláir nuachta Gaeilge ar fad, ar RTÉ agus ar TG4, ó stiúideo nua i gceannáras TG4 i mBaile na hAbhann. 

Ach tá amhras mór faoina bhfuil i ndán don phlean sin ó thug ardbhainistíocht RTÉ le fios d’ardbhainistíocht TG4 nach bhfuiltear sásta anois go gcraolfaí ‘Nuacht TG4’ ar RTÉ.

 

7. Joe agus Josepha

Athcheapadh Joe McHugh ina Aire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta i ndiaidh do Sheán Kyne, as Gaillimh, bliain a chaitheamh sa ról. Cé nach raibh an fhearg chéanna le brath agus a bhí in 2014 nuair a ceapadh ar dtús é agus gan focal Gaeilge aige, is go drogallach a cuireadh fáilte roimh athcheapachán an Chonallaigh sa ról.

Thug McHugh agus an Taoiseach Leo Varadkar féin le fios gur aire don Ghaeilge é Aire na Gaeltachta agus gurb é a phríomhchúram ná an pobal a spreagadh an Ghaeilge a labhairt.

Ach ó tharla go bhfuil an próiseas pleanála teanga in aimhréidh, go bhfuil géarchéim múinteoirí i scoileanna Gaeltachta agus go bhfuil líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge ag titim, tá cuid mhór daoine in amhras faoin gcaint ar fad faoin gcúpla focal spreagadh.

Chaith Heather Humphreys, an tAire sinsearach Gaeltachta ba lú spéis sa Ghaeilge riamh seans, os cionn trí bliana sa phost sin. Bhí dóchas beag ann go mbeadh Gaeilge ag an té a cheapfaí ina háit nuair a rinneadh athchóiriú ar Bhord an Rialtais ag deireadh na bliana seo ach níorbh amhlaidh a bhí. Josepha Madigan atá sa ról sin anois, bean nach bhfuil Gaeilge aici ach a bhfuil “grá mór” aici don teanga.

Dúirt sí ar an gclár The Week in Politics ar RTÉ an mhí seo nach dtabharfadh sí aon gheallúint uaithi go bhfoghlaimeodh sí an Ghaeilge ar eagla nach n-éireodh léi a leithéid de gheallúint a chomhlíonadh.

Mhol sí McHugh as iarracht a dhéanamh an Ghaeilge a fhoghlaim agus dúirt sí gur “eiseamláir” é an Taoiseach Leo Varadkar maidir le foghlaim na Gaeilge agus go raibh an iarracht atá déanta aige i leith na Gaeilge dochreidte.

Dúirt Joe McHugh go bhfuil croí an Aire nua “san áit cheart” agus thug le fios go mbíonn siad ag téacsáil a chéile as Gaeilge. Dúirt McHugh go bhfuil “suim mhór” ag Madigan sa Ghaeilge agus gurb é sin an rud is tábhachtaí.

“Tá an cheist seo suimiúil mar fuair mé téacs ó Josepha aréir agus fuair mé an téacs fríd Ghaeilge agus chuir mé freagra chuici fríd Ghaeilge fosta. Tá suim mhór aici [sa Ghaeilge]; tá sí cosúil le cuid mhór daoine sa tír a chuaigh go dtí na bunscoileanna agus na meánscoileanna agus ní bhíonn siad ábalta labhairt Gaeilge. Ach tá a croí san áit cheart agus sin an áit is fearr,” a dúirt an tAire Stáit Joe McHugh.

Fág freagra ar 'Seacht gcinn de na scéalta Gaeilge agus Gaeltachta is mó in 2017…'