TEILIFÍS
Táthar sa tóir ar na teaghlaigh is siamsúla in Éirinn agus tús á chur le sraith nua Réalta agus Gaolta ar TG4 an Domhnach seo, an 11 Eanáir ag 7.30pm. Féachfar leis an gcéad teaghlach úrnua eile réaltaí a aimsiú le linn ocht gclár de Réalta agus Gaolta.
Chuaigh foireann an chláir ag tóraíocht ar fud na tíre agus iad ag lorg na dteaghlach is siamsúla agus beidh siadsan ag tabhairt aghaidh ar a chéile sa stiúideo. Is í Síomha Ní Ruairc a chuirfidh an tsraith i láthair, agus ag coinneáil súil ghrinn ar na teaghlaigh beidh na moltóirí Irial Ó Ceallaigh, Sinéad Ní Uallacháin agus aoimholtóirí speisialta in éindí leo, ina measc Étáin Ní Churraoin, Séamus Ó Flatharta, Pádraig Jack, Tarach Ó Snodaigh, Brian Danny Minnie, Dónall Mac Ruairí, agus Jedward.
CEOL
Ceiliúradh ar Nollaig na mBan
Beidh ceiliúradh ar Nollaig na mBan in Áras Chrónáin tráthnóna anocht, Dé hAoine, 9 Eanáir ag tosú ag 8.30pm. Imeacht ceoil saor in aisce atá ann leis na ceoltoirí Caoimhe Nugent, Reylta, Brinda agus Blue Lilac. Tá na ticéid ar fáil ach teachtaireacht a chur go díreach chuig Áras Chrónáin ar Instagram ag @ArasChronain.
Tuilleadh eolais ar fáil ar an suíomh idirlín ag an nasc seo.
TradFest ag ionaid éagsúla ar fud Bhaile Átha Cliath
Beidh an fhéile cheoil traidisiúnta TradFest ar bun ag ionaid éagsúla ar fud Bhaile Átha Cliath ón gCéadaoin, 21 Eanáir go dtí an Domhnach, 25 Eanáir. Cuirfear roinnt ceolchoirmeacha ar bun in Áras Chrónáin i gCluain Dolcáin i rith na féile. Ar an 21 Eanáir, beidh ceiliúradh ar an gcláirseach le Stephen Rea agus aíonna eile, ina measc, Brídín agus TU Dublin.
Cuirfidh The Mulcahy Family oíche cheoil ar fáil ar an Aoine an 23 Eanáir. Beidh ceoltóirí eile le cloisteáil san ionad i gcaitheamh na féile, Mundy, Frankie Gavin, Mike Hanrahan agus Eleanor Shanley ina measc.
Tá clár imeachtaí na féile agus ticéid ar fáil ar shuíomh idirlín TradFest ag an nasc seo.
GARRAÍODÓIREACHT
Cúrsa lae le An Garraí Glas agus POTA café
Beidh cúrsa lae garraíodóireachta á chur ar bun ag an nGarraí Glas ar an 16 Feabhra agus é in oiriúint don té a bheadh ag iarraidh foghlaim cén chaoi lena gcuid glasraí féin a chur, a choinneáil agus a bhaint. Tá cáil ar an nGarraí Glas, feirm atá suite i gCois Fharraige i gConamara, as glasraí úra, orgánacha a chur ar fáil.
Beidh siad ag obair le POTA café, áit a bhfuil seomra ranga socraithe suas agus is ann a bheidh an chuid is mó den fhoghlaim ar bun. Tabharfar cuairt freisin ar an bhfeirm agus an teach gloine atá ag an nGarraí Glas agus beidh deis ag na daoine ar an gcúrsa a bheith ag cur síol agus ag athphlandáil. Tá an cúrsa beagnach díolta amach cheana féin, ach tá roinnt ticéad fós ar fáil trí Eventbrite. Cuirfear lón ar fáil i POTA café i rith an chúrsa freisin. Tá ticéid ar fáil anseo.
FÉILTE

Scoil Gheimhridh Joe Steve
Beidh Scoil Gheimhridh Joe Steve 2026 ar bun i ceantar Chois Fharraige i gConamara ón 22-25 Eanáir 2026. Is í Uachtarán na hÉireann, Catherine Connolly a sheolfaidh scoil na bliana seo go hoifigiúil ag ócáid in Amharclann Chois Fharraige ar an Aoine, 23 Eanáir ag 7.30pm. Tá cead isteach saor in aisce go dtí an seoladh ach is gá ticéad a chur in áirithe roimh ré agus is féidir é sin a dhéanamh ag an nasc seo.
I measc na n-imeachtaí eile ag scoil na bliana seo, beidh an dráma Níor Mhaith Linn do Thrioblóid le Joe Steve Ó Neachtain ar stáitse ag buíon aisteoirí áitiúla. Cuirfear an dráma ar stáitse ar an Satharn, 24 agus an Domhnach 25 Eanáir in Amharclann Chois Fharraige ag a 20:00. Costas €15 atá ar na ticéid agus tá siad ar fáil anseo.
Éigse na Brídeoige in Uíbh Ráthach
Beidh Éigse na Brídeoige ar bun in Uíbh Ráthach, Co. Chiarraí ón Aoine an 30 Eanáir go dtí an Domhnach an 1 Feabhra, Lá Fhéile Bhríde. Cuirfear imeachtaí filíochta, ceoil, amhránaíochta, seoltaí leabhair agus neart imeachtaí eile ar bun i rith na féile agus beidh Uachtarán na hÉireann, Catherine Connolly ag tabhairt cuairt ar an éigse. I measc na scríbhneoirí, filí agus ceoltóirí a bheidh ag glacadh páirt in éigse na bliana seo, beidh Paddy Bushe, Filí Chorca Dhuibhne, Ceoltóirí Uibh Ráthaigh, Máire Breatnach, Steve Cooney, Tim Dennehy, Ciara Ní É agus go leor eile.
Tuilleadh eolais le fáil anseo.
Deireadh Seachtaine na Scríbhneoirí i nDúlainn
Beidh deireadh seachtaine na scríbhneoirí ar bun i nDúlainn ón Aoine an 16 Eanáir go dtí an Domhnach an 18 Eanáir agus clár mór imeachtaí leagtha amach i gcaitheamh an deireadh seachtaine. Cuirfear tús leis na himeachtaí ar an Aoine an 16 Eanáir, le ceardlanna scríbhneoireachta le Sarah Moore Fitzgerald agus Lucy O’Callaghan a bheidh dírithe ar scríbhneoireacht úrscéil. Beidh léamh le Elaine Feeney an tráthnóna sin ag 8pm. Is í Feeney a ghnóthaigh gradam Scríbhneoir na Bliana ag Gradam Leabhar An Post an bhliain seo caite.
Cuirfear clár ceardlann ar bun i rith an lae Dé Sathairn le scríbhneoirí éagsúla, Belinda McKeon agus Alice Kinsella ina measc, agus beidh comhrá poiblí le Roddy Doyle sa tráthnóna. Leanfar leis na himeachtaí ar an Domhnach, tráth a mbeidh ceardlanna scríbhneoireachta filíochta agus drámaíochta i measc imeachtaí eile agus taispeánfar an scannán The Swallow le Tadgh O’Sullivan.
Tá tuilleadh eolais agus ticéid anseo.
Fág freagra ar 'Scoil Gheimhridh Joe Steve, Éigse na Brídeoige, Cúrsa Garraíodóireachta leis an nGarraí Glas'