Scott Pilgrim vs an t-aistriúchán Gaeilge – éiríonn thar cionn leis!

Tá guth na gcarachtar láimhseáilte go han-mhaith agus feileann an Ghaeilge go haoibhinn dóibh i leaganacha Gaeilge nua de scéalta Scott Pilgrim

Scott Pilgrim vs an t-aistriúchán Gaeilge – éiríonn thar cionn leis!

Scott Pilgrim, Leagan Gaeilge
Foilsithe ag Gliadar
Aoisghrúpa: 16+
Imleabhar 1,2 & 3
(€35 an ceann nó €99 ar na trí leabhar le chéile)

Chuir mé céadaithne ar Scott Pilgrim siar in 2010 nuair a thuirling an scannán Scott Pilgrim vs. The World ar an scáileán. Bhí stíl an scannáin dochreidte agus thaitin an fuaimrian go mór liom. Cúis iontais agus áthais dom a chloisteáil go raibh Gliadar, comhlacht úr foilsitheoireachta de chuid Sheanáin Uí Choistín, chun leagan Gaeilge a eisiúint den úrscéal grafach ar bunaíodh an scannán úd air.

Tá sé imleabhar i gceist san iomlán le bunsraith Scott Pilgrim le Bryan Lee O’Malley, a bhfuil stádas idirnáisiúnta cultais aici ó foilsíodh í. Is ann a bhuailimid leis an gcarachtar teidil, mar aon lena chairde agus a naimhde. Scéal áiféiseach amach is amach atá ann, a nascann scéal grá agus teacht in inmhe le greann agus scléip. D’fhoilsigh Oni Press leagan speisialta in 2019 ina bhfuil trí leabhar clóite lándaite a chuimsíonn na sé imleabhar ar fad. Sin an t-eagrán a roghnaigh Gliadar le tiontú go Gaeilge.

Agus togra ollmhór aistriúcháin a bhí sa tiontú céanna. Ní hamháin go bhfuil téacs na mbolgán cainte san úrscéal grafach seo aistrithe go Gaeilge agus curtha in oiriúint don mhéid spáis atá ar fáil sna híomhánna, ach tá giotaí spleodracha sa chúlra a bhfuil craiceann breá Gaelach orthu anois a chuireann leis an insint agus an t-atmaisféar. Tá ealaín faoi leith ag baint leo agus d’éirigh thar cionn le Ó Coistín spiorad na ngiotaí sin a athchruthú.

Tá guth na gcarachtar aistrithe go han-mhaith agus feileann an Ghaeilge go haoibhinn dóibh. Léirítear scéal spleodrach spéisiúil ar leathanaigh lonracha. Tá an scéal greannmhar agus dáiríre araon, agus is mór an spórt é ó thús deireadh. Cuirfidh Scott isteach ort (cuireann sé isteach ar nach mór gach carachtar eile) ach méadóidh do ghrá dó de réir mar a cheannaíonn sé ciall.

An comrádaí tí atá ag Scott, tá sé aerach, agus léirítear sin sa bhunleagan ar bhealach greannmhar dearfach (ach searbhasach). N’fheadar an éiríonn leis an aistriúchán seo an taobh sin den scéal a chur i láthair i gceart. Baineadh siar asam agus mé ag féachaint ar an bhfocal ‘piteog’ sna leabhair seo, rud a tharraing amach ón scéal mé agus a chuir i dtreo an bhunleagain mé le comparáid a dhéanamh. Ní fheictear dom gurb é seo an focal a theastaigh ón gcomhthéacs. Tharla seo dom cúpla uair le rudaí éagsúla, agus measaim go ndéanfadh pas amháin eile eagarthóireachta maitheas don chéad togra eile ón bhfoilsitheoir úr seo.

Ar an iomlán tá aistriúchán néata spreagúil i gceist anseo, cé go bhfuil codanna den leagan Gaeilge ábhairín crochta – cheapfá gur d’aon ghnó a roghnaíodh leagan casta thar leagan simplí sothuigthe in áiteanna. Tá leabhrán breise ‘Cora Cainte Den Scoth’ ar díol ar shuíomh an fhoilsitheora chun stór focal an léitheora a fhorbairt leis an rud is annamh: gluais Gaeilge–Gaeilge. Comhad digiteach le híoslódáil atá i gceist agus praghas €19.95 air. Is cinnte go gcuirfidh léamh na leabhar seo le do stór focal!

Daoine óga fásta na léitheoirí idéalacha do Scott Pilgrim agus n’fheadar an minic a bheadh céad euro le caitheamh thart ag duine ar bith ar na saolta seo. Táthar ann a d’ardódh na malaí ar fheiceáil an phraghais dóibh, ach léireoidh sracfhéachaint amháin ar an ábhar fisiciúil gur fiú é. Tá ríshúil agam go gceannóidh leabharlanna na saothair seo ionas go mbeidh teacht níos éasca ag gach duine orthu.

Agus tá mé cinnte gurb í sraith Scott Pilgrim i nGaeilge an bronntanas lá breithe (nó Nollag) is fearr a d’fhéadfaí a fháil do dhuine óg (16+) le Gaeilge. Seans maith gurb é seo an táirge fisiciúil is áille a cuireadh amach do léitheoirí na Gaeilge riamh.

Fág freagra ar 'Scott Pilgrim vs an t-aistriúchán Gaeilge – éiríonn thar cionn leis!'