Seachain táirgí smididh atá níos daoire toisc ainmbhranda a bheith orthu

Tá táirgí a roghnaíodh ó chatalóga idirnáisiúnta agus a ndearnadh athbhrandáil orthu á gcur ar an margadh anseo ar phraghsanna níos mó trí chóras ar a dtugtar ‘lipéadú príobháideach’

Seachain táirgí smididh atá níos daoire toisc ainmbhranda a bheith orthu

Tá cleachtas nua tagtha chun cinn le tamall anuas i dtionscal an smididh agus níor mhiste do dhuine a bheith san airdeall ar eagla go mbeifeá ag íoc go daor ar tháirgí atá ar fáil i bhfad níos saoire.

‘Lipéadú príobháideach’ a thugtar ar an nós nua seo agus baintear úsáid as le branda nua a chruthú agus táirgí atá ar fáil go forleathan ó chomhlachtaí mórdhíola a chur ar díol faoi ainm nua. Is minic gur comhlachtaí beaga nó blagálaithe aitheanta a chuirfeadh na táirgí seo ar an margadh. Ceannaítear na táirgí féin ó lucht mórdhíola ar phraghas íseal ach bíonn a dhúbailt nó a thrí oiread costais orthu nuair a dhíoltar iad faoin mbranda nua.

Bheadh brandaí cáiliúla ar nós Crown Brushes, Blank Canvas Cosmetics, Fushia agus Morphe ina measc sin a bhaineann úsáid as lipéadú príobháideach.

Admhaíonn an blagálaí aitheanta Suzanne Jackson(SoSueMe) gur trí lipéadú príobháideach a sholáthraíonn sise táirgí smididh don mhargadh anseo; ní bhíonn aon bhaint aici le déanamh na dtáirgí ach go roghnaíonn sí go cúramach na cinn go bhfuil sí sásta a branda féin a chur orthu.

Go bunúsach is leagan eile é den choincheap faoina mbíonn earraí féinbhranda ar díol i siopaí nó in ollmhargaí. Le hearraí féinbhranda cuirtear táirgí áirithe ar fáil ar phraghas an-íseal cé go mbeadh an táirge ceannann céanna ar fáil faoi bhranda aitheanta ar phraghas i bhfad níos airde.

Le lipéadú príobháideach cuirtear táirgí smididh a dhéantar go saor ar scála ollmhór san Áise ar fáil do dhaoine a chuireann a mbranda féin orthu agus díoltar leis an bpobal ar bhrabach an-mhór ansin iad.  Níl ag teastáil ach ainm a bheadh mealltach a chur ar an táirge agus seans go n-éireoidh leis an iarracht sciar éigin den mhargadh a shásamh.

Ní dhéantar aon táirgí smididh in Éirinn agus is thar sáile ó thíortha ar nós na Síne a thagann formhór an ábhair sin chugainn. Ach ní stopann sé sin comhlachtaí Éireannacha ó tháirgí a chur ar an margadh agus é á thabhairt le tuisicnt gur táirgí Éireannacha iad.

Ar ndóigh, tógann sé infheistíocht mhór agus neart taighde le táirge nua smididh a chruthú agus ní bheadh an acmhainn ag mórán comhlachtaí tabhairt faoin eolaíocht chasta sin. Is éasca dóibh, áfach, táirgí a roghnú ó chatalóga ag déantóirí idirnáisiúnta agus margadh a dhéanamh lena n-ainm féin a bhrandáil ar an táirge sin.

Feiceann muid ar fad táirgí ar nós seampú nó feabhsaitheoir i mbuidéilíní beaga i seomra folctha óstáin agus branda an óstáin féin orthu ach ní chiallaíonn sin go raibh baint ná páirt ag an óstán le forbairt na dtáirgí sin.  Níl ann ach gur buaileadh a mbranda féin ar tháirgí ó chomhlacht mórdhíola agus beidh na hearraí ceannann céanna sin le fáil faoi bhrandaí eile sna mílte óstán eile ar fud an domhain.

Cén chaoi a n-aithneofá gur lipéadú príobháideach atá i gceist le táirge éigin smididh? Seo cleas amháin a oibríonn domsa – liostaigh na comhábhair ar fad atá sa táirge, cuir in inneall cuardaigh ar nós Google iad. Má fheiceann tú na comhábhair chéanna ar fáil faoi iliomad ainmbhranda eile tuigfidh tú ansin gur dócha nach aon rud speisialta atá cruthaithe as an nua atá i gceist ach táirge ó mhórdhíoltóir agus seans go mbeidh fáil air ar phraghas níos isle faoi ainm éigin eile.

Níor mhiste a lua gur minic a bhíonn an cruth agus an chuma chéanna ar na táirgí cé go mbíonn ainmbhranda difriúil orthu, mar shampla an pacáistiú simplí dubh ar an táirge céanna ag Blank Canvas Cosmetics agus Morphe Brushes.

Níl aon locht ar lipéadú príobháideach ar tháirgí smididh agus níl aon rud mídhleathach i gceist leis an nós seo. Níl ann ach gur féidir go mbeadh ceannaitheoirí ag íoc go daor as táirge agus iad ag ceapadh go bhfuil táirge “ar leith” á fháil acu agus gan ann dáiríre ach táirge saor ó mhórdhíoltóir a bhfuil branda buailte anuas air agus an praghas ardaithe.

Fág freagra ar 'Seachain táirgí smididh atá níos daoire toisc ainmbhranda a bheith orthu'