Scéal iontach go mbeidh vacsaín againn, bímis stuama á roghnú

Tá sé tábhachtach go nglacfadh muid páirt sna scéimeanna le dáileoga vacsaíne a chur ar fáil don domhan ar fad mar atá molta ag an WHO

Scéal iontach go mbeidh vacsaín againn, bímis stuama á roghnú

Ábhar gliondair don domhan mór an scéala go mbeidh vacsaíniú ar fáil réasúnta forleathan in aghaidh Covid-19.  Deirim réasúnta toisc nach léir cén costas a bheidh ag dul leo nó an mbeidh sé ar chumas na dtíortha is boichte an costas sin a sheasamh.

Is mór an spreagadh do mheanma mhuintir na tíre seo gur féidir linn a bheith ag súil go dtiocfaidh deireadh leis na srianta gnó is caidrimh atá ann faoi láthair, cé nach n-imeoidh na srianta sin – ná an gá atá leo – chomh luath sin. Beidh siad linn go dtí go mbeidh an vacsaíniú i bhfeidhm agus roinnt mhaith den phobal faoi chosaint.

Ábhar buartha ámh go bhfuil idé-eolaíocht an rachmais ag cur isteach i gcónaí ar ionracas na dtuairiscí faoin scéal.

Amhail domhan an Bhéarla ar fad, bíonn RTÉ, mar shampla, ag caint go rialta faoi thrí vacsaín a bheith ar tí a bheith réidh: na cinn ó Pfizer/BioNTech, Moderna agus AstraZeneca.

Mar is eol do lucht sláinte, tá trí cinn eile in úsáid cheana féin: ceann Gamalayev sa Rúis, Sinovac agus CanSino sa tSín; agus trialacha orthu ar siúl san Ungáir, san India, agus i dtíortha eile.

Ach ní oireann sé do na comhlachtaí móra aon aird a tharraingt ar na cinn seo.

Bhí tagairtí – tagairtí diúltacha – ag

RTÉ don vacsaín Rúiseach i mí Lúnasa ach ní dhearnadh aon tuairiscí uirthi fiú nuair a thosaigh na Rúisigh ar chlár vacsaínithe dhá mhí ó shin.

Sea, ó mhí Lúnasa go dtí an tseachtain seo ní raibh aon scéal ag RTÉ faoin vacsaín sin.

D’ardaigh mé an pointe seo ar Tús Áite ar Raidió na Gaeltachta an tseachtain seo caite. Dúirt an láithreoir Fachtna Ó Drisceoil go raibh mé mícheart á rá san, ach ba ar an lá sin féin a bhí an chéad tagairt don vacsaín seo ó mhí Lúnasa, cúpla uair an chloig sular labhair mé ar an raidió.

Níor chuala mise ag aon duine eile ar an raidió ná ar an teilifís go bhfuil éifeachtúlacht 95% á lua leis an vacsaín seo.

Baineann an scéal seo le hairgead ar ndóigh.

D’fhógair Pfizer (a bhfuil ionad déantúsaíochta acu i gCorcaigh) agus Moderna go raibh siad meáite ar bhrabús a dhéanamh as.

Bunaithe ar na conarthaí atá sínithe ag na comhlachtaí seo beidh vacsaín Pfizer ar fáil ar €33 do dháileog dhá instealladh, beidh ceann Moderna idir €26.86 agus €31.07 an dáileog, agus €2.50 an dáileog a bheidh i gceist le ceann AstraZeneca.

Sea, €2.50 an dáileog.

Agus tá an difear sa bpraghas ann toisc go bhfuil sé fógartha ag Astrazeneca go leanfaidh siad sampla na Rúise is na Síne is go gcuirfidh siad an vacsaín ar fáil ar chostas a dhéanta go dtí go mbeidh an ceann is fearr faighte againn ar an ngalar.

Ó thaobh na moráltachta, agus ó thaobh an chostais de, is léir gurb é AstraZeneca an rogha is fearr i gcomparáid leis an dá chomhlacht Meiriceánach, cé go bhfuil amhras á scaipeadh (n’fheadar ag cén dream?) faoi dhintiúir AstraZeneca.

Ach tá muide ceangailte leis an Aontas Eorpach atá ag brath ar na comhlachtaí rachmasacha le dáileoga a fháil dúinne.

Go domhanda tá an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte (WHO) ag moladh scéim a chinnteodh go bhfaighidh tíortha bochta a sciar de na vacsaíní.

Ach faoi Donald Trump dhiúltaigh na Stáit Aontaithe páirt a ghlacadh sa scéim.  Beidh le feiceáil an mbeidh aon difear sa bpolasaí nuair a thagann Biden i gcumhacht.

Thug an tSín €2 billiún dollar don scéim sa samhradh, ach d’ionsaigh na Stáit Aontaithe iad ag rá gur cogadh taidhleoireachta a bhí ar siúl ag na Sínigh. Níl an dearcadh sin séanta ag Joe Biden go fóill.

Maidir le clár vacsaínithe a thabhairt isteach in Éirinn féin, deir an rialtas go mbeidh plean oibrithe amach acu faoi lár mhí na Nollag, ach níl sé dearbhaithe go fóill cathain a gheobhaidh muid dáileoga den vacsaín nó cén vacsaín a bheidh i gceist.

In ainneoin na n-ionsaithe ar vacsaín AstraZeneca, is léir go mbeidh sé níos éasca an ceann sin a úsáid toisc nach bhfuil sé riachtanach dáileoga a choinneáil chomh fuar leis na cinn atá ag Pfizer is Moderna (-80 c i gcás amháin).

Ach níl aon ghuth againne sa gcinneadh seo mar is é an tAontas Eorpach a roghnóidh an vacsaín ar ár son.

Tá sé tábhachtach mar sin féin nach mbeidh aon mhoill ar an scéal agus go gcinnteoidh an rialtas go dtosófar ar chlár vacsaínithe chomh luath agus is féidir.

Tá sé tábhachtach freisin go nglacfadh muid páirt sna scéimeanna le dáileoga vacsaíne  a chur ar fáil don domhan ar fad mar atá molta ag an WHO.

Fág freagra ar 'Scéal iontach go mbeidh vacsaín againn, bímis stuama á roghnú'

  • Fachtna Ó Drisceoil

    Ní hé sin an pointe a d’ardaigh Eoin Ó Murchú ar an gclár Dé Máirt seo caite. Nuair a bhí Eoin ar an gclár shíl sé nach raibh an scéal clúdaithe ag RTE ar chor ar bith.

    Is féidir éisteacht siar leis an mír anseo: https://www.rte.ie/rnag/tus-aite/programmes/2020/1124/1180255-ts-ite-d-mirt-24-samhain-2020/?clipid=103543395#103543395.

    Ach mar a tharlaíonn sé fiú an ráiteas nár tagair RTE don vaicsín Rúiseach ó mhí Lúnasa go dtí an tseachtain seo caite níl sé cruinn ach an oiread. Mar shampla thuairiscigh RTE ar an 16ú Samhain go raibh an tús curtha ag an Rúis le vaicsíniú: https://www.rte.ie/news/coronavirus/2020/1116/1178442-coronavirus-vaccine/

    B’fhéidir go síleann Eoin nár thug RTÉ go leor aird ar an scéal nó nach raibh an clúdach sásúil. Ní dhéarfainn leis go bhfuil sin fíor nó bréagach mar tá sé i dteideal a thuairim féin. Ach níl sé i dteideal a fhíricí féin.