Scéalta a bhainfeadh deoir as croí cloiche

Tugadh chun críche an tseachtain seo an chéad bhliain d’éisteachtaí de chuid an Fhiosrúcháin ar Dhrochíde Institiúideach i dTuaisceart Éireann san am atá caite, ach an bhfuil ceacht foghlamtha?

2161

Bhainfeadh cuid de na scéalta a hinsíodh i dTeach na Cúirte i nDroichead na Banna deoir as croí cloiche; chualathas faoin uile chineál cruálachta, bualadh, bataráil, uirísliú, mí-úsáid ghnéis agus fiú amháin ruaigeadh chun na hAstráile mar a raibh a thuilleadh cruatain agus drochíde i ndan do dhaoine.

Mhol cathaoirleach an Fhiosrúchain, an t-iarbhreitheamh, Sir Anthony Hart, na marthanóirí as seirbhís phoiblí den scoth mar gur thug siad fianaise don bhinse.

Ba léir don dall féin cé chomh mór is a ghoill sé ar fhormhór an ocht nduine dhéag agus ceithre scór [98] a scéalta a thabhairt chun cuimhne agus a insint.

Rinneadh é ar an iliomad cúiseanna; chun éisteacht a fháil ar deireadh thiar thall, chun ceart a bhaint amach agus le féachaint chuige nach bhféadfadh a leithéid tarlú arís.

Tá trí cinn déag d’institiúidí inar coinníodh páistí idir 1922 agus 1995 á scrúdú ag an bhFiosrúchán.

Tithe de chuid na n-údarás áitiúil ab ea trí cinn acu. Príosúin nó ionaid choinneála d’ógánaigh ab ea trí cinn eile. B’iad Barnardo’s a bhí freagrach as péire. Institiúidí de chuid na hEaglaise Caitlicí ab ea cúig cinn.

Bhain na héisteachtaí go dtí seo le trí cinn de na hionaid Chaitliceacha; péire i nDoire –Teach Naomh Iosef, Tearmann Bacach agus Áras Nazareth i Sraid an Easpaig. B’iad bráithre De La Salle a rith an tríú ceann i gCill Ghobáin, Contae an Dúin. Beidh an dá ionad Chaitliceacha eile i mBéal Feirste faoi scrúdú i mí Eanáir.

Tharraing scéalta na n-íobartach, idir fhir agus mhná, aird gach éinne ar feadh tamaill.

Is baolach go gceapann cuid acu nach bhfuil suim ag an bpobal ina scéal níos mó.

Go minic, bhí na scéalta chomh cráite sin agus na mionsonraí chomh huafásach go raibh doicheall ar léitheoirí nó éisteoirí rompu agus, dá réir, drogall ar na meáin a dhul ródhomhain sna scéalta.

Cuireadh suim thar na bearta san fhianaise ó dhaoine a ruaigeadh chun na hAstráile, faoi scéim stáit de chuid na Breataine; deartháireacha agus deirfiúracha a scaradh óna chéile agus a seoladh chun coigríche mar sclábhaithe.

Is féidir a rá go húdarasach go bhfuil éisteacht faighte ag na fínnéithe – i dteach na cúirte agus ó na seirbhísí tacaíochta a ghabhann leis an bhfiosrú. Déantar talamh slán de go bhfaighidh siad aitheantas dá gcearta nuair a dheanfaidh an Fiosrúchan breithiúnas.

Is í an cheist is achrannaí an gcinnteofar nach bhféadfadh a leithéid tarlú arís.

An bhfuil ceachtanna á bhfoghlaim? Deirtear gur bhain an t-iompar cruálach a d’fhulaing gasúir san aois seo caite leis an tseanaimsir, le heaspa oiliúna, easnamh fearais agus le daoine a bhí spíonta ag brú oibre. Maítear go rabhamar náireach sa tseanaimsir ach go bhfuilimid i bhfad níos uaisle inniu.

Ach cuimhnigh ar na pictiúir theilifíse ó Áras Attracta i mBéal Átha na Muice.

Bhí na hothair ansin chomh goilliúnach le páistí. Ar léirigh na himeachtaí ann nár foghlaimíodh ceacht ar bith ón rabharta de scéalta faoi mhí-úsáid?

Tá sé riachtanach go scrúdófaí póirsí dorcha faoi sholas míthrócaireach. Ach ní leor an méid sin as féin. Tá céimeanna eile chomh riachtanach céanna le tabhairt – iniúchadh, oiliúint, roghnú oibrithe atá in ann ag an gcúram agus cothú cultúir ina bhfuil tost faoi dhrochíde do-ghlactha go sóisialta agus go dlíthiúil.