An nua-theicneolaíocht a úsáid mar chuid lárnach den teagasc, den fhoghlaim agus den mheasúnú i scoileanna na tíre. Sin a mholtar sa Straitéis Dhigiteach a chuir an Roinn Oideachais amach i Meán Fómhair na bliana seo. Leanfaidh an Straitéis ó 2015 go 2020 agus clár leathan oibre leagtha amach ann. Ach is ceist chasta í úsáid na nua-theicneolaíochta, mar a thaispeánann tuarascáil eile a tháinig amach an mhí céanna, Students, Computers and Learning ón OECD.
Teachtaireacht amháin a bhí i dtuarascáil an OECD ná gur beag feabhas atá le sonrú ar ghnóthachtáil na ndaltaí sa léitheoireacht, sa mhatamaitic agus san eolaíocht, sna tíortha sin ina raibh infheistíocht mhór déanta sa teicneolaíocht. Dúirt roinnt mhaith tráchtairí, gur léim rómhór a bhí ann idir na torthaí taighde i lár na tuarascála agus an chonclúid ag an deireadh.
Ach mar sin féin, bheadh mórán de na tráchtairí céanna ar aon fhocal le hAndreas Schleicher, Stiúrthóir ar Oideachas agus Scileanna san OECD, a dúirt agus é ag seoladh na tuarascála nach bhfuilimid fós maith go leor san úsáid a bhainimid as an teicneolaíocht sa scolaíocht.
Conas an scéal a fheabhsú, mar sin? Is fíor go bhfuil slite agus straitéisí nua á gcumadh agus á dtriail ag múinteoirí i scoileanna mórthimpeall na tíre an t-am ar fad. Is ga tacú leis na hiarrachtaí seo, agus cur leo. Tá cur chuige amháin ann atá ag cothú mórán spéise mórthimpeall an domhain faoi láthair. Faoin gcur chuige seo, déantar an gaol idir an obair a dhéanann daltaí ar scoil agus an obair a dhéanann siad sa bhaile a iompú bunoscionn. Tugaimis an ‘seomra ranga aisiompaithe’ air – ar aon dul leis an ‘classé inversée,’ ‘flipped classroom’, nó ‘Umgedrehte Klassenzimmer,’ mar a thugtar air in áiteanna eile.
Faoin gcur chuige múinteoireachta seanbhunaithe, is ar scoil a chuirtear an t-ábhar nua ar fáil do na daltaí, agus déanann na daltaí cleachtadh ar an ábhar nua seo sa bhaile ina dhiaidh sin. A mhalairt a tharlaíonn sa seomra ranga aisiompaithe. Bíonn fáil ag na daltaí ar an ábhar nua sa bhaile ar an idirlíon roimh ré, agus sa rang an lá ina dhiaidh cuirtear leis an bhfoghlaim, ag obair go neamhspleách, agus le daltaí eile, fé stiúir an mhúinteora.
Físeáin agus téacsanna gairide ar-line a úsáideann an múinteoir chun an t-ábhar a chur ar fáil roimh ré mar obair bhaile. Is féidir leis an múinteoir físeáin dá chuid féin a tháirgeadh agus a fhoilsiú ar an idirlíon mar atá déanta, mar shampla, ag múinteoir as Leitir Ceanainn, John Ruddy ar Youtube, físeáin a bhfuil cuairteanna á dtabhairt orthu as na ceithre hairde. Nó is féidir tarraingt ar mheascán éigin den méid atá ar fáil saor in aisce (mar shampla, Khan Academy), agus leasú a dhéanamh orthu mar is gá.
Ach más é aidhm na Straitéisí Digití an nua-theicneolaíocht a úsáid mar chuid lárnach den teagasc agus den fhoghlaim, ardaíonn an seomra iompaithe roinnt ceisteanna ar gá dúinn díriú orthu. An fearr an nua-theicneolaíocht a úsáid i slí a thacaíonn leis an sórt teagaisc atá á chleachtadh againn le fada, ina mbíonn an múinteoir mar mháistir an eolais, ag cur an ábhair nua faoi bhráid na ndaltaí? Nó an gá an nua-theicneolaíocht a chur ag obair sa tslí is go dtagann claochlú ar an teagasc féin, agus na daltaí a bheith ag foghlaim go gníomhach, ina n-aonar agus i bhfoirne, ag réiteach fadhbanna, ag fionnachtain, ag tairgeadh agus ag cruthú eolais da gcuid féin?
Ar ndóigh, tá a fhios againn go maith cén freagra atá ar an gceist seo: meascán éigin den dá cheann acu. Faoin gcéad mhúnla éisteann agus léann na daltaí leis an méid a thugtar dóibh, agus cuireann siad i bhfeidhm ansin é.
Tá ócáidí ann nuair is gá a leithéid de chur chuige ‘céim ar chéim’ a úsáid agus treoracha mar bhonn leis. Ar thuiscintí Jean Piaget ón Eilvéis ar an bhfoghlaim mar phróiseas ghníomhach atá an dara cur chuige bunaithe. Is próiseas sóisialta é chomh maith, mar a mhol Lev Vygotsky ón Rúis siar sna tríochaidí, agus mar a thugtar le fios sa lipéad a ghabhann leis na teoiricí seo na laethanta seo, social constructivism.
Bhí béim ag an bhfealsúnaí Meiriceánach, John Dewey, chomh maith ar fhorbairt na dtuiscintí seo. Dar leis go mbraitheann fiúntas na foghlama ar an ‘idirghníomhú’ idir an dalta agus an t-ábhar nua, agus an ‘leanúnachas’ idir an fhoghlaim nua agus a bhfuil foghlamtha ag an dalta go dtí sin. Ba iad an dá eilimint seo a chuir rath ar an oideachas agus a shaibhrigh taithí an dalta dá réir.
Dúshlán amháin gan amhras a bhaineann le cur chuige mar seo is ea an trealamh atá ag teastáil, mar ní gach teaghlach sa tír a bhfuil an nua-theicneolaíocht ná an ceangal idirlín le fáil ann ag an leibhéal is gá chun an obair bhaile a athrú sa tslí seo. Cuireann sé leis an méid ama a chaitheann páistí os comhair an ríomhaire chomh maith, nós atá iomarcach cheana féin i roinnt mhaith cásanna.
Mar sin féin, is léir go bhfuil bunús fónta ag baint le cur chuige mar é chun úsáid níos éifeachtaí a bhaint as an nua-theicneolaíocht sa scolaíocht – móraidhm na Straitéisí Digití.
Ar ndóigh, ní hobair gan dua í an t-eagrú agus an phleanáil a bheadh ag teastáil, na háiseanna oiriúnacha ar líne a ullmhú, agus araile. Agus ar aon dul le haon athrú eile a bheadh le cur i bhfeidhm in aon seomra ranga, bíodh sé ‘aisiompaithe’ nó a mhalairt, is den riachtanas é a thógáil go réidh.
B’fhearr, mar sin, tosú go cúramach, rudaí áirithe a thriail, i bhfoirm tionscnaimh, b’fhéidir, agus gan smaoineamh ar an gcur chuige sa seomra ranga a athrú ó bhonn d’aon bhuille!
Is Stiúrthóir ar an bhForbairt Ghairmiúil Leanúnach i gColáiste Mhuire Gan Smál an Dr Cathal de Paor.
Fág freagra ar 'Scolaíocht san aois dhigiteach: an bhfuil sé in am ár gcur chuige sa seomra ranga a athrú ó bhonn?'