Seachain go gcuirfimis bac ar dhaoine bheith istigh a bheith acu i bpobal na Gaeilge

Ní hionann an líofacht teanga atá ag teastáil chun duais Oireachtais a bhuachaint agus an líofacht atá ag teastáil chun bheith i do chainteoir Gaeilge, a deir Uachtarán Chonradh na Gaeilge

Pictiúr: Seán Ó Mainnín Buses from the four provinces of Ireland made their way to Dublin for Lá Mór na Gaeilge on Saturday (15 February 2014), where 10,000 people gathered at the Garden of Remembrance on Parnell Square and marched to Dáil Éireann to demand their language rights and equality for the Irish language north and south. Coordinated by Conradh na Gaeilge, Lá Mór na Gaeilge was a celebration of Irish for all the family and a massive march for language rights, attracting both members of the Irish-speaking community as well as those with a love for Irish, and drawing crowds of thousands into the streets to show their support for the language. MORE INFORMATION: Donnchadh Ó hAodha, President, Conradh na Gaeilge +353 (0)87 2421267 / +353 (0)1 4757401 Julian de Spáinn, General Secretary, Conradh na Gaeilge +353 (0)86 8142757 / +353 (0)1 4757401
Pictiúr: Seán Ó Mainnín

Ceann de na rudaí a shonraíonn muid mar phobal Gaeilge ná an meas agus an gean a léiríonn muid mar phobal don té a bhfuil bua na teanga aige. Tugtar aird faoi leith ar an té atá deisbhéalach, a úsáideann friotal tuairisicúil agus a bhaineann leas as meafar, samhail agus imeartas focal.

Is minic a bhíonn spéis níos mó againn sa chaoi a n-insítear sceál ná i gcroí an scéil féin.

Ní dóigh liom go bhfuil a leithéid de rud agus comórtas lúibíní nó agallamh beirte againn sa Bhéarla agus in ainneoin an méid ama atá caite agam i gcomhluadar Béarlóirí, ní cuimhin liom cainteoir Béarla amháin ag rá faoi chainteoir Béarla eile: ‘He has lovely English doesn’t he?’ 

Caithfidh muid bheith tuisceanach, áfach, nach ionann an leibhéal líofachta agus an cruinneas teanga atá ag teastáil chun duais Oireachtais a bhuachaint agus an líofacht agus an cruinneas atá ag teastáil chun bheith i do chainteoir Gaeilge. Agus mé ag fás aníos i dtuaisceart Bhaile Átha Cliath, bhí go leor cainteoirí Béarla timpeall orm nach raibh cruinneas, comhréir ná foghraíocht an dea-Bhéarla acu ach níor chuir sin bac orthu dul chun cinn a dhéanamh sa saol. Go deimhin, rinneadh Taoiseach de dhuine de na daoine seo a ndéarfá fúthu go raibh Béarla lochtach acu.

Tá go leor cainte sna meáin le cúpla lá anuas faoi ‘comprimised urban’ Irish nach bhfuil chomh cruinn is atá an teanga a labhraítear go traidisiúnta sa Ghaeltacht agus níos luaithe i mbliana, bhí Desmond Fennell ag moladh gur chóir eagras GaeiIge nua a bhunú a mbeadh scrúdú Gaeilge riachtanach chun ballraíocht a fháil ann. Ach cén caighdeán Gaeilge atá ag teastáil chun gnáthchomhrá a bheith ag duine sa phub, chun seirbhís Ghaeilge a iarraidh ón Stát nó chun scéal Bhaba agus Jeaic a léamh do pháiste roimh chodladh dó? An bhfuil muid ag iarraidh dáiríre bac a chur ar dhaoine bheith istigh a bheith acu i bpobal na Gaeilge agus cur lena líofacht? 

Agus mé amuigh le m’iníon óg, tá sé dochreidte an méid daoine a chastar orm atá níos sásta, agus níos compordaí, Gaeilge a labhairt le páiste seachas mar a bheidís le Gaeilgeoir fásta. Ní bhíonn an faitíos céanna orthu go gcuirfidh siad seimhiú san áit mhícheart nó go n-úsáidfidh siad nath cainte a bhfuil dul an Bhéarla air. Bíonn an banna ceoil Seo Linn ag ceol faoi ‘Gaeilge gan eagla’.  Cé mhéad duine eile a mheallfadh muid i dtreo na teanga dá mbeadh dearcadh níos oscaile againn faoi dhaoine nach bhfuil an líofacht chéanna bainte amach acu go fóill? 

Bíonn dul amú chomh maith ar dhaoine faoi shaol na Gaeilge i mBaile Átha Cliath. Ba mhór an fhaillí a bheadh ann a cheapadh nach bhfuil muintir na Gaeltachta páirteach sa saol sin. Tá muintir na Gaeltachta ag múineadh i scoileanna na hardcathrach, bíonn siad ag freastal ar imeachtaí i gClub an Chonartha, bíonn siad ar stáitse le hAisteoirí Bulfinn, ag léiriú is ag láithriú cláracha ar Raidio na Life, ag freastal ar ghrúpaí tuistí is leanaí Comhluadar, ag siúl leis na Cnocadóirí agus ag imirt peile is iomána leis na Gaeil Óga. Déanann muintir na Gaeltachta i mBaile Átha Cliath na rudaí sin ar fad le fonn agus iad i dteannta daoine nach bhfuil an líofacht chéanna teanga acu is atá acu féin.

Mar thuismitheoir atá ag tógaint clainne le Gaeilge i mBaile Átha Cliath, tuigim nach mbeidh an caighdeán céanna teanga ag mo chlannsa is a bheadh ag páistí Gaeltachta ach, mar sin féin, ní hionann sin is a rá nach mbeidh ar a gcumas amach anseo amhráin iontacha Gaeilge a chumadh ar nós mar a rinne muintir Uí Shnodaigh agus a leathbhadóirí i KiIa, ná ní chiallaíonn sé nach mbeidh ar a gcumas duaiseanna litríochta Gaeilge a bhuachan mar atá déanta ag Anna Heusaff; ná ní chiallaíonn sé nach mbeidh ar a gcumas jab an Ard-Mhéara a bhaint amach mar a rinne Críona Ní Dhálaigh. 

Tá na céadta dochtúir, dlíodóir, eolaí, fear agus bean gnó ann a tháinig trí chóras an ghaeloideachais i mBaile Átha Cliath atá ag cur go mór leis an tsochaí. Ba bhuntáiste acu ar fad an t-oideachas céanna.

Tágann athruithe ar gach teanga bheo; ní hionann an teanga a bhíodh á labhairt 100 bliain ó shin agus an teanga a labhraítear inniu. Seans maith go mbeidh difear mór idir an Ghaeilge a labhraítear anois agus an Ghaeilge a labhrófar faoi cheann 100 bliain. Cibé cineál Gaeilge a bheas á labhairt, beidh sí ag brath ar phobal chun í a labhairt. Caithfidh muid bheith cinnte nach gcuireann muid aon bhac ar fhás an phobail sin. An t-aon ‘compromise’ nó laincis atá ann ná an ceann a chuireann muid orainn féin.

Fág freagra ar 'Seachain go gcuirfimis bac ar dhaoine bheith istigh a bheith acu i bpobal na Gaeilge'

  • Darragh Ó Náraigh

    Alt iontach agus neart pointí maithe suimiúla! Meallfaidh an cur chuige dearfach sin i bhfad níos mó daoine i dtreo na teanga!

  • Pádraig Ó Cíobháin

    Lán an chirt sa mhéid thuas agat. Is cainteoir Gaelainne mise agus scríbhneoir sa teanga chéanna go dtéann dá lán a thuiscint – idir labhairt is scríobh i gceist ansan, rud a chiallaíonn go mbíd a’ teitheadh uaim. Ach is ina dtreo is mian liomsa teitheadh. Ó m’aithne-se ar mhuintir mo cheantair Ghaeltachta fhéin dh’fháiltíodar riamh roim na haon tsórt cainteora a ghaibheadh chucu d’fhonn na Gaelainne dh’fhoghlaim. An fonn san bheith orthu a dh’fhág go bhfáiltítí go fonnmhar rompu sa chur chuige foghlaimeoir-lárnaithe a chleacht na daoinibh-sean. Tá a rian air, thagtaí bliain i ndiaidh bliana, go Brú na Gráige, go tigh Mháire Bhreathnach ag a raibh tigh aíochta, go Tigh Khrugeir, Tigh a’ Phrincess, is céad tigh nach iad. Dála na bhfáinleog a la Eoghainín na nÉan, chomharthaíodh a dteacht teacht an tsamhraidh. Fillimist aríst ar an meon lách san …