Gaelghiolcaire na Seachtaine
@cartairubai (Cártaí Rúbaí)
Cé hé féin?
Is comhlacht déanta cártaí é Cártaí Rúbaí a dhearann cártaí gleoite Gaeilge d’ócáidí móra. Tá cáil nach beag tuillte acu le blianta beaga nua as an dearadh deas a ghabhann lena gcártaí agus an réimse leathan cártaí atá acu le haghaidh chuile chineál ócáide.
Céard faoi a mbíonn sé ag giolcaireacht?
Seo cuntas gnó an chomhlachta agus, mar sin, bíonn bolscaireacht go leor dóibh air. Is maith an rud é sin, áfach, mar is minic a chrochtar cóid don suíomh a thabharfaidh lascaine don cheannaitheoir ciallmhar.
Giolc Facebook na Seachtaine
Bhí mír ar chlár Ryan Tubridy ar RTÉ 2fm le tamall anuas i gcomhar le An Post inar léadh amach na litreacha is fearr, idir ghrá, ghreann agus ghruaim, a tháinig isteach ó éisteoirí an chláir.
Tháinig an ceann seo ó Ger Roche, a choinnigh an litir a sheol a mac chuici 16 bliana ó shin nuair a bhí sé ar chúrsa Gaeltachta i gConamara – is léir nár thaitin an samhradh thiar chomh mór sin leis!
Ragham amú tamall eile
D’eisigh TG Lurgan amhrán ar a leathanach YouTube inniu a scríobh Daire Mac Bríde, a bhí ina scoláire sa choláiste cáiliúil samhraidh cúpla bliain ó shin agus a oibríonn anois ann corruair mar chúntóir ceoil.
Is amhrán nuascríofa dá chuid féin atá á chasadh ag Mac Bríde san fhíseán nua, dar teideal ‘Bígí leis an Rí’. Is álainn an glór atá aige ach is áille fós an ceol a bhaineann sé ón ngiotár. Ceoltóir cumasach is ea é nach dteastaíonn uaidh ach a ghiotár acústach agus a ghlór chun an píosa iontach ceoil a chur inár láthair. Faraor, níorbh fhéidir le Scéalta ón gCibearspás a theacht ar Dhaire le fiafraí de cén t-ionsparáid a bhí aige agus na focail á scríobh aige.
An chaint sa tsráidbhaile….
Ba é an scéal ba mhó léamh ar Tuairisc.ie an tseachtain ná an ceann a tháinig ó RTÉ 2fm go mbeadh Ed Sheeran ag casadh amhrán dá chuid ar albam nua a sheolfar an tseachtain seo chugainn i mBaile Átha Cliath. Níorbh é sin an scéal ba mhó tráchtanna, áfach.
Ba é scéal an Fhorais agus a gcinneadh go lorgófar €12.6m i gcomhar thogra foclóireachta thar thréimhse seacht mbliana a spreag caint na nGael ar líne an tseachtain seo.
Bhí idir mholadh agus cháineadh do chinneadh an Fhorais agus labhair roinnt daoine a bhíonn ag plé le heagrais phobail na Gaeilge amach faoi na ciorruithe atá déanta ar Scéim Pobal Gaeilge an Fhorais a fhad is atá an maoiniú mór sin á lorg do na foclóirí.
Ar cheann de na grúpaí ba mó atá curtha amach faoin scéal ar fad, tá Forbairt Feirste, a bhíonn ag eagrú imeachtaí pobail agus forbairt phobail i mBéal Feirste. Chruthaigh siad an léaráid spéisiúil seo chun a dtuairim faoin bhForas a léiriú.
“níl bhaint ag plécháipéis ar an bhfoclóireacht le Scéim Pobal Gaeilge” Beir gréim ar do chiall Ferdie @ronanbeo pic.twitter.com/uAkHzUUz0V
— Forbairt Feirste (@forbairtfeirste) December 1, 2015
Bhíothas ann a bhí den tuairim nár cheart go mbeadh an Foras ag plé le folcóireacht ar chor ar bith.
@FMJONeill @aonghusoha @MacSiacais @tuairiscnuacht tá lúb ar lár ansan. Ní cúram an Fhorais an fhoclóir. gnó ollscoileanna é. #Gaeilge
— Concubhar Ó Liatháin (@igaeilge) December 1, 2015
Ach mar sin féin, bhí daoine eile ann a mheas nach raibh an ceart ag lucht cáinte an Fhorais ar chor ar bith.
@aonghusoha @MacSiacais aontaím leat tá go leor aineolais ann chomh maith ar n bhfáth a bhfuil gá le foclóirí,conas iad a chruthú is mar sin
— Murchadh Mór (@murchadhmor) December 1, 2015
Fág freagra ar 'Scéalta ón gCibearspás'